Na Sé Threoirphrionsabal

Misean Éamonn Rís Beannaithe agus na Sé Threoirphrionsabal in Institiúid Oideachais Marino

Is ionad don mhúinteoireacht, don fhoghlaim agus don taighde í Institiúid Oideachais Marino faoi iontaobhas na mBráithre Críostaí. Is iad na hiontaobhaithe ná ceathrar Bráithre Críostaí ainmnithe. Tá obair ar siúl faoi láthair chun Institiúid Oideachais Marino a chur faoi chomhiontaobhas na mBráithre Críostaí agus Ollscoil Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide.

Ba é a bhí i misean Éamonn Rís Beannaithe (1762- 1844) ná freastal ar na daoine bochta. Chreid sé gurbh é oideachas do na boicht, príomhriachtanas a ré. Chun dul i ngleic go praiticiúil leis seo, bhunaigh sé scoileanna agus bhí ról lárnach ag na scoileanna seo le muinín a chothú i measc na mbocht agus le litearthacht a thabhairt dóibh. Ní raibh an t-oideachas seo dírithe ar an meon amháin; bhí sé mar aidhm ag an oideachas fás comhchuibhiúil an duine iomlánaigh a fhorbairt- sa chreideamh, sa saol agus sa chultúr.

Agus misean Éamonn Rís mar aon lena oidhreacht fós i gcuimhne, chuir iontaobhaithe Marino sé threoirphrionsabal ar bun i 2006 le cur i bhfeidhm ag Bord Rialaithe Marino. Tathantaíonn na prionsabail seo orainn:

  • A bheith éacúiméineach agus meas a bheith againn ar dhaoine le creideamh éagsúil
  • Gné láidir d’oideachas múinteoirí a chur ar fáil
  • Tacaíocht a thabhairt do mhisean an oideachais Chaitlicigh, trí chabhrú leis an bpróiseas chun éiteas an oideachais Chaitlicigh a dhearadh agus moltaí a dhéanamh maidir leis an éiteas seo a chur i bhfeidhm
  • Cláir oideachais a bhunú chun misneach a thabhairt do dhaoine bochta agus do dhaoine faoi mhíbhuntáiste, agus iad a chumasú
  • Pobal foghlama a thógáil ina bhfuil an duine lárnach, ina bhfuil meas ag daoine ar dhifríochtaí aonair agus ina bhfuil daoine faoi mhíbhuntáiste páirteach
  • Cabhrú le tuismitheoirí a ndualgais mar theagascóirí a chomhlíonadh