Gaeilge

Rannóg na Gaeilge

Is Coláiste an-Ghaelach é Coláiste Mhuire ach ní mhúintear gach ábhar i gColáiste Mhuire trí mheán na Gaeilge. Cloistear an Ghaeilge á labhairt go neamhfhoirimiúil timpeall an Choláiste ag mic léinn, léachtóirí agus lucht riaracháin. Baineann sé seo le cultúr agus le héiteas an Choláiste agus le stair agus clú Marino an Ghaeilge agus na gnéithe éagsúla den chultúr Gaelach a chur chun cinn.
  

Aidhm

Mic léinn B. Oid. agus Iarchéimithe a chumasú le bheith ina mbunmhúinteoirí éifeachtacha Gaeilge ar na bealaí seo a leanas:

  • cúram a dhéanamh dá gcumas labhartha agus dá  gcruinneas
  • scileanna éifeachtacha múinteoireachta a fhorbairt iontu
  •  dearcadh dearfach a chothú iontu i leith na Gaeilge trí dheiseanna a thabhairt dóibh gnéithe de nua-litríocht na Gaeilge a bhlaiseadh.

 

Gaeilge

 

 

Labhairt na Gaeilge

  • Tugtar le tuiscint do na mic léinn gur teanga í an Ghaeilge. 
  •  Spreagtar iad agus tugtar gach deis dóibh Gaeilge a úsáid timpeall an Choláiste. 
  • Go foirimiúil, i ranganna teagaisc Ghaeilge, déantar na mic léinn a rangú de réir cumais i ngrúpaí beaga chun deiseanna a thabhairt dóibh a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a chleachtadh.

 

 

Gramadach na Gaeilge

  • Déantar cúram de chruinneas gramadaí na mac léinn ionas go mbeidh siad in ann Gaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn ar scoil.
  •   Múintear an ghramadach i gcomhthéacs agus déantar cumas na mac léinn a fhorbairt go córasach ó bhliain go bliain trí shiollabais ghramadaí chéimnithe a leanúint. 

 

 

Litríocht na Gaeilge

  • I ngach bliain, tugtar deiseanna do na mic léinn gnéithe de phrós agus de nua-fhilíocht na Gaeilge a léamh chun tuiscint a thabhairt do na mic léinn ar áilleacht, ar shaíocht agus ar  shaibhreas litríocht na Gaeilge.

 

Múineadh na Gaeilge

  •  Leis an mbéim ar an bpraiticiúlacht, insítear agus taispeántar do na mic léinn bealaí chun an Ghaeilge a mhúineadh sna ranganna éagsúla.
  • Cothaítear eolas na mac léinn ar Churaclam na Gaeilge agus tugtar treoirlínte dóibh a chabhróidh leo dul i mbun pleanála agus iad ar chleachtadh múinteoireachta, agus níos deireanaí nuair a bheidh siad ina múinteoirí.
  •   Taispeántar do na mic léinn na háiseanna do mhúineadh na Gaeilge atá ar fáil agus mínítear bealaí inar féidir úsáid éifeachtach a bhaint astu.
  •  Tuigtear go mbeidh daoine  ag múineadh Gaeilge i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga agus go mbeidh daoine eile ann a bheidh ag múineadh Gaeilge i scoileanna lánGhaeilge agus i scoileanna Gaeltachta. 

 

Scoláireachtaí chun Cleachtadh Múinteoireachta a dhéanamh sa Ghaeltacht

  • Eagraítear scéim scoláireachta chun deis a thabhairt do mhic léinn ón nGalltacht cleachtadh múinteoireachta trí mheán na Gaeilge a dhéanamh sa Ghaeltacht.
  •  Cuirtear líon teoranta scoláireachtaí ar fáil gach bliain.
  •  Lonnaítear na mic léinn a n-éiríonn leo scoláireachtaí a fháil i scoileanna Gaeltachta, agus íoctar as a lóistín agus a dtaisteal.

Cúrsa Roghnach: Ag Múineadh Trí Mheán na Gaeilge

  • Chun tacú le mic léinn a bhfuil spéis acu múineadh trí mheán na Gaeilge, cuirtear Cúrsa Roghnach speisialta ar fáil a thugann tuiscint do na mic léinn ar chultúr scoileanna lánGhaeilge agus ar a bhfuil i gceist ábhair uile an Churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.
  • Tugtar spléachadh do na mic léinn ar na háiseanna atá ar fáil, eagraítear cuairteanna chuig scoil Ghaeltachta agus chuig scoil lán-Ghaeilge agus, i suíomh gan bhrú, agus iad ag obair i ngrúpaí, tugtar deiseanna do na mic léinn ábhair éagsúla a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. 

Tacaíocht

  • Chun tacaíocht a thabhairt do mhic léinn a bheidh ag múineadh trí mheán na Gaeilge, déanann léachtóirí sna hábhair churaclaim  éagsúla  iarracht freastal ar riachtanais na mac léinn sin.
  • Eagraítear ceardlann speisialta dóibh roimh chleachtadh múinteoireachta agus cuirtear cúnamh aistriúcháin ar fáil.

 


Seomra na Gaeilge

  • Tugtar an chuid is mó de na léachtaí sa Ghaeilge agus i Múineadh na Gaeilge i Seomra na Gaeilge.
  • Is é Seomra na Gaeilge an lárionad áiseanna Gaeilge agus cuirtear ar taispeáint sa seomra na háiseanna is déanaí atá ar fáil do scoileanna. Bíonn a lán de na háiseanna céanna le fáil ar iasacht ó Leabharlann an Choláiste.

An Ghaeltacht

  • Tá sé mar chuid riachtanach den chúrsa B. Oid.  agus de chúrsa na nIarchéimithe, go ndéantar freastal ar chúrsa Gaeltachta le linn an chúrsa.
  • Bíonn rogha ag na mic léinn dhá chúrsa choicíse a dhéanamh nó cúrsa amháin trí seachtaine. 
  • Roghnaíonn an chuid is mó de na mic léinn B. Oid.  cúrsa coicíse a dhéanamh um Cháisc sa Chéad Bhliain agus cúrsa coicíse eile um Cháisc sa Dara Bliain.
  • Roghnaíonn an chuid is mó de na hIarchéimithe cúrsa trí seachtaine a dhéanamh i rith an tsamhraidh. 

An Cumann Gaelach

  • Tá Cumann Gaelach ag na mic léinn.
  •   Eagraítear seachtain na Gaeilge, Céilí, Oícheanta Ceoil agus Cultúir agus Boird Ghaeilge sa bhialann.