Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Ceisteanna Coitianta

Maidir le mic léinn aibí de, an gcaithfidh siadsan, chomh maith leis na híosriachtanais iontrála ón Ardteistiméireacht a bheith acu (ina measc H3 sa Ghaeilge) agus Leibhéal B1 sa TEG, Agallamh Inniúlachta i nGaeilge a dhéanamh i Marino agus Scrúdú Cainte i nGaeilge i Marino.

Caithfidh.

Is féidir le haon scoláire an Cód CM003 a úsáid. Is Cód breise é an Cód CM004 do scoláirí atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Coinneofar thart ar 10% d’áiteanna ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge d’iarratasóirí Gaeltachta a shásaíonn na híosriachtanais iontrála.

Beidh. Déanfar na Socrúcháin Scoile ar fad, ina measc an Socrúchán Scoile don Oideachas Speisialta, i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar an meán teagaisc. Ar na Socrúcháin Scoile sin, múinfear Béarla trí mheán an Bhéarla. Ní cheadófar aon Socrúchán Scoile a dhéanamh i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar an meán teagaisc.

Tabharfar ach amháin na modúil “English” agus “The Teaching of English”.

Beidh 35 áit ar fáil ar an gcéim i Meán Fómhair, 2024. Ní féidir a rá cé mhéad pointe CAO a bheidh ag teastáil in aon bhliain ar leith mar tá rudaí éagsúla ann a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar líon na bpointí d’aon chúrsa ar leith. 462 pointe a bhí ag teastáil in 2023 (i.e. 422 pointe ón Ardteistiméireacht móide 40 pointe ó Scrúdú TEG Leibhéal B1).

Ní gá ach meastar go mbeidh an-spéis ag scoileanna Gaeltachta agus ag scoileanna Lán-Ghaeilge céimithe a fhostú a bhfuil a n-oideachas múinteoirí déanta acu trí mheán na Gaeilge.

Oireann an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge go speisialta do mhic léinn ar mian leo múineadh i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach beidh céimithe an chláir i dteideal freisin post a lorg i scoileanna lán-Bhéarla.

Is gá. Tabhair faoi deara go mbeidh H3 (70%) ar a laghad ag teastáil uait sa Ghaeilge murab ionann is H4 (60%) don Bachelor in Education (through the medium of English). Tabhair faoi deara chomh maith go bhfuil Leibhéal B1 (Meánleibhéal) sa TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) mar íosriachtanas iontrála agus go mbeidh Leibhéal C1 (Ardleibhéal) le baint amach roimh dheireadh na céime.

Beidh deis eile agat na Scrúduithe TEG Leibhéal B1 a dhéanamh i mí na Bealtaine, 2024, in Ollscoil Mhá Nuad. Chun clárú don scrúdú i mí na Bealtaine 2024, téigh chuig www.teg.ie. Tabhair faoi deara gurb é seo an deis dheireanach chun tabhairt faoin scrúdú TEG B1 má táthar ag iarraidh cur isteach ar an gcéim in 2024.

Tá. Maidir le pointí CAO don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge amháin, beidh 40 pointe sa bhreis ag dul do gach scoláire a fhaigheann Pas (50% nó níos airde) i Scrúduithe TEG Leibhéal B1. Ní bheidh níos mó ná 40 pointe ag dul d’aon scoláire a fhaigheann marc níos airde ná 50% ná grád TEG níos airde ná Leibhéal B1.

Beidh ar mhic léinn a thug faoi scrúduithe TEG i mí Feabhra cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Aoine, 26 Aibreán, 2024.

Beidh ar mhic léinn a thug faoi na scrúduithe TEG i mí na Bealtaine, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Luan, 17 Meitheamh 2024.

Is féidir an ríomhphost a fhaigheann mic léinn ó TEG lena gcuid torthaí, a sheoladh ar aghaidh chuig: [email protected]. Nuair a sheolann mic léinn a gcuid torthaí chuig [email protected], iarrtar orthu a bheith cinnte go luann siad:

  • A n-uimhir CAO
  • A n-ainm mar atá sé ar an iarratas CAO
  • cód an chúrsa don tairiscint gur mian leo

 

(a) An gcaithfidh mé na Scrúduithe TEG Leibhéal B1 a dhéanamh arís ar 23 Feabhra, 2019?

Ní chaithfidh.

(b) Conas a gheobhaidh Institiúid Oideachais Marino torthaí mo Scrúduithe TEG sa chás sin?

Más rud é go bhfuil an scrúdú TEG B1 déanta ag dalta le dhá bhliain, caithfear cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Aoine, 26 Aibreán, 2024.  Muna bhfuil teastas torthaí ag daltaí, caithfear dul i dteagmháil le TEG agus iarraidh ar TEG a gcuid torthaí a sheoladh ar aghaidh chucu trí ríomhphost. Beidh ar dhaltaí a n-uimhir scrúdaithe (a bhí in úsáid in aon comhfhreagras le TEG ag dul siar ó dháta an scrúdaithe) a lua. Déan teagmháil le [email protected] chun tuilleadh eolais a fháil maidir le seo.

Má tá an scrúdú TEG Leibhéal B1 déanta agat le trí bliana anuas roimh thús na céime duit, ní gá duit an scrúdú TEG Leibhéal B1 a dhéanamh arís. Caithfidh an mac léinn cóip dheimhnithe de na torthaí sin a chur chuig Institiúid Oideachais Marino faoi 1 Iúil ar a dhéanaí.