Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

EITTT logoErasmus logo

Comhpháirtithe EITTT

Tá trí scoil agus trí institiúid oideachais múinteoirí (nó TEI mar is fearr aithne orthu sa Bhéarla) as ghrúpa tionscadail a bhfuil an tiomantas céanna acu don oideachas ionchuimsitheach agus a bhfuil an tuiscint chéanna acu ar na tosaíochtaí ar gá dul i ngleic leo chun go mbeidh an cur chuige oideachais seo mar chuid intuigthe de chleachtadh i scoileanna.

Institiúid Oideachais Marino (MIE), Éire

(An Dr Anne Ryan, Comhordaitheoir Foriomlán an Tionscadail)

Is Institiúid Ardoideachais í Institiúid Oideachais Marino (MIE) a phléann le teagasc, foghlaim agus taighde. Lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, is Coláiste Comhlachaithe é d’Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide. Is é misean MIE ná ‘Cuimsiú agus Barr Feabhas’ a chur chun cinn. Tá MIE ag plé leis an oideachas le níos mó ná 100 bliain anuas, le hoideachas tosaigh múinteoirí go háirithe. Le deich mbliana anuas, tá athshamhlú déanta ar fhís agus ar scóip ghníomhaíochtaí na hinstitiúide agus anois clúdaíonn siad leanúntas iomlán oideachais múinteoirí (oideachas tosaigh, inseirbhíse agus forbairt ghairmiúil leanúnach) chomh maith le hoideachas sainchleachtóirí ag leibhéal na luathbhlianta, an bhunoideachais agus an bhreisoideachais. Mar thoradh air sin, tá níos mó ná 800 mac léinn cláraithe in MIE ar na cláir seo a leanas: Baitsiléir san Oideachas (B. Oid.); Baitsiléir Eolaíochta (B. Eol. sa Léann Oideachais); Baitsiléir Eolaíochta (B. Eol., Oideachas Luath-Óige); Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunscoil); Máistir sa Léann Oideachais (Oideachas Idirchultúrtha); Máistir sa Léann Oideachais (Oideachas Luath-Óige); Máistir Ealaíon (Ceannaireacht Chríostaí san Oideachas); Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (Breisoideachas). Déanann TCD cláir acadúla MIE a bhailíochtú agus a chreidiúnú chomh maith le caighdeán na gclár a dhearbhú.

Tá an t-oideachas ionchuimsitheach ina ghné lárnach de chláir bhunchéime agus iarchéime MIE le haghaidh múinteoirí ionchais. Déanann gach múinteoir faoi oiliúint atá cláraithe ar an gclár B. Oid. a mhaireann ceithre bliana nó ar an gclár Máistir Ghairmiúil san Oideachas a mhaireann dhá bhliain cúrsa bliana san Oideachas Ionchuimsitheach agus socrúchán scoile deich lá i láthair oideachais speisialta chomh maith le raon de shocrúcháin i scoileanna príomhshrutha lena n-áirítear ceann amháin i limistéar faoi mhíbhuntáiste oideachasúil. Ar na comhpháirteanna den chlár Oideachais Chuimsithigh, tá Riachtanais Speisialta Oideachais (deacrachtaí foghlama agus míchumais foghlama), Míbhuntáiste Oideachasúil, Oideachas Idirchultúrtha agus Oideachas Forbartha.

Bíonn ar mhic léinn tiomantas, foghlaim agus forbairt scileanna praiticiúla ó thaobh na ionchuimsitheachta a léiriú le linn na gcúrsaí agus na socrúchán go léir.

Teagmháil:

An Dr Anne Ryan ([email protected])

 

Lukkarin koulu

Is bunscoil phríomhshrutha é Lukkarin koulu i ndeisceart na Fionlainne, 30 ciliméadar ón bpríomhchathair, Heilsincí. Is scoil phoiblí í ina bhfuil 300 dalta, naoi múinteoir déag agus ochtar cúntóirí riachtanas speisialta. Tá líon mór daltaí sa scoil a bhfuil riachtanais speisialta acu agus, toisc go bhfuil an scoil tiomanta don oideachas ionchuimsitheach, tá na daltaí sin i ranganna príomhshrutha a mhéad agus is féidir. Tá cúig rang speisialta sa scoil freisin le haghaidh daltaí a bhfuil riachtanais ar leith acu. Tháinig curaclam náisiúnta nua i bhfeidhm san Fhionlainn in 2016. Tá cleachtadh an oideachais ionchuimsithigh ina ghné lárnach den churaclam sin. Tá sé ina bhuntáiste mar sin agus líon mór daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu in Lukkarin koulu, go bhfuil an fhoireann sa scoil tar éis béim a leagan thar roinnt mhaith blianta ar struchtúir oideolaíocha mhaithe agus ar mhodheolaíochtaí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na láidreachtaí agus ar na riachtanais éagsúla i bpobal na scoile ar bhealach ionchuimsitheach.

Teagmháil:

Kirsi Lemponen ([email protected])

Coláiste Ollscoile Karel de Grote, Antuairp, an Bheilg

Is Institiúid Ardoideachais mhór i dtuaisceart na Beilge é Coláiste Ollscoile Karel de Grote (KdG). Tá foireann de 1,100 agus 13,500 mac léinn ann. Bunaíodh Coláiste Ollscoile Karel de Grote in 1994 nuair a rinneadh na trí choláiste ollscoile dhéag Chaitliceacha in Antuairp a chónascadh. Is é an coláiste ollscoile is mó sa réigiún anois. Clúdaítear Cúram Sláinte, Gnó, Eolaíochtaí Tionscail agus Teicneolaíochta, Oideachas, Amharc-Ealaíona agus Ealaíona Closamhairc, agus Obair Shóisialta agus Obair don Phobal ar na cláir atá ar fáil san ollscoil,. Tá na cláir seo comhdhéanta de daichead a naoi clár Baitsiléara, cúig chéim Baitsiléara (i ndiaidh chéim Bhaitsiléara), céim Mháistir amháin (i ndiaidh chéim Mháistir), fiche a haon cúrsa Forbartha Gairmiúla Leanúnaí, deich gcinn de chúrsaí Iarchéime agus ceithre chéim Mháistir. Tá cúig chéim Baitsiléara ghairmiúla sa Dámh Oideachais. Ina measc tá céimeanna san Oideachas Luath-Óige, san Oideachas Réamhscoile, sa Bhunoideachas agus san Oideachas Iar-Bhunscoile. Chomh maith leo siúd, soláthraíonn an Dámh Ardchéimeanna Baitsiléara san Oideachas a bhfuil roghanna Riachtanais Oideachais Speisialta ag baint leo; san Oideachas Speisialta agus Teagasc Feabhais (Bunoideachas); agus san Oideachas Speisialta agus Teagasc Feabhais (Meánoideachas). Tá Céim Idirnáisiúnta ann freisin chomh maith le dhá chlár Malartaithe Béarla. Ar na príomhghníomhaíochtaí eile in KdG tá taighde eolaíochta agus scaipeadh eolais lena n-áirítear tionscadail taighde, oiliúint, traenáil agus comhairleoireacht.

Teagmháil:

Bert Murawski ([email protected])

Dimotiko Sxoleio Anthoupolis KA, an Niocóis, an Chipir

Is bunscoil phríomhshrutha i mbruachbhaile i ndeisceart na Niocóise, sa Chipir, é Dimotiko Sxoleio Anthoupolis KA. Tógadh an bruachbhaile Anthoupolis chun tithíocht a chur ar fáil do dhídeanaithe / daoine easáitithe i ndiaidh ionradh na dTurcach in 1974. Táthar i mbun áiteanna cónaithe eile a chur ar fáil d’áititheoirí na bunláithreach dídeanaithe agus tá tionscadail shóisialta nua á bhforbairt ansin chun an limistéar a athbheochan. Is éard is ciall leis an ainm Gréigise ‘Anthoupolis’ ná ‘Cathair faoi Bhláth’, i.e. cathair atá ag bláthú agus ag fás. Faoi láthair tá 107 dalta ó 6 bliana d’aois go 9 mbliana d’aois cláraithe sa scoil. Tá 82% de dhaltaí na scoile ina ‘ndídeanaithe’ den tríú glúin, i.e. garchlann na ndaoine a easáitíodh le linn na corraíola polaitiúla sna 1970idí. Meastar go bhfuil stádas íseal socheacnamaíoch / ‘faoi mhíbhuntáiste’ ag cúlraí baile na ndaltaí sin. Meastar go bhfuil ‘riachtanais oideachais speisialta’ ag go leor de na daltaí, agus meastar go bhfuil ‘deacrachtaí foghlama’ ag aon chúigiú de phobal na scoile. Agus leibhéal inimirce agus gluaiseacht dhídeanaithe níos mó ná riamh ar siúl san Eoraip, tá dúshlán as cuimse roimh ár gcórais scoile tacaíocht agus straitéisí a bhunú a fhreastalóidh ar riachtanais na ngrúpaí socheacnamaíocha go léir i bpobal na scoile agus, ar deireadh thiar, a chabhróidh leo barr a gcumas a bhaint amach. Tá taithí fhada ag foireann bhunscoil Anthoupolis i soláthar tacaíochta den chineál sin agus cuirfidh siad a bhfuil foghlama acu i láthair na foirne tionscadail.

Teagmháil: Chrysoula Miltiadou ([email protected])

Coláiste Ollscoile Leuven-Limburg, Leuven, an Bheilg

Is Institiúid Ardoideachais i bhFlóndras é Vzw UC Leuven (KHLeuven roimhe seo) atá ag comhoibriú le dhá HEI eile faoin ainm UC Leuven-Limburg: Vzw UC Limburg (KHLim roimhe seo) agus Vzw UC Leuven Comenius Lerarenopleidingen (Grúpa T roimhe seo). Tá cáil ar UC Leuven-Limburg de bharr ardchaighdeán an teagaisc, an taighde agus na forbartha réigiúnaí a bhaineann leis. Tá níos mó ná tríocha clár gairmiúil Baitsiléara agus Foghlama Feadh an tSaoil i ndisciplíní éagsúla dírithe ar Chúram Sláinte, Obair Shóisialta, Gnó agus Tráchtáil, Oideachas Múinteoirí, Eolaíocht agus Teicneolaíocht. Is mar gheall ar thiomantas láidir UC Leuven-Limburg don taighde atá cláir oideachais úrscothacha ar fáil dá 15,000 mac léinn. Is iad príomhréimsí na hinstitiúide ná forbairt réigiúnach, foghlaim chumaisc (lena n-áirítear mórchúrsaí ar líne oscailte, nó MOOC mar is fearr aithne orthu sa Bhéarla, a fhorbairt), straitéisí foghlama feadh an tsaoil, idirnáisiúnachas agus taighde. Tá an polasaí taighde bunaithe ar chleachtadh agus dírithe ar thaighde feidhmeach.  Is é lár mhisean UC Leuven-Limburg sa réimse taighde ná teicneolaíocht nuálach a fhorbairt le haghaidh comhlachtaí agus teicneolaíocht nua a aistriú chuig an margadh. Cuireann UC Leuven-Limburg comhairleoireacht agus oideachas leanúnach ar fáil freisin do thionscail, d’eagraíochtaí agus do rialtais áitiúla.

Teagmháil:

Lijne Vloeberghs ([email protected])

Rigas 45. Vidusskola, Ríge, an Laitvia

Is scoil phríomhshrutha é 45ú Meánscoil Ríge a chuireann meánoideachas ginearálta ar fáil i Ríge sa Laitvia. Bunaíodh an scoil in 1951 agus tá 685 mac léinn cláraithe inti anois. Tá cur chuige ionchuimsitheach i bhfeidhm sa scoil le blianta fada ó thaobh oideachais de agus is é aidhm na scoile ná comhdheiseanna a cur ar fáil do na daltaí go léir. Mar gheall air sin, tá daltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu agus a meastar go bhfuil siad faoi ‘mhíchumais’ sa scoil chomh maith le daltaí a bhfuil deacrachtaí sóisialta / mothúchánacha acu, daltaí ó shraitheanna socheacnamaíocha éagsúla agus daltaí ar imircigh iad a dtuismitheoirí. Tá clár traschuraclaim ‘Oideachais Shóisialta’ forbartha agus curtha i bhfeidhm ag an scoil chun cur ar chumas na ndaltaí go léir a bheith rannpháirteach sa churaclam agus leas a bhaint as. Tá an clár seo dírithe ar dhaltaí a bhfuil deacrachtaí sóisialta/mothúchánacha acu a léiríonn é seo trí iompar dúshlánach, agus is é an aidhm ná go n-áireofar na daltaí seo go héifeachtach san oideachas príomhshrutha lena gcomhpháirtithe. Ceapadh an clár chun tacú leis na daltaí go léir a bhfuil sé dírithe air agus lena dteaghlaigh agus, toisc go bhfuil na daltaí cláraithe go lánaimseartha i ranganna príomhshrutha, leis na múinteoirí sa scoil. Gné eile den chlár atá lárnach sa chur chuige ionchuimsitheach ná an t-oideachas ceoil.

Teagmháil:

Iveta Liepina ([email protected])