Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Cáilíocht TEG B1

cailiochtai-TEG

        Cáilíocht TEG B1

        • Scrúduithe TEG ar an Aoine, an 16 Feabhra & ar an Satharn, an 17 Feabhra 2024 - www.teg.ie.
          Spriocdháta d'iarratais le deimhniú
        • Seisiún Eolais agus Ullmhúcháin i Marino do na Scrúduithe TEG ar an Satharn, an 6 Eanáir 2024
        • Scrúduithe TEG (dara seans*) ar an Aoine / Satharn, 10 Bealtaine agus 11 Bealtaine 2024.
          *Tá na dátaí seo fós le deimhniú* www.teg.ie. Spriocdháta d'iarratais le deimhniú

         

        Páipéar Samplach 

        Is féidir teacht ar pháipéar samplach ar shuíomh TEG ag: www.teg.ie.

         

        Cáilíocht TEG agus Pointí an CAO

        Maidir le pointí CAO don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge amháin, beidh 40 pointe sa bhreis ag dul do gach scoláire a fhaigheann Pas (50% nó níos airde) i Scrúduithe TEG Leibhéal B1 – Scrúdú Mheánleibhéal 1(B1).
        Ní bheidh níos mó ná 40 pointe ag dul d’aon scoláire a fhaigheann marc níos airde ná 50% ná grád TEG níos airde ná Leibhéal B1. Ní bhronntar pointí TEG don Bachelor in Education (through the medium of English).

         

        Táille TEG

        Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino an táille TEG ar ais do scoláirí rathúla sna scrúduithe TEG a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Tuilleadh eolais ar: www.teg/oid

         

        Ag roinnt do chuid thorthaí TEG le MIE:

        Beidh ar mhic léinn a thug faoi na scrúduithe TEG i mí Feabhra, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Aoine, 26 Aibreán, 2024.

        Beidh ar mhic léinn a thug faoi na scrúduithe TEG i mí na Bealtaine, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Luan, 17 Meitheamh, 2024.

        Is féidir an ríomhphost a fhaigheann mic léinn ó TEG lena gcuid torthaí, a sheoladh ar aghaidh chuig: [email protected]. Nuair a sheolann mic léinn a gcuid torthaí chuig [email protected], iarrtar orthu a bheith cinnte go luann siad:

        • A n-uimhir CAO
        • A n-ainm mar atá sé ar an iarratas CAO
        • Cód an chúrsa don tairiscint gur mian leo

         

        Má tá TEG B1 déanta ag daltaí laistigh de dhá bhliain:

        Más rud é go bhfuil an scrúdú TEG B1 déanta ag dalta le dhá bhliain anuas roimh thús na céime in 2024, .i. in 2022 nó 2023, caithfear cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Aoine, 26 Aibreán, 2024. Muna bhfuil teastas torthaí ag daltaí, caithfear dul i dteagmháil le TEG agus iarraidh ar TEG a gcuid torthaí a sheoladh ar aghaidh chucu trí ríomhphost. Beidh ar dhaltaí a n-uimhir scrúdaithe (a bhí in úsáid in aon comhfhreagras le TEG ag dul siar ó dháta an scrúdaithe) a lua.

        Déan teagmháil le [email protected]chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis seo.

         

        Tuilleadh eolais

        Seol ríomhphost chuig: [email protected] [email protected]

        TEG3