We use cookies on this website. By using this site, you agree that we may store and access cookies on your device.

Marie Whelton, PhD

Mwhelton

Contact

Telephone
(01) 8535158
Location
M215

Rannóg (Section)

Rannóg na Gaeilge

Cáilíochtaí (Qualifications)

Ph.D. Litríocht na Gaeilge (Ollscoil Na hÉireann, Maigh Nuad)

M.A. Litríocht na Gaeilge (taighde) (Ollscoil Na hÉireann, Maigh Nuad)

A.T.O. (Ollscoil Na hÉireann, Maigh Nuad)

B.A.Th.  Nua-Ghaeilge agus Diagacht (Coláiste Phádraig, Maigh Nuad)

Múineadh (Teaching)

Gaeilge (An Ghaeilge Scríofa; An Ghaeilge Labhartha; An Fhilíocht Chomhaimseartha; An Prós Comhaimseartha; Litríocht do Pháistí).

Cumarsáid sa Ghaeilge don Scoil agus don Phobal

Oideachas Trí Mheán na Gaeilge

Speisialtóireacht Taighde (Litríocht na Gaeilge)

Spéiseanna Taighde (Research Interests)

Aeistéitic litríocht na Gaeilge

An eitic i litríocht na Gaeilge

Téama an oideachais i litríocht na Gaeilge

Litríocht do pháistí agus An Bíobla do pháistí

An liotúirge i nGaeilge 

Áiseanna teagaisc i nGaeilge d'fhoghlaimeoirí fásta agus d’Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta

Teagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge

Foilseacháin (Publications)

Leabhair (Books):
2017 Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta.  Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR, 2017.

2013 & 2015  Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta. Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR, 2013, An Dara hEagrán agus Closleabhar, 2015.

2009 Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Comhúdar le hAodán Mac Suibhne, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2009.

2008 Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge. An Daingean: An Sagart, 2008. Léirmheasta in: Books Ireland uim 306, Deireadh Fómhair 2008, 234-240; Studia Hibernica 35, 2008-2009, 255-258. 

2008 Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile. Comhúdar le hAodán Mac Suibhne, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2008.

2006 Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Comhúdar le hAodán Mac Suibhne, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2006.

2005 Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta Sa Ghaeilge.  Foilseachán inmheánach teoranta.  Comhúdar le hAodán Mac Suibhne, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2005.

Eagarthóireacht (Editorial Work):

2016  Gairm na bPiarsach: Comóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916 (Imeachtaí Fhóram Rannóg na Gaeilge). Comheagarthóir le hAodán Mac Suibhne.  Leabhrán Cuimhneacháin.  Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2016.

2012- 2017 Cathaoirleach ar choiste comhairleach maidir le haistriúchán Ord Rómhánach an Phósta agus Ord Rómhánach an Chóineartaithe. Le foilsiú.


2008-2017 Ball de choiste comhairleach maidir le haistriúchán An Leabhar Aifrinn Rómhánach. Veritas: Baile Átha Cliath, 2017.


2008-2011 Ball de choiste comhairleach maidir le haistriúchán Ord an Aifrinn. Veritas: Baile Átha Cliath, 2011.


Ailt i bhFoilseacháin Phiarmheasúnaithe (Articles in Peer-Reviewed Publications):

2017 'Cuardaigh, Ceistigh, Léigh: Sracshúil ar rogha dánta ó thraidisiún fileata na Gaeilge ar théamaí teagaisc agus foghlama.'  Irish Teachers' Journal 5, Nollaig 2017, 90-101. Ar fáil ag:

https://www.into.ie/ROI/Publications/IrishTeachersJournal/

2016  ‘An Ginmhilleadh agus Foirm an Réalachais i nGearrscéal le Seán Mac Mathúna.’ Bliainiris 11, Indreabhán: Leabhar Breac, 2016, 60-77. Ar fáil ag:

http://www.leabharbreac.com/en/products.html/bliainiris-11


2015 'The light of the universe: poems of friendship and consolation by Giolla Bríghde Ó hEódhasa (Ó Corráin).' Léirmheas.  Studia Hibernica 41, 2015, 213-215. Ar fáil ag:

http://online.liverpooluniversitypress.co.uk/author/Whelton%2C+Marie


2015 'Oide agus File: Gnéithe den teagasc agus den fhoghlaim i sampláil ionadaíoch de nuafhilíocht le múinteoirí scoile, 1930-2010.' Irish Teachers' Journal, iml. 3, uim. 1, 2015, 21-35. Ar fáil ag: 

http://www.into.ie/ROI/Publications/IrishTeachersJournal/Downloads/IrishTeachersJournal2015.pdf


2014 'The Pearl of the Kingdom: A study of A fhir léghtha an leabhráin bhig by Giolla Brighde Ó hEódhasa (Ó Corráin).'  Léirmheas. Studia Hibernica 40, 2014, 220-222.  Ar fáil ag:

http://online.liverpooluniversitypress.co.uk/author/Whelton%2C+Marie


2014 ‘Dea-Scéala nó Scéal Deas? Cás-Staidéar ar an Dílseacht do na “Bunscéalta” i Leagan Gaeilge den Bhíobla do Pháistí.’ In Thar an Tairseach: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg, Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR, 2014, 35-53.  Léirmheasta in: 

http://www.comhartaighde.com/eagrain/1/coilfeir/


2014 ‘Áille na hÍobartha: Léirmheas ar Áille na hÁille (de Paor).’ Comhar, Bealtaine, 2014, 27-28.


2012 ‘Irish Bardic Poetry and Rhetorical Reality (O Riordan).’ Léirmheas. Studia Hibernica 38, 2012, 256-259. Ar fáil ag:

http://online.liverpooluniversitypress.co.uk/author/Whelton%2C+Marie


2011 ‘Nature as Listener and Consoler in Post-Classical Irish Poetry.’ Studia Hibernica 37, 2011, 121-132. Ar fáil ag: 

http://online.liverpooluniversitypress.co.uk/author/Whelton%2C+Marie


2008 ‘An Apastróf agus Filíocht na Scol.’ Bliainiris 8, 2008, 42- 58. Foilsíodh leagan luath sa bhliain 2003: ‘Teoiric na hApastróife agus Filíocht na mBard.’ In NUI Maynooth Research Record, 2003, 211-217. Ar fáil ag:

http://www.leabharbreac.com/en/products.html/bliainiris-8


1999 ‘Ó Bruadair agus Tábhacht na Peirspictíochta sa Léirmheastóireacht.’ In Ó Cearúil, M., (eag.), An Aimsir Óg, Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1999, 221-234.


Ailt Eile (Other Articles):

2017 'An Leabhar Aifrinn Rómhánach: Cúlra agus Comhthéacs an Aistriúcháin Nua.'  Intercom, Nollaig 2017/Eanáir 2018, 7.

2017 'Cailleach Dhrogallach: Léirmheas ar Clíona Cailleach (Wynn).'  InTouch, Samhain, 2017, 59.  Ar fáil ag:
https://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2017/November2017/InTouchNovember_Archive.pdf

2017 'An Cháilíocht sa Ghaeilge agus an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.' Comhúdar le hAodán Mac Suibhne agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Deireadh Fómhair, 2017, 38-39.  Ar fáil ag:

http://www.into.ie/NI/Publications/InTouch/

2017 'Idir Solas agus Dorchadas sula dTiteann an Oíche: Léirmheas ar Sciorrann an tAm (Ní Choileáin).'  Feasta, Deireadh Fómhair, 2017, 8-10.  Ar fáil ó: http://www.feasta.ie/

2017 'Ag Tabhairt Faoin gCáilíocht sa Ghaeilge.' Comhúdar le hAodán Mac Suibhne agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Meán Fómhair, 2017, 42-43. Ar fáil ag:

http://www.into.ie/NI/Publications/InTouch/


2017 'Lámhleabhar Gaeilge don Ábhar Iriseora: Léirmheas ar Cinnlínte: Saol an Iriseora (de Bréadún).'  Feasta, Lúnasa, 2017, 8-9.  Ar fáil ó:  http://www.feasta.ie/  


2017 'Fealsamh Fiosrach: Léirmheas ar Cogito (Nic Sheáin & Whitson).' InTouch, Mí an Mheithimh, 2017, 59.  Ar fáil ag:

http://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2017/June2017/InTouch_June2017.pdf

2016 '"Fornocht do Chonac Thú" agus Áilleacht na Gairme.'  In Gairm na bPiarsach: Comóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916 (Imeachtaí Fhóram Rannóg na Gaeilge), Aodán Mac Suibhne & Marie Whelton (eag.). Leabhrán Cuimhneacháin.  Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2016.


2015 ‘Pietà.’ Duais-Dán. Comhar, iml. 75, uim. 3, Márta, 2015, 7. Ar fáil, freisin, ag: 

https://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2014/December2014/InTouch_Dec2014new.pdf


2015 'Ag Múineadh san Afraic: Gnéithe den Idirchultúrachas i nDánta Gaeilge le Liam Ó Háinle.' Africa, iml. 80, uim. 2, Márta 2015, 22-23.


2015 'Coimriú: Ó Chrann go Crann le Caitríona Hastings, An tSnáthaid Mhór, 2011.'  Roghnaithe ag scoláirí CNLP (Cnuasach Náisiúnta Leabhar do Pháistí) agus foilsithe ag Bunachar Sonraí CNLP ag: 

https://nccb.tcd.ie/exhibit/k643b130g


2015 'Coimriú: Tubaiste ar an Titanic le Máire Zepf, Cló Mhaigh Eo, 2012.' Roghnaithe ag scoláirí CNLP (Cnuasach Náisiúnta Leabhar do Pháistí) agus foilsithe ag Bunachar Sonraí CNLP ag: 

https://nccb.tcd.ie/exhibit/bg257f178


2015 'An Doras Ar Oscailt: Cuireadh speisialta iubhaile chuig iomláine na beatha.' An Timire, uim. 462, Geimhreadh, 2015, 8-9. Ar fáil ag:

http://timire.ie/wp-content/uploads/2015/12/An-Doras-ar-Oscailt-Nollag-2015.pdf


2012 ‘Lá na bPáistí: An Teagasc agus an Fhoghlaim i Seanfhocail na Gaeilge.’ InTouch, Mí na Nollag, 2012, 58-59. Ar fáil ag: 

http://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2012/December2012/InTouchDec2012.pdf


2011 ‘Fulfilling Irish Language Requirement - An Cháilíocht sa Ghaeilge.’ Comhúdar le hAodán Mac Suibhne agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Deireadh Fómhair, 2011, 38-39. Ar fáil ag:

https://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2011/October2011/InTouchOctober2011.pdf

2011 ‘Forbairt Shóisialta agus Phearsanta an Pháiste: Téama i Leabhair Ghaeilge Nua-fhoilsithe do Pháistí.’ InTouch, Meitheamh, 2011, 58-59. Ar fáil ag:

https://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2011/June2011/InTouchJune11.pdf

2010 ‘Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.’ Comhúdar le hAodán Mac Suibhne agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Eanáir/Feabhra, 2010, 26-27. Ar fáil ag:

http://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2010/InTouchJanuaryFebruary2010/InTouch_JanFeb10.pdf

2008 ‘An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.’ Comhúdar le hAodán Mac Suibhne agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Meán Fómhair, 2008, 32-33. Ar fáil ag: 

http://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2008/InTouchSeptember2008/InTouchSeptember08.pdf

2006 'An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.' Comhúdar le hAodán Mac Suibhne agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Meán Fómhair, 2006, 33-35.  Ar fáil ag:

http://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2006/InTouchSeptember2006/InTouch_September06.pdf


2011-2015 Aistriúcháin Ghaeilge Mhíosúla do shraitheanna d’ailt le Paddy Madden. InTouch 2011-2015.
Sraith 1: ‘Zoom in on...’

Sraith 2: ‘Hands-On the School Garden’

Sraith 3: ‘School Gardening Notes.’ Ar fáil ag:

http://www.schoolearthed.ie/intouch-pdfs.html 

Taifid Fhuaime (Audio Recordings):

Cainteoir: Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2009.

Cainteoir agus Scríbhneoir Scripte: Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile. Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2008.

Cainteoir: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú i Labhairt na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2006.

Scríbhneoir Scripte (comhráite): S.C.G./O.C.G.(Triail Chluastuisceana) - Earrach 2006, Fómhar 2006, Earrach 2007, Fómhar 2007, Earrach 2008, Fómhar 2008, Earrach 2009, Fómhar 2009, Earrach 2010, Fómhar 2010, Earrach 2011, Fómhar 2011, Earrach 2012, Fómhar 2012, Earrach 2013, Fómhar 2013, Earrach 2014, Fómhar 2014, Earrach 2015, Fómhar 2015, Earrach 2016, Fómhar 2016, Earrach 2017, Fómhar 2017.  
Foilsithe mar áis teagaisc ag: http://www.ilrweb.ie/ILR_SCRUDU.html

Comhdhálacha agus Cainteanna Poiblí (Conferences and Invited Talks):

2017 'Na Siollabais do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht: Teoiric, Cur i bhFeidhm agus Éifeacht.' Aoi-Chaint. Comhdháil An Acadaimh 2017. Gaoth Dobhair. 6 Deireadh Fómhair, 2017.

2017 'An Cháilíocht sa Ghaeilge.'  Lá Oiliúna do Theagascóirí.  Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, 23 Eanáir, 2017.

2016 'Tuarascáil Bhliantúil ar Obair Coiste Comhairleach na nEaspag Caitliceach um an Liotúirge i nGaeilge.' An Lárionad Náisiúnta don Liotúirge: Cruinniú Bliantúil 2016, Halla Renehan, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad. 17 Mí na Samhna, 2016.

2016 '"Fornocht do Chonac Thú" agus Áilleacht na Gairme.' Gairm na bPiarsach (Comóradh Éirí Amach 1916), Institiúid Oideachais Marino.  10 Mí an Mhárta, 2016.


2015 'Tuairisc ar Shaothar Coiste Comhairleach na nEaspag Caitliceach um an Liotúirge i nGaeilge 2012-2015.'  An Lárionad Náisiúnta don Liotúirge: Cruinniú Bliantúil 2015, Halla Renehan, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad. 3 Mí na Nollag, 2015.


2014 ‘Gnéithe den Bhíobla do Pháistí.’ Cumann na Sagart: Tionól 2014, Coláiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath. Aoi-Léacht. 15 Meán Fómhair, 2014.


2014 ‘Áiseanna d’Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta.’ Cur i láthair ag Lá Inseribhíse do Mhúinteoirí ar Chúrsaí Gaeltachta do Mhic Léinn Oideachais, Óstán Radisson, Bóthar Loch an tSáile, Gaillimh. 1 Márta, 2014.


2013 ‘Dea-Scéala nó Scéalta Deasa? Dílseacht do na “bunscéalta” i leaganacha Gaeilge den Bhíobla do pháistí.’ An Tríú Comhdháil ar Litríocht na nÓg, Institiúid Oideachais Marino. Meán Fómhair, 2013.


2012 ‘Filíocht na mBard agus Ceist na hAeistéitice.’ Seimineáir Roinn na Gaeilge 2012-2013, Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Aoi-Léacht. 17 Deireadh Fómhair, 2012.


2011 ‘An Ginmhilleadh agus Foirm an Réalachais i nGearrscéal le Seán Mac Mathúna.’ Comhdháil Idirnáisiúnta Sa Léann Ceilteach XIV, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Lúnasa, 2011.


2011 ‘An Nádúr mar Éisteoir agus mar Shólásaí i bhFilíocht Iarchlasaiceach na Gaeilge.’ Léann na hÉigse: Seimineáir ar an Litríocht, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Aoi-Léacht. 25 Feabhra, 2011.


2010 Sraith d’ocht léacht: ‘An Léirmheastóireacht Aeistéitiúil agus Filíocht na Gaeilge.’ Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Aoi-Léachtaí. Earrach, 2010.


2009 'Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.' Lá Oiliúna do theagascóirí ó Ionaid Oideachais (Education Centres) ar fud na tíre.  Institiúid Oideachais Marino.  Mí na Nollag, 2009.


2006 'An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.' Lá Oiliúna do theagascóirí ó Ionaid Oideachais (Education Centres) ar fud na tíre.  Institiúid Oideachais Marino. Meán Fómhair, 2006.


2004 ‘Aodh Mac Aingil: Diagaire agus File.’ Cumann na Sagart: Tionól 2004, Cnoc Mhuire. Aoi-Léacht. Aibreán 2004.


2003 ‘Teoiric na hApastróife agus Filíocht na mBard.’ Comhdháil 2003: Litríocht agus Cultúr na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Deireadh Fómhair, 2003.

Gníomhaíochtaí Gairmiúla Eile (Other Professional Activities)

Coistí Gairmiúla (Professional Committees)

Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na nEaspag Caitliceach um an Liotúirge i nGaeilge.

Ball de Choiste Stiúrtha Náisiúnta An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.

Ball de Ghrúpa Oibre na gColáistí Oideachais do na Cúrsaí Gaeltachta do Mhic Léinn Oideachais (2014).

Ball de Choiste Stiúrtha Institiúid Oideachais Marino don Oideachas Trí Mheán na Gaeilge.

Ball de Shéiplíneacht Institiúid Oideachais Marino.

Scrúdaitheoir Seachtrach (External Examiner)

Coláiste na hOllscoile Naomh Muire, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (2013-2017).

Coláiste Mhuire Gan Smál (Campas Naomh Pádraig, Durlas), Ollscoil Luimnigh, Luimneach (2014-2017).

Beathaisnéis (Biography)

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas. D’fhreastail ar Scoil Mhuire, Barra Rua agus ar Mheánscoil an Chroí Rónaofa, Cloch na Coillte. Fuair a cuid ollscolaíochta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, áit ar chaith ceithre bliana ag teagasc go páirt-aimseartha. Ceithre bliana ag múineadh i Scoil Mhuire Longfort. Gaeilge agus Reiligiún á múineadh, ag gach leibhéal meánscoile. Spéis sa cheol agus sa bhádóireacht.

Gradaim agus Maoiniú (Awards and Funding)

2017 Ball d'fhoireann a fuair maoiniú ó Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann (D.E.N.I.) do chomhoibriú Thuaidh/Theas (ar an gCáilíocht sa Ghaeilge) idir Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

2014  Éigse Éireann agus Cumann Múinteoirí Éireann - Duais i gcuimhne ar Seamus Heaney (Catagóir: Filíocht/Gaeilge).

2014  Ball de Ghrúpa Oibre na gColáistí Oideachais a chruthaigh, a chruinnigh agus a d'fhoilsigh: Ábhar Tacaíochta.  Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht.  Mic Léinn Oideachais.  Baile Átha Cliath, 2014.  Maoinithe ag: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (C.O.G.G.), Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.


2013 Comórtais Liteartha an Oireachtais: Duais Liteartha (Catagóir: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta).


2005-2010 Ball d'fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun an Cháilíocht sa Ghaeilge a reáchtáil ag Institiúid Oideachais Marino agus chun ábhar foghlama a chur ar fáil don Cháilíocht sa Ghaeilge.


2001 An Chomhairle Um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta (IRCHSS): Scoláireacht Dochtúireachta de chuid Rialtas na hÉireann.


1996 Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad: Scoláireacht Taighde agus Teagaisc.


1995 Coláiste Phádraig, An Coláiste Pontaifiúil, Maigh Nuad: Duais B.A.Th. as an gcéad áit i rang na céime a bhaint amach.