Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Tá clú agus cáil ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide ó bunaíodh í in 1592. Breis is 400 céad bliain ina dhiaidh sin, tá Coláiste na Tríonóide fós ar thús na cadhnaíochta go domhanda ó thaobh oideachas ardchaighdeáin de a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige agus ó thaobh taighde ceannródaíoch de. Tá roghanna acadúla gan teorainn ag mic léinn Choláiste na Tríonóide ar chuid iad de stair ar leith chomh maith le todhchaí cheannasach.

Is clár réamhollscoile é Bonnchlár Idirnáisiúnta Choláiste na Tríonóide ar ceapadh é chun gur féidir leat barr do chumais a bhaint amach agus infheistíocht a dhéanamh i do thodhchaí. Bíonn an-tóir ar chláir fochéime Choláiste na Tríonóide. Is ionann an Bonnchlár Idirnáisiúnta agus bealach isteach do mhic léinn idirnáisiúnta nach bhfuil réidh go hacadúil do chláir fochéime i gColáiste na Tríonóide. I gcás mic léinn a n-éiríonn leo an Bonnchlár Idirnáisiúnta a chríochnú agus a bhaineann amach na gráid riachtanacha, tugtar áit dóibh sa chéad bhliain d’fhochéim i gColáiste na Tríonóide.

Coláiste na Tríonóide de réir na nUimhreacha

Bunaithe in 1592, is ollscoil stairiúil é Coláiste na Tríonóide atá ar chomhstádas le Oxford, Cambridge agus leis na sean-ollscoileanna eile.

Tá sí sa chéad áit in Éirinn.

Ar cheann den 100 ollscoil is fearr ar domhan (QS World University Rankings)

Caidrimh straitéiseacha le roinnt de na hollscoileanna is mó meas ar domhan lena n-áirítear Ollscoil Bhéising, Ollscoil Fudan, Ollscoil Tsinghua, Ollscoil Hong Cong, Ollscoil Stát Mhoscó, Ollscoil Brown, Ollscoil Notre Dame agus Ollscoil Toronto.

Rangaithe go hard ó thaobh infhostaitheachta de. Bíonn 94% de chéimithe Choláiste na Tríonóide fostaithe nó ag gabháil do bhreisoideachas 6 mhí i ndiaidh an chéim a bhaint amach.

Lonnaithe i gcroílár Bhaile Átha Cliath, príomhchathair bhríomhar Eorpach.

Caidreamh aige le breis is 400 comhpháirtí tionscail. Tá comhoibriú taighde ar siúl aige le hocht gcinn de na comhlachtaí TFC is mó ar domhan.

San 22ú háit ar domhan ó thaobh Dearcadh Idirnáisiúnta de (Times Higher Education Rankings)

Sa chéad 1% ar domhan in 18 ndisciplín acadúla.

Gréasán domhanda de níos mó na 95,000 alumni a bhfuil cónaí orthu i 130 tír.

Institiúid Oideachais Marino

Is pobal teagaisc, foghlama agus taighde é Institiúid Oideachais Marino atá tiomanta don chuimsiú agus don fheabhas a chur chun cinn san oideachas. Táimid ag plé le hoideachas le fada an lá, le hoiliúint tosaigh múinteoirí (OTM) go sonrach, ag dul siar céad bliain. Thosaigh an caidreamh le Coláiste na Tríonóide in 1976, nuair a chláraigh an chéad dream de mhic léinn thuata don Bhaitsiléir san Oideachas (B.Oid.). Neartaíodh an caidreamh sin i mí Iúil 2011 nuair a cuireadh comhaontú ar bhonn foirmiúil trína chuirtear Institiúid Oideachais Marino faoi chomh-iontaobhaíocht Chúige Eorpach Phobal na mBráithre Críostaí agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide.

Le deich mbliana anuas, tá athshamhlú déanta ar mhisean agus scóip acadúil ghníomhaíochtaí Institiúid Oideachais Marino chun tuiscint níos doimhne a áireamh ar oideachas sa seomra ranga agus taobh amuigh de sin agus chun leanúntas oideachais múinteoirí agus oideachas sainchleachtóirí oideachais a áireamh ag leibhéal na luathbhlianta, an bhunoideachais agus an bhreisoideachais. Tá sé seo nasctha le tiomantas do léann oideachais a chlúdaíonn suíomhanna oideachais neamhthraidisiúnta agus an timpeallacht oideachais i gcomhthéacs iolraíoch.