Contact
Rannóg (Section)
Príomhléachtóir
Comhordaitheoir na Gaeilge
Comhordaitheoir ar an mB. Oid. Trí Mheán na Gaeilge
Cáilíochtaí (Qualifications)
B. Oid. (Coláiste Phádraig)
O.S.
Ardteastas Gaeilge
M. Litt. Litríocht na Gaeilge (Coláiste na Tríonóide).
Múineadh (Teaching)
Múineadh na Gaeilge
Gaeilge (Gramadach na Gaeilge, Prós na Gaeilge, Filíocht na Gaeilge, Labhairt na Gaeilge)
Oideachas Trí Mheán na Gaeilge
Cúrsa Samhraidh do Mhúinteoirí Bunscoile (Gaeilge Neamhfhoirmiúil)
Spéiseanna Taighde (Research Interests)
Litríocht na hAthbheochana
Dearadh Curaclaim
Forbairt Áiseanna Teagaisc
Modhanna Múinte Teangacha
Eagarthóireacht
Gramadach na Gaeilge
Foilseacháin (Publications)
Leabhair (Books):
2016 Gairm na bPiarsach: Comóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916 (Imeachtaí Fhóram Rannóg na Gaeilge). Comheagarthóir le Marie Whelton, Leabhrán Cuimhneacháin, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2016.
2009 Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d'Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Eagarthóir, Comhúdar le Marie Whelton, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2009.
2008 Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile. Eagarthóir, Comhúdar le Marie Whelton, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2008.
2006 Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Eagarthóir, Comhúdar le Marie Whelton, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2006.
2005 Beatha Teanga (le Daithí Ó Madáin). Eagarthóir, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2005.
2005 Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Eagarthóir, Comhúdar le Marie Whelton, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2005.
Téacsleabhair Bhunscoile (Primary School Textbooks):
2008 Am Don Léamh. Leabhair Léitheoireachta. Eagarthóir, Údar leabhar Rang 3, Baile Átha Cliath: Folens, 2008.
2006, 2015 Fuaimeanna agus Focail 3-6. Eagarthóir agus Comhúdar, Baile Átha Cliath: Folens, 2006, An Dara hEagrán 2015.
2004 Treo Nua: Scéim Chomhtháite Bhunscoile. Eagarthóir na scéime, Údar leabhair Ranganna 2 agus 4, Baile Átha Cliath: Folens, 2004.
1992 Cruinneas. Baile Átha Cliath: Folens, 1992.
1992 Cleachtaí Gramadaí Bunscoile. Baile Átha Cliath: Folens, 1992.
1990 Stór Nua 6. Baile Átha Cliath: Folens, 1990.
1987 Dioscó na mBó. Leabhar léitheoireachta mar chuid den scéim Ré Nua. Baile Átha Cliath: Folens, 1987.
Tuarascáil (Report):
2012 Ball de Ghrúpa Oibre na gColáistí Oideachais do Chúrsaí Gaeltachta do Mhic Léinn Oideachais a chuir tuarascáil ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta. Bealtaine 2012. Ar fáil ag:
Siollabas (Syllabus):
2013 Cathaoirleach ar Ghrúpa Oibre na gColáistí Oideachais a d'oibrigh i gcomhar le CONCOS agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun Na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do Mhic Léinn Oideachais a dhearadh. Ar fáil ag:
http://www.treimhsefoghlamasaghaeltacht.com/na-siollabais
2014 Cathaoirleach ar Ghrúpa Oibre na gColáistí Oideachais a chruthaigh, a chruinnigh agus a d'fhoilsigh Ábhar Tacaíochta. Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Mic Léinn Oideachais. Baile Átha Cliath, 2014.
Ailt (Articles):
2018 'An Cháilíocht sa Ghaeilge: Eolas do Bhunmhúinteoirí a Fhaigheann a gCáilíochtaí Oideachais Thar Lear.' Comhúdar le Marie Whelton agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Meán Fómhair, 2018, 36-37. Ar fáil ag: https://www.into.ie/NI/Publications/InTouch/
2017 'An Cháilíocht sa Ghaeilge agus an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.' Comhúdar le Marie Whelton agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Deireadh Fómhair, 2017, 38-39. Ar fáil ag:
http://www.into.ie/NI/Publications/InTouch/
2017 'Ag tabhairt faoin gCáilíocht sa Ghaeilge.' Comhúdar le Marie Whelton agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Meán Fómhair, 2017, 42-43. Ar fáil ag:
http://www.into.ie/NI/Publications/InTouch/
2016 'Eibhlín Nic Niocaill.' In Gairm na bPiarsach: Comóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916 (Imeachtaí Fhóram Rannóg na Gaeilge), Aodán Mac Suibhne & Marie Whelton (eag.). Leabhrán Cuimhneacháin, Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2016.
2011 'Fulfilling Irish Language Requirement - An Cháilíocht sa Ghaeilge.' Comhúdar le Marie Whelton agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Deireadh Fómhair, 2011, 38-39. Ar fáil ag:
https://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2011/October2011/InTouchOctober2011.pdf
2010 'Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.' Comhúdar le Marie Whelton agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Eanáir/Feabhra, 2010, 26-27. Ar fáil ag:
http://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2010/InTouchJanuaryFebruary2010/InTouch_JanFeb10.pdf
2008 'An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.' Comhúdar le Marie Whelton agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Meán Fómhair, 2008, 32-33. Ar fáil ag:
http://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2008/InTouchSeptember2008/InTouchSeptember08.pdf
2006 'An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.' Comhúdar le Marie Whelton agus Peadar Mac Giolla Bhríghde, InTouch, Meán Fómhair, 2006, 33-35. Ar fáil ag:
http://www.into.ie/ROI/Publications/InTouch/2006/InTouchSeptember2006/InTouch_September06.pdf
Taifid Fhuaime (Audio Recordings):
Scríbhneoir Scripte agus Cainteoir:Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d'Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2009.
Scríbhneoir Scripte agus Cainteoir: Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile. Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2008.
Scríbhneoir Scripte agus Cainteoir:Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú i Labhairt na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Institiúid Oideachais Marino, 2006.
Eagarthóir Scripte: S.C.G./O.C.G. (Triail Chluastuisceana):
Earrach 2006, Fómhar 2006, Earrach 2007, Fómhar 2007, Earrach 2008, Fómhar 2008, Earrach 2009, Fómhar 2009, Earrach 2010, Fómhar 2010, Earrach 2011, Fómhar 2011, Earrach 2012, Fómhar 2012, Earrach 2013, Fómhar 2013, Earrach 2014, Fómhar 2014, Earrach 2015, Fómhar 2015, Earrach 2016, Fómhar 2016, Earrach 2017, Fómhar 2017, Earrach 2018, Fómhar 2018.
Foilsithe mar áis teagaisc ag: http://www.ilrweb.ie/ILR_SCRUDU.html
Léachtaí Poiblí (Public Lectures):
2018 'Cead cainte, más é do thoil é! Tá rud éigin le rá agam.' Literacy Association of Ireland, An Dara Comhdháil Idirnáisiúnta is Daichead, Institiúid Oideachais Marino, 10 Samhain, 2018.
2018 'Bunmhúinteoireacht Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino.' Oíche Threoirghairme eagraithe ag Coiste na dTuismitheoirí, Coláiste Eoin & Coláiste Íosagáin, 25 Deireadh Fómhair, 2018, 7.15-10.00 i.n.
2018 'An Ghaeilge agus an Múinteoir Náisiúnta: Cúlra agus Comhthéacs.' Aoi-Chaint. Díospóireacht INTO 150, Institiúid Oideachais Marino. 16 Deireadh Fómhair, 2018.
2018 'Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge.' Aoi ar Pléscéal, RTÉ Raidió na Gaeltachta. 13 Meán Fómhair, 2018.
2018 'Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge.' Aoi ar Nuacht TG4. 28 Mí an Mhárta, 2018.
2017 'Na Siollabais do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht: Teoiric, Cur i bhFeidhm agus Éifeacht.' Aoi-Chaint. Comhdháil an Acadaimh 2017. Gaoth Dobhair. 6 Deireadh Fómhair, 2017.
2017 'An Cháilíocht sa Ghaeilge.' Lá Oiliúna do Theagascóirí. Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. 23 Eanáir, 2017.
2016 'Eibhlín Nic Niocaill.' Gairm na bPiarsach (Comóradh Éirí Amach 1916). Seomra na Gaeilge, Institiúid Oideachais Marino. 10 Mí an Mhárta, 2016.
2014 'Na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do Mhic Léinn Oideachais: Léargas Ginearálta.' Cur i láthair ag Lá Inseirbhíse do Mhúinteoirí ar Chúrsaí Gaeltachta do Mhic Léinn Oideachais, Óstán Radisson, Bóthar Loch an tSáile, Gaillimh. 1 Mí an Mhárta, 2014.
2014 'An Fillteán Foghlama; Róil agus Measúnú; Ábhar Tacaíochta.' Cur i láthair ag Lá Inseirbhíse do Mhúinteoirí ar Chúrsaí Gaeltachta do Mhic Léinn Oideachais, Óstán Radisson, Bóthar Loch an tSáile, Gaillimh. 1 Mí an Mhárta, 2014.
2011 Cúrsa Inseirbhíse do Mhúinteoirí ar Churaclam Ghaeilge na Bunscoile. Schola Europaea (Scoileanna Eorpacha), An Bhruiséil. Aoiléachtóir (Guest Lecturer). 17, 18 Mí na Samhna, 2011.
2009 'Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.' Lá Oiliúna do theagascóirí ó Ionaid Oideachais (Education Centres) ar fud na tíre. Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath. Mí na Nollag, 2009.
2006 'An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.' Lá Oiliúna do theagascóirí ó Ionaid Oideachais (Education Centres) ar fud na tíre. Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath. Meán Fómhair, 2006.
Gníomhaíochtaí Gairmiúla Eile (Other Professional Activities)
Cathaoirleach ar Ghrúpa Oibre na gColáistí Oideachais do Chúrsaí Gaeltachta do Mhic Léinn Oideachais
Ball de Choiste Stiúrtha Náisiúnta An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge
Ball bunaidh de Chlár Rochtana Institiúid Oideachais Marino (Marino Teacher Access Programme)
Cathaoirleach ar Choiste Spóirt Institiúid Oideachais Marino
Cathaoirleach ar Choiste Stiúrtha Institiúid Oideachais Marino don Oideachas Trí Mheán na Gaeilge
Moltóir bliantúil ar National Final of the Annual Europe Direct Soapbox Competition eagraithe ag An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
Ball den Choiste Curaclaim Ghaeilge (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta - NCCA) (go 1993)
Oifigeach Oideachais leis an gCoiste Curaclaim Ghaeilge (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta - NCCA) (1993-1999). Páirteach i gcur le chéile Curaclam na Bunscoile: Gaeilge agus Curaclam na Bunscoile: Gaeilge (Treoirlínte do Mhúinteoirí). Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1999. Ar fáil ag:
https://www.curriculumonline.ie/getmedia/920c3fd9-1f53-4163-a045-90f07ebb6b71/PSEC01b-Gaeilge_curriculum.pdf
http://www.ncca.ie/uploadedfiles/Curriculum/Primary_Gaeilge_Guidelines.pdf
Beathaisnéis (Biography)
Rugadh i mBaile Uí Chonghaile, Co. na Gaillimhe. D’fhreastail ar an mbunscoil áitiúil, ina dhiaidh sin ar Choláiste Iarfhlatha, Tuaim. Cáilíodh mar mhúinteoir bunscoile i gColáiste Phádraig. D’fhreastail ina dhiaidh sin mar mhac léinn páirtaimseartha ar Scoil na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide le linn a bheith ag múineadh i Scoil Náisiúnta Réalta na Mara, Dumhach Thrá, Baile Átha Cliath. Dhá bhliain is fiche mar mhúinteoir ranga bunscoile. Iarchathaoirleach ar Chumann na mBunscol Átha Cliath. Mar dhuine d’Oifigigh Oideachais ar Churaclam na Gaeilge (1999) leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe. D’oibrigh go páirtaimseartha mar léachtóir i Múineadh na Gaeilge i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann. Údar agus Eagarthóir téacsleabhar le Comhlacht Foilsitheoireachta Folens. Spéis i gCumann Lúthchleas Gael agus i bhfoirne peile agus iománaíochta na Gaillimhe.
Gradaim agus Maoiniú (Awards and Funding)
Ball d'fhoireann (Eanáir 2018) a chuir tairiscint le chéile ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun B. Oid. Trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino.
Ball d'fhoireann a fuair maoiniú ó Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann (D.E.N.I.) do chomhoibriú Thuaidh/Theas (ar an gCáilíocht sa Ghaeilge) idir Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.
Cathaoirleach ar Ghrúpa Oibre na gColáistí Oideachais a chruthaigh agus a chruinnigh ábhar foghlama do chúrsaí Gaeltachta do mhic léinn oideachais. Maoinithe ag: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (C.O.G.G.), Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Ball bunaidh de Chlár Rochtana Institiúid Oideachais Marino (Marino Teacher Access Programme). Maoinithe ag Comhpháirtíocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath Teoranta (Northside Partnership) chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil do mhic léinn ardteiste ó scoileanna i gceantair a aithnítear a bheith faoi mhíbhuntáiste.
2005-2010 Ball d'fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun An Cháilíocht sa Ghaeilge a reáchtáil ag Institiúid Oideachais Marino agus chun ábhar foghlama a chur ar fáil don Cháilíocht sa Ghaeilge.