Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Labhraíonn Anne McMorrough, PhD, faoi Chódú sa Seomra Ranga ar Silicon Republic le haghaidh Sheachtain an Chódaithe, 2016.

Tá béim láidir ar theicneolaíocht agus ar theagasc sa chlár máistreachta do mhúinteoirí faoi oiliúint. Ritheann an léachtóir Anne McMurrough roinnt ceardlann le linn na bliana chun buneolas ar an gclár ríomhaireachta, Scratch, a thabhairt do na múinteoirí faoi oiliúint agus na bealaí inar féidir foghlaim agus spreagadh na bpáistí a chur chun cinn leis an gclár.

Creideann McMurrough go bhfuil an-deis ann cód a thabhairt isteach sa seomra ranga ach gur “cheist an-chasta é ar cheart machnamh ceart a dhéanamh air” ar gach leibhéal chun go n-éireodh leis. Is fearr léi códú a thabhairt isteach go hindíreach le clár mar Scratch. “Measaim go gcabhraíonn sé seo le páistí tuiscint a fháil ar fhadhbanna a réiteach le códú chomh maith le deis a thabhairt dóibh a bheith cruthaitheach ina smaointeoireacht agus ina bhfoghlaim”, a dúirt sí.

Le linn Sheachtain Códaithe an AE, rithfidh MIE dhá cheardlann idirghníomhacha do mhic léinn an chláir máistreachta. Tabharfaidh na ceardlanna buneolas do na múinteoirí faoi oiliúint ar Scratch lena úsáid sa seomra ranga. “Is é an aidhm ná a thaispeáint do na múinteoirí faoi oiliúint an bealach inar féidir códú a úsáid chun cur le litearthacht na bpáistí, mar shampla, ar bhealach spéisiúil seachas díriú ar Scratch mar uirlis códaithe amháin”, a dúirt sí. Reáchtálfar na ceardlanna i ndiaidh a chéile Déardaoin, an 20 Deireadh Fómhair ag tosú ag 9 am.

Chomh maith leis sin, tá McMurrough ag súil leis na ceardlanna seo a chur ar fáil do mhúinteoirí réamhsheirbhíse faoi oiliúint i rith na bliana chomh maith le mic léinn an chláir B. Eol san Oideachas Luath-Óige amach anseo.

Tá an t-alt iomlán ar fáil anseo:

https://www.siliconrepublic.com/careers/coding-in-the-classroom