Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Is féidir le hiarratasóirí ar Bhonnchúrsa Idirnáisiúnta Choláiste na Tríonóide ceann de dhá chonair ar leith a roghnú:

Conair A: An Sruth Gnó, Eacnamaíochta, agus Eolaíochta Sóisialta

Is ceannródaí domhanda é Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath ó thaobh cláir ghnó atá dírithe ar nuálaíocht, fhiontraíocht agus bhainistíocht. Baintear úsáid as foghlaim ó thaithí agus rannpháirtíocht tionscail agus ár gcláir fochéime gnó á dteagasc chun cur ar chumas mac léinn na scileanna a fhorbairt atá ag teastáil ó chomhlachtaí sa gheilleagar domhanda. 

Tá scoileanna eacnamaíochta, eolaíochta agus gnó againn atá ar thús cadhnaíochta sa domhan. Tá caidrimh ag Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide le roinnt de na scoileanna gnó atá ar barr ar domhan, lena n-áirítear Scoil Bainistíochta Ollscoil Fudan in Shanghai. Tá Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide sa chéad áit in Éirinn agus san 16ú háit san Eoraip de réir Eduniversal.

Conair B: An Sruth Innealtóireachta agus Eolaíochta

Tá Coláiste na Tríonóide rangaithe sa chéad 1% d’institiúidí taighde in 18 réimsí ETIM, nó réimsí STEM mar is fearr aithne orthu sa Bhéarla, (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, matamaitic), lena n-áirítear imdhíoneolaíocht, eolaíocht na n-ábhar, bitheolaíocht mhóilíneach agus géineolaíocht (Táscairí Eolaíochta Riachtanacha Thomson Reuters).

Tá aitheantas ag ár mBaitsiléir san Innealtóireacht i gcuid mhór institiúidí innealtóireachta taobh amuigh d’Éirinn trí Chomhaontú Washington. Ar na tíortha sin tá an Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada, an India, an tSeapáin, an Chóiré, an Mhalaeisia, an Rúis, Singeapór, an Afraic Theas, Sri Lanka, an Ríocht Aontaithe agus SAM.

Tá rogha mhór de chláir fochéime spéisiúla ar fáil i Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta. Déanfaidh na mic léinn staidéar ar ábhair mar eolaíocht ríomhaireachta, staitistic, eolaíocht bhainistíochta, córais faisnéise, teangacha Eorpacha, innealtóireacht ríomhaireachta, agus matamaitic. Ar éachtaí na Scoile tá bunú comhlachtaí de luach na milliún mar Havok, agus Iona Technologies, an chéad comhlacht Éireannach a cuireadh ar NASDAQ.