Leagáid Éamonn Rís
Rugadh Éamonn Rís, arbh bunaitheoir é do na Bráithre Críostaí agus do Bhráithre na Toirbhearta, i gCallain, Co. Chill Chainnigh sa bhliain 1762.
Tar éis dó oideachas a fháil sa bhaile ag coláiste tráchtála i gCill Chainnigh, rinne sé printíseacht faoina uncail, fear gnó i bPort Láirge.
Tar éis d’Éamonn Rís éirí ina fhear gnó cumasach, phós sé le Mary Elliot, iníon duine dá chomhghleacaithe. Tharla dhá eachtra a raibh baint eatarthu dó, áfach, agus d’athraigh na heachtraí seo a shaol. D’imigh a bhean chéile ar shlí na fírinne i ndiaidh timpiste agus fágadh é lena hiníon Mary a raibh riachtanais speisialta aici.
Bliain thábhachtach i saol Éamonn a bhí sa bhliain 1798. Chuir an t-athrú cinniúna seo a shaol ciúin rathúil as a riocht. Cé gur lean sé ar aghaidh leis an ngnó, bhí brí níos deimhne sa saol á cuardach aige.
Thug anás na mbuachaillí bochta i bPort Láirge inspioráid don fhear gnó saibhir. I 1802, agus é 40 bliain d’aois, chaith sé a ghnó suas san aer chun scoil agus ionad áiseanna a oscailt i stábla athchóirithe ar an tSráid Nua, Port Láirge. Bhunaigh sé Institiúid ansin, Institiúid a leathnaigh gan mhoill go bailte agus cathracha eile ar fud na hÉireann, agus go háiteanna thar lear sna blianta ina dhiaidh sin.
Faoi láthair tá 122 scoil i líonra na scoileanna Bráithre Críostaí in Éirinn.

Leathnú Bráithre Éamonn Rís ar fud an domhain.
Tá cáil ar ionchur radacach Éamonn Rís i stair na hÉireann mar gheall ar an dearbhphrionsabal fealsúnachta lárnach a bhí aige gur réamhriachtanas é an t-oideachas chun dínit iomlán dhaonna a bhaint amach, agus mar gheall ar an smaoineamh a bhí aige nach féidir an dearbhphrionsabal sin a bhaint amach go hiomlán gan luachanna reiligiúin a bheith mar dhlúthchuid de churaclam, de chaidreamh agus d’éiteas na scoile.
Tá clú agus cáil air ar fud na cruinne de bharr an mheasa atá ar éachtaí a shaoil, agus de bharr na ndaoine a bhain tairbhe as a charasma. Déanann go leor grúpaí paidreacha dúthracht dá chuimhne go fóill.
Tabhair cuairt ar shuíomh idirlín Idirnáisiúnta Éamonn Rís ag network.edmundrice.eu
Teaghlach Éamonn Rís