Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Sparánacht ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí’ 1916

Oscailte le haghaidh iarratais ó Luan 30 Samhain go dtí Aoine 4 Nollaig ar 12:00in

Déan iarratas anseo

Ceisteanna Coitianta

Tá áthas ar Chnuasach Institiúidí Ard-Oideachais ‘Leinster Pillar 1’ cuireadh a chur amach le haghaidh iarratas do Sparánacht 2020 – 2021, ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí’ 1916 ó iarratasóirí a bheidh i dteideal ó na hInstitiúidí Ard-Oideachais seo a leanas – Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire (IADT); An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD); Institiúid Oideachais Marino (MIE); Coláiste na Tríonóide (TCD); agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath (UCD). Tá an sparánacht seo maoinithe ag an ‘Programme for Access to Higher Education (PATH) Fund’, atá faoi bhainistíocht an Údaráis um Ard-Oideachas (HEA) thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna (DES).

Tá sé mar aidhm ag an sparánacht tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch ó ghrúpaí nach mbíonn mórán daoine uathu san ard-oideachas, ina measc:

  • Grúpaí socheacnamaíocha a bhfuil ionadaíocht íseal acu san ard-oideachas
  • Mic léinn lánfhásta chéaduaire
  • Mic léinn le míchumas, go háirithe mic léinn le laige fhisiceach/shoghluaisteachta nó mic léinn le laige chéadfach, mic léinn atá bodhar nó le laige éisteachta agus mic léinn atá dall nó mic léinn lagamhairc
  • Lucht siúil ó Éirinn
  • Mic léinn atá ag tosú mar thoradh ar cháiliúchán breisoideachais
  • Tuismitheoirí aonair le híocaíocht de réir tástála acmhainne leas sóisialach ón Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Mionlaigh eitneacha

Le bheith i dteideal cur isteach ar an sparánacht seo caithfidh iarratasóirí a bheith in ann a thaispeáint go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus go dtagann siad ó cheann amháin ar a laghad de na grúpaí thuas.

Léigh ceisteanna coitianta chun tuilleadh eolais a fháil faoin bproiseas iarratais don sparánacht.

Sa bhliain 2020 – 2021 do mhic léinn Institiúid Oideachais Marino, tá suas le hocht sparánacht de €5,000 in aghaidh na bliana ar fáil d’fhad ama chlár fochéime an mhic léinn.

Tugtar cuireadh le haghaidh iarratas ó mhic léinn a bheidh ag tosú in Institiúid Oideachais Marino i Meán Fómhair 2020, do chlár fochéime lánaimseartha nó páirtaimseartha atá níos faide ná dhá bhliain.

 

CEISTEANNA

Cuir ríomhphost chuig [email protected]

Is féidir achomhairc a chur isteach laistigh de chúig lá oibre tar éis d’iarrthóirí eolas a fháil faoi thoradh an phróisis iarratais. Déanfar achomhairc a mheas go neamhspleách ar an mbonn go ndearnadh an t-eolas a cuireadh ar fáil a iniúchadh, a mheas agus a scóráil i gceart. Ní bheifear in ann níos mó doicimead a chur ar fáil ag an gcéim achomhairc.