Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

Grúpa nua eile de mhic léinn ag tosú Meán Fómhair 2026 

Eolas Ginearálta

Cóid CAO

CM003

CM004 (iarratasóirí Gaeltachta amháin)

Pointí Iontrála CAO 2025

CM003: 502 (40 pointe ó na scrúduithe réamhriachtanacha TEG Léibhéil B1 san áireamh anseo) 507 sa bhliain 2024

CM004: 496 (40 pointe ó na scrúduithe réamhriachtanacha TEG Léibhéil B1 san áireamh anseo) *do dhaltaí Gaeltachta. 471 sa bhliain 2024

Leibhéal NFQ

Leibhéal 8

Foras Cáiliúcháin

Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath

ECTS

240 ECTS

Fad an Chúrsa

4 bliana lánaimseartha

Modh Seachadta

Ar an gcampas

Riachtanas Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Siochána

Eolas faoi Shocrúchán ar an gClár

3 seachtaine i mbliain 1, seimeastar 2 i scoil lán-Ghaeilge

3 seachtaine i mbliain 2, seimeastar 2 i scoil lán-Ghaeilge

3 seachtaine i mbliain 3, seimeastar 2 i scoil lán-Ghaeilge

10 seachtaine i mbliain 4, seimeastar 2 i scoil Ghaeltachta

Creidiúnú Gairmiúil

An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bealach 1: Múinteoir Bunscoile

Céad Dáta Tosaithe Eile

Meán Fómhair 2026

Incháilithe do Thionscnamh na dTáillí Saor in Aisce

 

  • Sparánacht €1000 ar fáil do gach mac léinn a chláraíonn ar an gcéim
  • Lóistín ar an gcampas ar fáil sa Bhloc Gaeilge.
  • Is féidir le mic léinn Ghaeltachta* cuir isteach ar lascaine don lóistín ar an gcampas faoi Scéim Chóiríochta na Mac Léinn.
  • Socrúcháin Scoile i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
  • Deiseanna Fostaíochta i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

 

*Caithfidh mic léinn Ghaeltachta cónaí a bheith orthu i limistéar ainmnithe Gaeltachta oifigiúil le bheith i dteideal cur isteach ar an Scéim Lóistín mar mhac léinn Gaeltachta. Níl aon ghealltanas tugtha go bhfaighidh gach mac léinn a dhéanfaidh iarratas ar Scéim Lóistín IOM lascaine – níl ar fáil ach líon teoranta spásanna ar an Scéim.

  • H3 sa Ghaeilge
  • *Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) nó níos airde riachtanach.
  • Scrúduithe TEG B1 ar an Aoine, an 15 Bealtaine & ar an Satharn, an 16 Bealtaine 2026 - www.teg.ie
  • Foirm iarratais chun clárú do na Scrúduithe TEG B1 ar fáil go dtí meánlae ar an 16 Aibreán 2026.
  • Seo an iarracht dheireanach d'iarratasóirí atá ag cur isteach ar an B.Oid ag tosú i Meán Fómhair 2026.

Beidh ar mhic léinn a thugann faoi na scrúduithe TEG i mí Feabhra 2026 nó mic léinn a bhfuil na scrúduithe sin déanta acu le dhá bhliain anuas roimh thús na céime in 2026, .i. in 2024 nó in 2025, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Aoine, 24 Aibreán, 2026.

Beidh ar mhic léinn a thugann faoi na scrúduithe TEG i mí na Bealtaine, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an gCéadaoin, an 1 Iúil, 2026. Is féidir an ríomhphost a fhaigheann mic léinn ó TEG lena gcuid torthaí, a sheoladh ar aghaidh chuig: [email protected].

Nuair a sheolann mic léinn a gcuid torthaí chuig [email protected],iarrtar orthu a bheith cinnte go luann siad:

  • A n-uimhir CAO
  • A n-ainm mar atá sé ar an iarratas CAO
  • Cód an chúrsa don tairiscint gur mian leo (m.sh. CM003/CM004)

Ar mhaith leat labhairt le duine éigin faoin gcéim? Seol ríomhphost chuig [email protected]

An bhfuil spéis agat sa chéim? Déan scanadh ar an gcód QR chun clárú don liosta spéise!

 

Forléargas ar an gClár

Má tá spéis agat sa Ghaeilge agus ina bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge, is í seo an chéim duit!

Cinnteoidh timpeallacht nuálach teagaisc agus foghlama IOM, agus ár dtiomantas don Ghaeilge go mbeidh paisean agat don mhúinteoireacht, agus don Ghaeilge agus dá cultúr. 

Is céim ar leith é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) a oireann go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Tá géarghá le múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna Lán-Ghaeilge agus tá cáilíocht mhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge ag teastáil ó mhic léinn atá ag iarraidh múineadh sna scoileanna sin. Sa chéim cheithre bliana seo gheobhaidh tú amach faoin tumoideachas, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn na páistí teanga, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn siad conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh. Foghlaimeoidh tú conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, faoin tábhacht a bhaineann leis an gcultúr Gaelach mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?

Mar chuid den fhochéim déanfaidh tú staidéar ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn páistí, ar na tosca a imríonn tionchar ar a gcuid foghlama agus ar an bhfás agus an fhorbairt a tháinig ar át dtuiscint thar am. Beidh staidéar á dhéanamh agat ar an tumoideachas, ar an Oideachas Luath-Óige, ar an mbealach ina bhfoghlaimíonn páistí, ar an tSíceolaíocht agus ar an tSochtheangeolaíocht. Cuir le d’eolas ar an nGaeilge agus ar na hábhair churaclaim éagsúla, foghlaim faoi na modhanna chun na hábhair sin a mhúineadh agus faoi na buntáistí a bhaineann le hiad a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint amach le tú a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí agus/nó teastas sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Bliain 1 - Seimeastar 1

  • Teanga, Litearthacht & Litríocht 1 (Béarla/Gaeilge) (5 ECTS)
  • Teagasc & Foghlaim 1 (Garchleachtas) (5 ECTS)
  • An tSíceolaíocht san Oideachas (5 ECTS)
  • Tuiscint Stairiúil ar an Oideachas (5 ECTS)
  • OSIE/Oideachas na Matamaitice (5 ECTS)
  • Léann an Chomhionannais (5 ECTS)
  • Staidéir Ghairmiúle (SS) - modúl bliana

Bliain 1 - Seimeastar 2

  • Socrúchán Scoile (Staidéir Ghairmiúla san áireamh) (5 ECTS)
  • Múineadh an Bhéarla/Múineadh na Gaeilge (5 ECTS)
  • Corpoideachas/OSPS (5 ECTS)
  • Na hAmharcealaíona & na hEalaíona (Drámaíocht/Ceol) (5 ECTS)
  • Oideachas Reiligiúnach (5 ECTS)

Bliain 2 - Seimeastar 1

  • Ionchuimsitheacht & Riachtanais Oideachas Speisialta 1 (5 ECTS)
  • Corpoideachas/OSPS (5 ECTS)
  • Curaclam & Measúnú/Síceolaíocht (5 ECTS)
  • Léann Teanga/Ag Múineadh trí Ghaeilge 2 (5 ECTS)
  • Drámaíocht & na hEalaíona (Ceol/Amharcealaíona) (5 ECTS)
  • Teanga, Litearthacht & Litríocht 2 (Béarla/Gaeilge) (5 ECTS)
  • Staidéir Ghairmiúla (SS) - modúl bliana
  • Teastas Reiligiún - cúrsa roghnach 2 bhliain, 0 ECTS

Bliain 2 - Seimeastar 2

  • Socrúchán Scoile (Staidéir Ghairmiúla san áireamh) (10 ECTS)
  • Múineadh an Bhéarla agus Múineadh na Gaeilge (5 ECTS)
  • Ionchuimsitheacht & Riachtanais Oideachas Speisialta 2 (5 ECTS)
  • OSIE/Oideachas na Matamaitice 2 (5 ECTS)
  • Teicneolaiochtaí Crutaitheachta & Foghlaim ar Bhonn Fiosraithe (5 ECTS)

Bliain 3 - Seimeastar 1

  • Oideachas Literathachta (Béarla) (5 ECTS)
  • Ceol & na hEalaíona (Drámaíocht/Amharcealaíona) (5 ECTS)
  • Oideachas Luathóige (5 ECTS)
  • Cumas Cumarsáide sa Bhéarla/sa Ghaeilge (5 ECTS)
  • Matamaitic (5 ECTS)
  • Teagasc & Foghlaim 2/Bainisteoireacht Iompair (5 ECTS)
  • Staidéir Ghairmiúla (SS) - modúl bliana
  • Teastas Reiligiún - cúrsa roghnach 2 bhliain, 0 ECTS

Bliain 3 - Seimeastar 2

  • Socrúchán Scoile (Staidéir Ghairmiúla san áireamh) (10 ECTS)
  • Múineadh na Matamaitice/OSIE (5 ECTS)
  • Múineadh an Bhéarla/Múineadh na Gaeilge (5 ECTS)
  • Socheolaíocht (5 ECTS)
  • Modhanna Taighde (5 ECTS)

Bliain 4 - Seimeastar 1

  • Modhanna Taighde/Tráchtas (10 ECTS)
  • An Múinteoir mar Ghairmi Eolach (Matamaitic) (5 ECTS)
  • Tuiscintí Fealsúnacha & Stairiúla 2 (5 ECTS)
  • OSIE - Fiosrúchán san Oideachas Eolaíochta (5 ECTS)
  • Cúrsa Roghnach (5 ECTS)
  • Teastas Ilchreidmheach - cúrsa roghnach, 0 ECTS

Bliain 4 - Seimeastar 2

  • Ardsocrúchán Scoile (25 ECTS)
  • Modhanna Taighde/Tráchtas (5 ECTS)

Cúrsaí Roghnacha - Bliain 4 (5 ECTS)

Tabhair faoi deara nach mbeidh gach modúl roghnach ar fáil in aon bhliain amháin

  • Na hEalaíona Traidisiúnta agus Litearthacht Chultúrtha
  • Corpoideachas - Ionchuimsitheacht, Comhtháthú agus Nuálaíocht
  • Ag Tacú le Foghlaimeoirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu i ngach suíomh scoile

 

Socruchán Scoile

Is trí mheán na Gaeilge amháin a dhéanfaidh tú na Socrúcháin Scoile ar fad i rith na gceithre bliana den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht). Gheobhaidh tú deiseanna réimse leathan de thaithí a fháil san earnáil oideachais lán-Ghaeilge, scoileanna Gaeltachta san áireamh. Beidh tú lonnaithe i scoil Ghaeltachta don Ardsocrúchán Scoile. Beidh deiseanna agat Socrúcháin a dhéanamh i scoileanna tuaithe agus i scoileanna uirbeacha, i scoileanna aon ghnéis agus i scoileanna comhoideachais, i scoileanna DEIS, i scoileanna ina bhfuil suíomhanna aon ghrád agus i scoileanna ina bhfuil suíomhanna ilghrád. Don Oideachas Speisialta déanfaidh tú Socrúchán Scoile i suíomh lán-Ghaeilge sa dara bliain.

Gaeltacht

Mar chuid den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) beidh ar gach mac léinn Tréimhsí Foghlama coicíse a dhéanamh sa Ghaeltacht um Cháisc sa Chéad Bhliain agus sa Dara Bliain. Cuirfear deontas ar fáil duit chun costas an chúrsa Gaeltachta a chlúdach chomh maith leis an lóistín agus bia agus aon imeachtaí cultúrtha a eagraítear. Sa Cheathrú Bliain don Ardsocrúchán Scoile (deich seachtaine), beidh mic léinn ag cur fúthu sa Ghaeltacht agus ag obair i scoileanna Gaeltachta. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas taistil agus cothaithe a bhaineann leis sin. 

Déan íoslódáil ar Na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht anseo

Déan íoslódáil ar Ábhar Tacaíochta 1 agus Ábhar Tacaíochta 2 do na Tréimhsí sa Ghaeltacht anseo.

hurler2

Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Oireann an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach beidh céimithe i dteideal freisin post a lorg i scoileanna lán-Bhéarla. D’fhéadfadh céimithe obair sna meáin trí mheán na Gaeilge chomh maith.

“Bhí spéis agam i gcónaí sa Ghaeilge agus mar mhúinteoir ba mhaith liom múineadh trí mheán na Gaeilge. Is aoibhinn liom go bhfuil an cúrsa ar fad trí Ghaeilge. Tá sé go hiontach go mbeidh Socrúchán Scoile deich seachtaine á dhéanamh agam sa Ghaeltacht sa Cheathrú Bliain agus go mbeidh an Institiúid ag íoc as.”

Céard iad na roghanna eile staidéir atá ar fáil dom tar éis an chláir seo?

Tar éis tamaill, tugann roinnt céimithe faoi staidear breise ag leibhéal dioplóma, máistreachta nó dochtúireachta. Leis an gcáilíocht bhreise seo, tá féidearthachtaí garimiúla eile ann a bheith i do cheannaire curaclaim i scoil, i do phríomhoide, i d’oideachasóir múinteoirí, i do shíceolaí oideachais nó i do chigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

 

Íosriachtanais Iontrála:

Riachtanais Ardteistiméireachta

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta

6

Íosmhéid ábhair ardleibhéil

3 (H5 ar a laghad)

Íosriachtanais in ábhair eile

H7/O6 i dtrí ábhar eile.

Íosghráid sa Mhatamaitic

H7/O4

Íosghráid sa Bhéarla

H7/O4

Íosghráid sa Ghaeilge

H3 (agus TEG*: B1)

*TEG(Teastas Eorpach na Gaeilge) Leibhéal B1 (Pas 50%) le bheith ag gach mac léinn. Beidh na scrúduithe seo ar siúl ar an Aoine an 15 Bealtaine & ar an Satharn an 16 Bealtaine 2026. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino an táille TEG ar ais do scoláirí rathúla sna scrúduithe TEG a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Tá iarratais ar scrúdú iomlán TEG B1 oscailte anois agus is féidir cuir isteach ar an scrúdú B1 ar shuíomh TEG

 

Iarratasóirí Lánfhásta

Caithfidh iarratasóirí lánfhásta iarratas a bheith istigh acu tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 5.15 i.n. ar 1 Feabhra. Caithfidh mac léinn lánfhásta a bheith 23 bliain d’aois nó os a chionn ar 1 Eanáir na bliana ina bhfuil an mac léinn ag iarraidh an cúrsa a thosú. Tabharfar cuireadh d'iarratasóirí a shásaíonn na riachtanais freastal ar agallamh agus ar Scrúdú Cainte sa Ghaeilge. Má tá aon cheisteanna agat faoi iontráil do mhic léinn lánfhásta, cuir ríomhphost chuig [email protected]

 

Uasiontráil

Ní cheadaítear uasiontráil ar an B.Oid nó ar an B.Oid trí Mheán na Gaeilge d'aon mhac léinn ach amháin i gcás mic léinn atá ag déanamh bunchéim bunmhúinteoireachta in Institiúid Ardoideachais eile in Éirinn atá ag iarraidh aistriú on Institiúid Ardoideachais sin go IOM chun an chéim a chríochnú. Beidh ar iarratasóírí den chineál seo na híosriachtanais a bhaineann le haistriú institiúide a chomhlíonadh mar atá leagtha síos i bpointe 7.1.11 den Pholasaí Iontrálacha, Rochtana agus Aistrithe. Ní cheadófar uasiontráil go haon bhliain seachas an chéad bhliain ar an gcéim bhunmhúinteoireachta do mhic léinn atá aon bhunchéim eile ar bun acu.

 

Taithí na Mac Léinn