Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)

Tá iarratais don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) do Mheán Fómhair 2024 dúnta faoi láthair.

Tá sé i gceist ag Institiúid Oideachais Marino sruth amháin den MGO 2024-2026 a chuir ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Beidh an rogha seo mar spéis dóibh siúd a bhfuil suim ach múineadh i nGaelscoil nó i scoil Ghaeltachta.

Tabhair faoi deara: Tá an cúrsa seo ag dul trí phróiseas creidiúnaithe Coláiste na Tríonóide agus tá sé ag fanacht ar faomhadh Chomhairle Coláiste na Tríonóide. Beidh curaclam bunaithe ar an gclár MGO reatha trí mheán an Bhéarla.

Caithfidh íosmhéid mac léinn an cúrsa seo a roghnú mar chéad rogha chun gur féidir an clár seo a chur ar fáil. Tuilleadh eolais cliceáil anseo.

Má tá tú ag cur isteach ar an MGO nó an MGO trí mheán na Gaeilge, is féidir leat d'iarratas a dhéanamh as Béarla nó as Gaeilge, pé ceann ab fhearr leat.

Dean-Iarratas-Anois_Cnaipe

Ceisteanna Coitianta

Céard í an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)?

Ullmhaíonn an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) céimithe le dul isteach i ngairm na múinteoireachta. Ar thosú an chláir dóibh, tá mic léinn ag tosú amach ar chlár ina bhfuil ullmhúchán garimiúil agus oiliúnt taighde ar fáil. Cuireann an clár béim ar shealbhú príomhchleachtais mhúinteoireachta agus táthar ag súil leis go bhforbróidh na mic léinn réimse leathan scileanna praiticiúla múinteoireachta fad is atá siad in Institiúid Oideachais Marino agus nuair atá siad ar shocrúchán scoile. Ina theannta seo, tá gné shuntasach acadúil ag baint leis an gcúrsa; agus is gá do mhic léinn cumas a fhorbairt sa taighde oideachais agus tráchtas a dhéanamh ar thaighde gaolmhar i réimse a roghnaíonn siad féin. Is clár dhá bhliain lánaimseartha í an Mháistreacht Gharimiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a shásaíonn na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le riail a dó (bunmhúinteoireacht) de chuid Rialachacháin na Comhairle Múinteoireachta.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Mar chuid den chúrsa seo tá Bonnstaidéar, ina ndéantar comhthathú ar an léann teanga, stair an oideachais, fealsúnacht an oideachais, socheolaíocht an oideachais, síceolaíocht an oideachais agus curaclam agus measúnú. Chomh maith leis sin, tabharfaidh tú faoi mhodúil san eolas ábhair agus sna modheolaíochtaí comhtháite do gach ábhar i gcuraclam na bunscoile. Tabharfaidh tú faoi thaighde i réimse spéise amháin. Déantar an teoiric agus an cleachtas a dhlúthnascadh trí réimse de mhúineadh traschuraclaim, agus trí chuir chuige foghlama agus measúnaithe.

Beidh an deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas a bhaint amach san Oideachas Reiligiún Caitliceach, teastas a ullmhóidh tú le múineadh i scoileanna faoi phatrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Tá an rogha ar fáil duit freisin an teastas a bhaint amach sna Curaclaim Ilchreideamha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Cé air a ndírítear an clár?

Tá an clár ar fáil do chéimithe a bhfuil céim leibhéal 8 nó níos airde acu cheana féin. Is féidir le roinnt mac léinn teacht díreach chuig an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas ó chlár fochéime. In amanna bíonn am caite ag na mic léinn seo am ag taisteal, nó ag múineadh i réimse eile sula ndearna siad an cinneadh dul leis an mbunmhúinteoireacht.

Socrúchán Scoile

Tugann mic léinn faoi shocrúchán scoile níos faide i rith an dá bhliain den chúrsa. Bíonn gach socrúchán ar siúl thar thréimhse ceithre seachtaine ar a laghad agus caithfidh siad réamhfheitheoireacht a dhéanamh ar pháistí, cabhrú leis an múinteoir ranga, agus ullmhúchán a dhéanamh maidir le múineadh na n-ábhar uile. Ní mór do mhic léinn socrúchán amháin a dhéanamh i suíomh oideachais speisialta.

 

An Ghaeltacht

Mar chuid den Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas, ní mór do mhic léinn am a chaitheamh, de ghnáth dhá choicís, sa Ghaeltacht. Faigheann gac mac léinn deontas chun cur ar a gcumas na táillí iomlána a íoc leis na Coláistí Gaeltachta.

Déan íoslódáil ar na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht anseo.

Déan íoslódáil ar Ábhar Tacaíochta 1 agus Ábhar Tacaíochta 2 do na Tréimhsí sa Ghaeltacht anseo.

Céard iad na roghanna gairme atá ar fáil dom?

Faigheann formhór na gcéimithe ón gclár Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas post mar bhunmhúinteoirí i bPoblacht na hÉireann. Imíonn roinnt díobh thar lear le Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise nó le múineadh i mbunscoil in áit eile.

Céard iad na roghanna eile atá ar fáil dom?

Tar éis tamaill, tugann roimnnt céimithe faoi staidear breise ag leibhéal dioplóma, máistreachta nó dochtúireachta. Leis na cáilíochtaí breise seo tá féidearthachtaí gairmiúla eile ann a bheith i do cheannaire curaclaim i scoil, i do phríomhoide, i d’oideachasóir múinteoirí, i do shíceolaí oideachais nó i do chigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Liosta na Modúl

MGO Bliain 1 

Seimeastar 1Seimeastar 2
Teagasc agus FoghlaimSíceolaíocht / Oideachas Luath-Óige
Socrúchán ScoileSocrúchán Scoile
Teanga 1 (Gaeilge/Béarla)Modhanna Taighde
Múineadh na Matamaitice/ Cumas sa MhathamaiticOideachas Reiligiúnach
Oideachas na nEalaíon (Amharcealaíona/Drámaíocht/Ceol)Corpoideachas/Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus EolaíochtaTeanga 2 (Gaeilge/Béarla)
Léann GairmiúilLéann Gairmiúil
Rang Teagaisc sa GhaeilgeRang Teagaisc sa Ghaeilge

MGO Bliain 2

Seimeastar 1Seimeastar 2
Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha don Mhúineadh agus don FhoghlaimTráchtas 
Oideachas IonchuimsitheachArdsocrúchán scoile
Litríocht/Litearthacht & ag múineadh i suíomhanna lán-Ghaeilge
Oideachas na nEalaíon (na hEalaíona Comhtháite & Ceol/Drámaíocht)
Teoiric agus Cleachtas Oideachais: Stair/Fealsúnacht/Síceolaíocht/Socheolaíocht
Múineadh i suíomhanna ilchreidmheacha
Múineadh i scoileanna Caitlicheacha

Eolas ginearálta

Fad: 2 bhliain lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 120 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Íosriachtanais Iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8 le toradh II.2 nó níos airde) nó mórghradam ag leibhéal 9 nó 10 agus na Gráid Ardteistiméireachta seo a leanas; Gaeilge - H4, Mata - O4/ H7, Béarla - O4 / H7 (nó a chomhionann). Ní mór d'iarratasóirí 65% nó níos airde a bhaint amach sa scrúdú béal TEG B1 Gaeilge. Tá sonraí iomlána maidir leis na híosriachtanais iontrála ar fáil anseo.

I scrúduithe TGMO agus TGO A Leibhéal Thuaisceart Éireann:

Gaeilge - Grád C ag TGO A Leibhéal, Béarla / Litríocht an Bhéarla - Grád C sa dá cheann ag Leibhéal TG(M)O nó Grád B ag Leibhéal TG(M)O i gceachtar acu. Matamaitic - Grád D ag Leibhéal TG(M)O i Matamaitic Bhreise nó Grád C ag Leibhéal TG(M)O sa Mhatamaitic.

* Tá na gráid agus na marcanna céatadáin % i scéim ghrádaithe 1992-2016 agus i scéim nua 2017 leagtha amach anseo.