Cód an Mhodúil: | ED8104 | Creidmheasa ECTS: | 5 |
Achoimre
Baineann na healaíona le gach grúpa cultúir. Trí na healaíona, cuireann daoine aithne orthu féin, faigheann siad eolas ar an domhan agus déanann siad léiriú cruthaitheach samhlaíoch ar eispéireas an duine. (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 1999). Tá gach páiste i dteideal oideachas ealaíon a fháil (Bloomfield & Childs, 2000) agus toisc nach dtagann forbairt aeistéitice agus chruthaitheachta mar thoradh uathoibríoch ar an aibiú, ní mór go mbeidh múinteoirí bunscoile cáilithe chun réimsí forbartha a chruthú inar féidir forbairt ealaíon na ndaltaí a chur chun cinn (Eisner, 2002). Mar gheall air sin, beidh tuiscint ar na réimsí eolais a bhaineann le foirmeacha ealaíne éagsúla ag teastáil ó na múinteoirí agus ar na bealaí ina gcuirtear i bhfeidhm iad (Bloomfield & Childs, 2000). Cé go mbaineann na réimsí eolais eipistéimeolaíochta céanna leis an drámaíocht, an ceol agus na hAmharcealaíona, tá a n-eipistéimeolaíochtaí féin acu chomh maith. Mar sin, is deis é an cúrsa seo do na mic léinn staidéar a dhéanamh ar na healaíona ar leith óna chéile chomh maith le staidéar comhtháite a dhéanamh orthu.
Ar dtús, briseann an cúrsa síos tuairimí na mac léinn maidir leis na healaíona i bhfianaise an oideachais ealaíon a fuair siad roimhe agus, ansin, méadaíonn sé a dtuiscint ar na healaíona ar cheithre bhealach – rannpháirtíocht, repertoire, freagairtí criticiúla agus tuiscint chomhthéacsúil (Bloomfield & Childs, 2002). Forbraíonn an cúrsa a scileanna gabhálacha, léirithe agus criticiúla (Hickman, 2004) trí éisteacht agus freagairt, trí bhreathnú agus freagairt, trí thobchumadóireacht agus trí chruthú ealaíne. Méadaíonn sé a dtuiscint ar shaintréithe agus ar fhéidearthachtaí na n-ealaíon éagsúil. Ó thaobh na hoideolaíochta de, tabharfar eolas do na mic léinn ar aidhmeanna an churaclaim ealaíon agus ar an mbunús ginearálta taobh thiar de, ag díriú go háirithe ar oideachas amharc-ealaíon sa chéad bhliain.
Torthaí Foghlama
Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- Breathnú go criticiúil ar a gcúlra oideachais ealaíon féin bunaithe ar rannpháirtíocht agus ar eolas a roinnt
- Machnamh a dhéanamh ar thábhacht an oideachais ealaíon agus ar an acmhainn chun claochlaithe a bhaineann leis
- Cur síos a dhéanamh ar phríomhghnéithe na n-ealaíon trí phlé díreach a dhéanamh ar chodanna de na curaclaim ealaíon
- Machnamh a dhéanamh ar conas smaointe, mothúcháin agus eispéiris a phlé Trí na healaíona
- Machnamh a dhéanamh ar spreagthaí a úsáid chun smaoineamh a bhaint amach Trí na modhanna drámaíochta agus amharc-ealaíon a úsáid
- Machnamh a dhéanamh ar nádúr léiritheach píosaí ceoil, taibhithe, léiriúchán agus taispeántán
- Achoimre a thabhairt ar aidhmeanna agus ar bhéimeanna ginearálta na gcuraclam oideachais amharc-ealaíon ag leibhéal na bunscoile
- Réasúnaíocht, struchtúr agus príomhbhéimeanna an churaclaim amharc-ealaíon a mhíniú
- Ceachtanna amharc-ealaíon cruthaitheacha a bhfuil bonn eolais fúthu a cheapadh agus a mheas do na ranganna ó rang a haon go rang a ceathair, ag úsáid cineálacha spreagthaí éagsúla agus modheolaíochtaí oiriúnacha
- Píosa ceoil a mheas ag úsáid na dtéarmaí ceoil oiriúnacha, ag léiriú tuisceana ar na heilimintí ceoil a d’úsáid an cumadóir
- Machnamh a dhéanamh ar obair eispéireasach i leith cur i bhfeidhm sa seomra ranga
An Modh Measúnaithe
Dialann ealaíne (3,000 focal)