Stair
Is coláiste oideachais don bhunmhúinteoireacht é Coláiste Mhuire faoi rialú Phobal na mBráithre Críostaí. Bhí neart ceantar ag na Bráithre Críostaí fadó ina mbíodh an oiliúint seo ar fáil d’ábhair oide, agus is ceann amháin de na ceantair sin atá i suíomh Choláiste Mhuire. Sa bhliain 1831, aistríodh lóistín Ard-Ghinearál na mBráithre Críostaí, Éire, mar aon leis an ionad d’oideachas múinteoirí, ó Chnoc Mhuire (Mainistir Thuaidh) Corcaigh, go dtí Sráid Richmond Thuaidh (Scoileanna Uí Chonaill), Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1874, aistríodh an suíomh arís go Teach Belvedere i nDroim Conrach, áit a bhfuil Teach an Uachtaráin i gColáiste Phádraig faoi láthair. Chuir an Cairdinéil Mac Cába coláiste oideachais ar bun anseo, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, mar is fearr aithne air sa lá atá inniu ann, agus thug sé Teach Belvedere do na Bráithre Críostaí ar dtús. Sa bhliain 1875, d’aistrigh na Bráithre Críostaí arís, an uair seo go Teach Marino, áit a mbíodh diméin an Tiarna Charlemont, agus tá siad ann ó shin i leith.
Tosaíodh tógáil ar Choláiste Oideachais nua ar an 10 Meitheamh, 1900 nuair a leag Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, an Dr. Breathnach, an bhunchloch. Ón tús, bhí baint ag an gColáiste le hoideachas múinteoirí na mBráithre Críostaí, agus i ndiaidh do na Bráithre Críostaí an oiliúint seo a fháil chuaigh siad i mbun oibre siar soir na cúig ilchríoch. Sa bhliain 1926, tháinig na Bráithre Críostaí isteach i gcóras na Scoileanna Náisiúnta. Ó 1971 i leith, d’fhreastail Bráithre Críostaí ó oird eile ar an gcoláiste, agus ó 1972 i leith, ghlac Coláiste Mhuire le gnáthmhic léinn agus is socrú buan é sin ó shin. Ón uair seo ar aghaidh, tá an cháilíocht a fhaightear i gColáiste Mhuire , an B. Oid., bailíochtaithe ag Coláiste na Tríonóide.