Latest News

Sruth na Maoile le hAodán Mac Suibhne agus Marie Whelton

07 December 2009

Ag ócáid an-deas i gColáiste Mhuire, Institiúid Oideachais Marino, Dé Sathairn seo caite (5 Mí na Nollag),  sheol Uachtarán an Choláiste, An Dr Áine Ní Ghadhra, Sruth na Maoile le hAodán Mac Suibhne agus Marie Whelton.  Scríobhadh an leabhar seo chun cabhrú le bunmhúinteoirí a fhaigheann a gcuid oiliúna thar lear, an Cháilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach.  Go dtí seo, ní raibh ach bealach amháin ann chun é sin a dhéanamh, i.e. tabhairt faoin Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge nó an “S.C.G.” mar is fearr aithne air. Tá bealach eile ann anois, i.e. Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (O.C.G.). 

 

Ní fios do gach duine go dtéann os cionn sé chéad mac léinn thar lear gach bliain – go dtí an Bhreatain Bheag, go Sasana agus go hAlbain -  chun a gcuid oiliúna mar bhunmhúinteoirí a fháil.  Le teacht Sruth na Maoile, beidh ábhar tacaíochta ag na múinteoirí sin agus iad ag dul trí thréimhse oiriúnaithe agus measúnú le déanamh orthu ag an deireadh.

 

Agus Sruth na Maoile á sheoladh ag An Dr Áine Ní Ghadhra dúirt sí, ‘Tugaim faoi deara go bhfuil béim bhreise á cur ar mhúineadh na Gaeilge sa seomra ranga agus ar chumas múinteoirí comhrá i nGaeilge a dhéanamh le daoine eile i dtimpeallacht na scoile.’

 

I láthair ag an seoladh, bhí Éamonn Murtagh, ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Máire Ní Chuinneagáin, Uachtarán, Cumann Múinteoirí Éireann, Stiúrthóirí Ionaid Oideachais, Stiúrthóirí Coláistí Gaeltachta, chomh maith le foireann Institiúid Oideachais Marino. 

 

Leabhar fíorálainn is ea é Sruth na Maoile.  Emer O’ Boyle a rinne an pictiúr clúdaigh agus tá an leabhar tiomnaithe d’Eoghan Ó Súilleabháin, cigire ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, a d’éag anuraidh agus a chaith na blianta ag obair ar an S.C.G..

< Back