Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Sparánacht ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí’ 1916: Téarmaí agus Coinníollacha

  • Tá tairiscintí coinníollacha Sparánacht 1916 faoi réir go bhfaigheann an t-iarratasóir rathúil tairiscint ón Lár-Oifig Iontrála (CAO) i mbabhta 0, A nó 1 in Institiúid Oideachais Marino (MIE)
  • Tá Sparánacht 1916 coinníollach agus faoi réir go gcláraíonn an mac léinn rathúil in Institiúid Oideachais Marino agus go ndeimhníonn an mac léinn go bhfuil an mac léinn ag fáil an Ráta Speisialta den deontas SUSI  nó fáltas íocaíocht de réir tastála acmhainne leas sóisialach.
  • Is féidir na sparánachtaí seo a choinneáil do ghnáthfhad ama chlár fochéime a dtugtar faoi, faoi réir maoiniú a bheith ar fáil, clár fochéime lánaimseartha ceithre bliana ar a mhéid 
  • Ní féidir le mac léinn níos mó ná Scoláireacht/Sparánacht shuntasach amháin a bheith aige/aici. Sa chás go mbíonn mac léinn rathúil tar éis níos mó na sparánacht amháin a ghnóthú, ní bhronnfar ach an ceann is mó
  • Má bhronntar an sparánacht seo ní bheidh aon impleachtaí ann do mhac léinn a bhíonn i dteideal Deontas do Mhac Léinn (SUSI) nó ‘Back to Education’ BTEA
  • Is féidir glacadh leis an sparánacht a chur siar. Caithfear iarratas chun sparánacht a chur siar a dhéanamh nuair a bhíonn an tairiscint choinníollach á glacadh.
  • Má bhíonn ar mhac léinn staid a athdhéanamh, stopfar an sparánacht don bhliain sin agus atósófar í a luaithe is a théann an mac léinn ar aghaidh. Déanfar monatóireacht ar dhul chun cinn acadúil agus cuirfear tacaíocht oiriúnach ar fáil más gá
  • Beifear ag súil leis go gcomhlíonfaidh mic léinn rialúcháin a gcoláiste agus go ndéanfaidh siad aon mheasúnuithe/scrúduithe a leagann údaráis a gcoláiste síos dá gcúrsa
  • Tá sé de chead ag Institiúid Oideachais Marino an sparánacht a tharraingt siar mura n-éiríonn le mac léinn ar bhonn leanúnach caighdeáin acadúla a gcláir a chríochnú, nó má bhíonn ar an mac léinn aghaidh a thabhairt ar ghnímh smachta
  • Bíonn ar mhic léinn a mbronntar sparánacht 1916 orthu aon taillí atá ag dul don ollscoil a íoc. Má theipeann ar mhac léinn é sin a dhéanamh is féidir an scoláireacht a tharraingt siar.
  • Beidh ar iarratasóirí rathúla tuairisc ghearr bhliantúil a chur ar fáil, a n-úsáidfear sleachta aisti in ábhar poiblíochta agus i dtuairiscí chuig an Údarás um Ard-Oideachas
  • Tabharfar cuireadh do mhic léinn rathúla chuig ceiliúradh dámachtainí Sparánachtaí 1916, tógfar grianghraif de ghrúpaí ag an ócáid seo a bhféadfaí úsáid a bhaint astu in ábhar poiblíochta agus i dtuairiscí chuig an Údarás um Ard-Oideachas
  • Spreagfar scoláirí 1916 a bheith mar mheantóirí pobail ina n-institiúidí ard-oideachais agus ina bpobail áitiúla féin
  • Rianófar dul chun cinn agus torthaí scoláire 1916 do riachtanais tuairiscithe an HEA.