We use cookies on this website. By using this site, you agree that we may store and access cookies on your device.

Sparánacht ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí’ 1916

Iarratais do 2019 oscailte anois

Déan iarratas anseo

Ceisteanna Coitianta

SPRIOCDHÁTA LE HAGHAIDH IARRATAS AN LUAN 24 MEITHEAMH. 

Tá áthas ar Chnuasach Institiúidí Ard-Oideachais ‘Leinster Pillar 1’ cuireadh a chur amach le haghaidh iarratas do Sparánacht 2019 – 2020, ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí’ 1916 ó iarratasóirí  a bheidh i dteideal ó na hInstitiúidí Ard-Oideachais seo a leanas – Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire (IADT); An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD); Institiúid Oideachais Marino (MIE); Coláiste na Tríonóide (TCD); agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath (UCD). Tá an sparánacht seo maoinithe ag an ‘Programme for Access to Higher Education (PATH) Fund’, atá faoi bhainistíocht an Údaráis um Ard-Oideachas (HEA) thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna (DES).

Tá sé mar aidhm ag an sparánacht tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch ó ghrúpaí nach mbíonn mórán daoine uathu san ard-oideachas, ina measc:

  • Grúpaí socheacnamaíocha a bhfuil ionadaíocht íseal acu san ard-oideachas
  • Mic léinn lánfhásta chéaduaire
  • Mic léinn le míchumas, go háirithe mic léinn le laige fhisiceach/shoghluaisteachta nó mic léinn le laige chéadfach, mic léinn atá bodhar nó le laige éisteachta agus mic léinn atá dall nó mic léinn lagamhairc
  • Lucht siúil ó Éirinn
  • Mic léinn atá ag tosú mar thoradh ar cháiliúchán breisoideachais
  • Tuismitheoirí aonair le híocaíocht de réir tástála acmhainne leas sóisialach ón Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Mionlaigh eitneacha

Le bheith i dteideal cur isteach ar an sparánacht seo caithfidh iarratasóirí a bheith in ann a thaispeáint go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus go dtagann siad ó cheann amháin ar a laghad de na grúpaí thuas.

Léigh ceisteanna coitianta chun tuilleadh eolais a fháil faoin bproiseas iarratais don sparánacht.

Sa bhliain  2019 – 2020 do mhic léinn Institiúid Oideachais Marino, tá suas le hocht sparánacht de €5,000 in aghaidh na bliana ar fáil d’fhad ama chlár fochéime an mhic léinn.

Tugtar cuireadh le haghaidh iarratas ó mhic léinn a bheidh ag tosú in Institiúid Oideachais Marino i Meán Fómhair 2019, do chlár fochéime lánaimseartha nó páirtaimseartha atá níos faide ná dhá bhliain.

 

CEISTEANNA

Cuir ríomhphost chuig 1916bursary@mie.ie

Is féidir achomhairc a chur isteach laistigh de chúig lá oibre tar éis d’iarrthóirí eolas a fháil faoi thoradh an phróisis iarratais. Déanfar achomhairc a mheas go neamhspleách ar an mbonn go ndearnadh an t-eolas a cuireadh ar fáil a iniúchadh, a mheas agus a scóráil i gceart. Ní bheifear in ann níos mó doicimead a chur ar fáil ag an gcéim achomhairc.