Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

5.-1440x361_tours_taster_ire@2x

FÁILTE Ó INSTITIÚID OIDEACHAIS MARINO

CHUIG

BLASMHODÚIL AGUS TURAIS!

Line-break

Táimid ag tnúth le fáilte a chur romhaibh chuig

Blasmhodúil agus Turais IOM

ar an

Satharn, an 13 Aibreán ó 10.00 r.n go 2.00 i.n

Ba mhaith le hInstitiúid Oideachais Marino cuireadh a thabhairt do mhic léinn ionchasacha agus a gclanna chuig ár n-imeacht "Blasmhodúil agus Turais" a bheidh ar siúl Dé Sathairn, an 13 Aibreán ó 10.00rn go 2.00in. Beidh an deis ag mac léinn ionchasacha blasmhodúl a dhéanamh i gceann de na modúil a reachtáltar ar ár gcéimeanna i Léann an Oideachais, Oideachas Luath-Óige agus Baitsiléara san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge. Tá súil againn go dtabharfaidh na blasmhodúil seo blaiseadh daoibh den chonas mar atá sé staidéar in IOM.

Beidh painéal mic léinn ar fáil ar an lá agus labhróidh siad faoi na cúrsaí atá á dhéanamh acu, conas mar atá saol an mhic léinn in IOM. Chomh maith leis sin freagróidh siad aon cheist a bheidh agat nó ag do thuismitheoir(í)/chaomhnóir(í). Beidh ár mic léinn ar fáil chomh maith chun turas a thabhairt daoibh d'ár gcampas álainn.

Beidh caint ón Oifigeach Rochtana (ceann ar maidin agus ceann um thráthnóna) ar na bealaí HEAR/DARE agus Mac Léinn Lánfhásta, chomh maith le na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil do mhic léinn in IOM.

Má tá suim agat ceann de na blasmhodúil a dhéanamh, ní mór duit clárú don bhlasmhodúl sin. Tá líon teoranta áiteanna ar fáil ar na blasmodúil agus tabharfar áiteanna ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce (first come first served). Roinnfear an lá i dhá sheisiún chomhionann, seisiún na maidine ó 10.00 - 12.00 agus seisiún an tráthnóna ó 12.00 - 2.00. Tá lán fáilte romhat teacht don lá iomlán nó díreach teacht chun blasmhodúl a dhéanamh, turas a dhéanamh, teacht chuig caint, nó pé rud a oireann do do sceideal.

Chun clárú le do thoil brúigh an cnaipe clárú blasmhodúil. Tá liosta de na blasmhodúil agus céard a bheidh i gceist le gach rang thíos.

CLÁRÚ BLASMHODÚIL

Line-break

BLASMHODÚIL

Liosta-na-Blasmhoduil

CLÁR BLASMHODÚIL & TURAIS

Sceideal-Blasmhoduil-agus-Turais

Line-break

Físeán Turas Champais IOM

Line-break

Féach ár gcur i láthair thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar ár gcúrsaí céime

Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) - PME

Baitsiléir Eolaíochta i Léann an Oideachais

Baitsiléir san Oideachas (Bunscoil)

Baitsiléir Eolaíochta san Oideachas Luath-Óige

Line-break

Éist leis an bpodchraoladh thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar IOM

D0EAD6A6-BEA0-4D50-8E0C-A1042341A653

Cliceáil anseo chun éisteacht ar Spotify

Cliceáil anseo chun éisteacht ar Apple Podcasts

Line-break

Cliceáil anseo do thuilleadh físeáin eolais faoi IOM

FieainLine-break

Céard is an B.Eol i Léann an Oideachais ann?

podcast-2665179_640Cliceáil anseo do phodchraolacha nua ó mic léinn na céadbliana ar an mB.Eol i Léann an Oideachais. Níl aon bhealach níos fearr foghlaim faoi chúrsa ach éisteacht le mic léinn cláraithe ar an gcúrsa faoi láthair. Rinneadh taifead orthu seo chun léargas a thabhairt do mhic léinn féidearth faoi Céard is Léann an Oideachais ann?

Line-break