Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

EITTT: Comhtheagasc

UCLL logo Erasmus logo

LA Leueven Group shot 1

Chuaigh foireann tionscadal EiTTT chomh maith le comhghleacaithe ó gach ceann de na hinstitiúidí agus de na scoileanna chuig an baile ollscoile Leuven atá 25 ciliméadar soir ón mBruiséil, sa chúige Brabant Fhlóndras. Chuir ár gcomhpháirtí Lijne Vloebergha agus a comhghleacaithe fáilte romhainn go UCLL.  Bhíomar bunaithe ar champas Hertogstraat in Heverlee, áit a bhfuil na mic léinn go léir, thart ar 5,000 acu, cláraithe ar chláir oideachais múinteoirí éagsúla san institiúid oideachais múinteoirí is mó i bhFlóndras.

‘Meoin a Mhúscailt’

Tagraíonn manna UCLL, ‘Meoin a Mhúscailt’, do dhearcadh agus do chur chuige an choláiste maidir le daoine a spreagadh agus smaointe a thiontú ina ngníomhartha. D’oir an fhís phraiticiúil, ghairm-bhunaithe seo go maith d’aidhmeanna fhoireann an tionscadail. Le linn cur i láthair ó bhéal agus i bhfíseáin, seimineár le hoideachasóirí, ceardlann, cuairteanna ar scoileanna agus plé le múinteoirí ranga, phléamar na bealaí inar féidir le hidéil pholasaí na hionchuimsitheachta don oideachas a chur i bhfeidhm sa chleachadh i scoileanna

‘Foraithne M’

Is stát feidearálach é Flóndras ina bhfuil oideachas á rialú agus á mhaoiniú go neamhspleách den chuid is mó sna trí phobal/réigiún éagsúla, faoi mhaoirseacht an rialtais fheidearálaigh. I bhFlóndras, an réigiún ina labhraítear Ollainnis i dtuaisceart na tíre, is é an ‘tOideachas Ionchuimsitheach’ an cheist mhór atá á plé i réimse an oideachais. Tagann sé seo sna sála ar reachtaíocht nua pharlaimint Fhlóndras a tugadh isteach i Meán Fómhair, 2015, a thugtar ‘Foraithne M’ uirthi. Éilíonn ‘M’, a thagraíonn don choincheap ‘Maatwerk’ (‘saindéanta’ – i.e. le haghaidh riachtanas oideachais an pháiste), go gclárófar gach dalta bunscoile agus meánscoile, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deacrachtaí foghlama acu nó atá faoi ‘mhionmhíchumas’, i scoileanna príomhshrutha ar an gcéad dul síos. Ba cheart go mbeadh gach dalta ag leanúint an churaclaim phríomhshrutha, agus ‘freastal réasúnta’ déanta dóibh dá mba ghá leis, le haghaidh mac léinn a bhfuil riachtanais bhreise acu. Cé go bhfuil scolaíocht speisialta fós ar fáil, ní mór go dtaispeánfar go soiléir gur gá don dalta an soláthar sin a bheith aige nó aici. Tá an bhéim sin ar ‘phríomhshruthú’ ag teacht le polasaí an AE maidir le hoideachais ionchuimsitheach. Tá sé ag teacht chun solais freisin i gcomhthéacs na himní a bhaineann le sonraí comparáideacha maidir le hoideachas páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu san Eoraip a thugann le tuiscint gurb ionann an céatadán de dhaltaí in oideachas ‘leithscartha’ i bpobal na bPléimeannach agus an céatadán is mó san Eoraip (An Ghníomhaireacht Eorpach don Fhorbairt san Oideachas um Riachtanais Speisialta, Sonraí Tíre 2010). Ceapadh ‘Foraithne M’ mar sin chun ceart an pháiste a bheith cláraithe i scoil phríomhshrutha a chosaint agus chun cosc a chur ar pháistí a chur ar aghaidh chuig scoileanna speisialta go ró-sciobtha agus, b’fhéidir, gan ghá.

Mar sin féin, is ceist chonspóideach é polasaí na hionchuimsitheachta i bhFlóndras mar atá sí i ndlínsí eile a bhfuil ionadaíocht acu sa chomhpháirtíocht tionscadail seo. Tá imní ann faoi chumas an chórais scoile príomhshrutha freastal ar riachtanais na bpáistí go léir. Tá grúpaí múinteoirí ag éileamh go ndéanfar infheistíocht airgeadais suntasach sna scoileanna príomhshrutha chun tacú leis na hathruithe infreastruchtúir agus na hacmhainní a chreideann siad gur gá leo chun go mbeidh oideachas ‘ionchuimsitheach’ fíor ann.  Chomh maith leis sin, táthar ag cur ceisteanna an bhfuil go leor ama agus tacaíochta á cur ar fáil do mhúinteoirí an cumas cuí a fhorbairt chun an t-athrú polasaí seo a chur i bhfeidhm. Tá spéis ag an bhfoireann tionscadail sna saincheisteanna seo agus is é buntuiscint ár dtionscadail ná má dhéanfar neamhaird de riachtanais na múinteoirí príomhshrutha le linn athraithe den chineál seo, tá baol ann go ndéanfar idéil na hionchuimsitheachta a chumasc leis an gcleachtas imeasctha. Tá rud an-dearfach ar siúl mar fhreagairt ar an gceist seo i bhFlóndras. Tá clár píolótach ath-imlonnaithe i bhfeidhm a chuir thart ar 180 múinteoir ó scoileanna speisialta chuig scoileanna príomhshrutha chun go n-oibreoidh siad i gcomhar le múinteoirí (comhtheagasc) sa chóras sin. Déanann an clár seo cúiteamh ar na caillteanais phost i scoileanna speisialta.

Comhtheagasc in UCLL

I bhfianaise na bhforbairtí seo, is é cuspóir na cuairte ar UCLL ná féidearthachtaí an chomhhtheagaisc a phlé, mar straitéis ullmhúcháin do chleachtaidh oideachais ionchuimsithigh go háirithe. Is éard atá i gceist leis an gcomhtheagasc ná beirt chleachtóirí ranga (múinteoirí; óstmhúinteoir agus múinteoir faoi oiliúint; múinteoirí faoi oiliúint) ag roinnt na pleanála, an teagaisc agus na ngníomhaíochtaí meastóireachta. Mar sin, d’fhéadfaí an straitéis a úsáid do roinnt cuspóirí éagsúla: ullmhúchán múinteoirí a fheabhsú; freastal ar riachtanais forbartha gairmiúla múinteoirí oilte; agus, sa deireadh thiar, chun deiseanna foghlama níos fearr a thabhairt do gach páiste sa rang. Chomh maith leis sin, tá deis ag baint leis do mhúinteoirí faoi oiliúint atá ag obair le hóstmhúinteoirí, nó ina mbeirteanna, chun a bhfoghlaim faoin gcleachtadh ionchuimsitheach a chur chun cinn. In UCLL, is chun gach ceann de na cuspóirí seo a chuirtear an comhtheagasc chun cinn, agus baintear úsáid ar leith as do chur chuige trí shnáithe maidir le múinteoirí faoi oiliúint a ullmhú don chleachtadh ionchuimsitheach.

Phléigh an fhoireann tionscadail coincheapa éagsúla agus cineálacha cur chuige éagsúla comhtheagaisc lena n-áirítear:

Duine ag múineadh, duine ag cabhrú

LA Leuven fig 1

Cén fáth?

  • Chun cabhrú le daltaí aonair
  • Tá saineolas ar leith ag an múinteoir atá ag cabhrú
  • Bíonn an múinteoir atá ag cabhrú ag féachaint agus tugann sé/sí aiseolas sonrach don mhúinteoir comhpháirtí

Cathain?

  • I suíomhanna comhtheagaisc nua
  • Nuair a éilíonn an ceacht áirithe sin oiliúint ó dhuine amháin
  • Nuair a theastaíonn treoir bhreise ó roinnt daltaí

------------------------------------

 

Duine ag múineadh, duine ag breathnú

LA Leuven fig 2

Cén fáth?

  • Chun eolas a bhailiú ar ghnáthchúrsaí an ranga nó ar dhaltaí ar leith
  • Chun breathnú ar an gcaidreamh idir daltaí

Cathain?

  • Chun comhtheagasc a thabhairt isteach
  • Nuair atá ceisteanna/imní ann faoi dhalta ar leith
  • Chun aird a tharraingt ar dheacrachtaí foghlama

 

--------------------------------------------

 

Teagasc Stáisiún

LA Leuven fig 3

Cén fáth?

  • Cóimheas níos ísle idir múinteoirí agus daltaí
  • Deis chun ábhair éagsúla / gnéithe éagsúla d’ábhair a mhúineadh ag an am céanna
  • Chun éagsúlacht a thabhairt isteach agus chun díriú ar bhuanna éagsúla

Cathain?

  • Oibríonn daltaí i ngrúpaí níos lú
  • Nuair nach ábhar ordlathach atá sa cheacht

--------------------------------------------

Teagasc Comhuaineach

LA Leuven fig 4

Cén fáth?

  • Cóimheas níos ísle idir múinteoirí agus daltaí
  • Chun rannpháirtíocht a mhéadú ag am plé
  • Chun daltaí áirithe a leanúint agus a threorú ar bhealach níos cruinne
  • Chun níos mó deiseanna cumarsáide le daltaí a chruthú

Cathain?

  • Nuair atá ábhar / topaic nua á tabhairt isteach
  • Roimh theagasc, cleachtadh, cleachtadh breise
  • Comharfhoglaim

 

-------------------------------------------

 

Teagasc Comhroghnach

 LA Leuven fig 5

Cén fáth?

  • Nuair atá athbhreithniú nó saibhriú foghlama ag teastáil ó dhaltaí áirithe
  • Chun meastóireacht a dhéanamh 

Cathain?

  • Réamhtheagasc
  • Athbhreithniú ar fhoghlaim a rinneadh roimhe
  • Páistí nua
  • Chun freastal ar shaineolas áirithe na múinteoirí

 

----------------------------------------

Obair Foirne

LA Leuven fig 5

Cén fáth?

  • Chun rannpháirtíocht chomhoibríoch a léiriú (múinteoirí ag obair le chéile / idirghníomhaíocht)
  • Chun béim a leagan ar chomhionannas idir múinteoirí
  • Tá saineolas ar leith ag gach múinteoir

Cathain?

  • Má oibríonn múinteoirí go maith le chéile
  • Le haghaidh ábhar nua, téamaí leathana

(Foinse: An Scoil Oideachais, Ollscoil Stát California, Chico)

-----------------------------------------------

Rinneamar amach go raibh buntáistí ag baint le gach cineál cur chuige. Braithfidh cinntí faoi straitéisí ar thréithe agus ar riachtanais daltaí, an churaclaim, an ábhair, ar cheisteanna praiticiúla ranga agus ar rogha an mhúinteora.

Téamaí a pléadh le linn comhphlé le hoideachasóirí múinteoirí ó UCLL:

  • Cén fáth an comhtheagasc? 
  • Comhtheagasc i gcuraclam oideachais múinteoirí in UCLL. Bunteoiric an mhodha seo
  • Na hóstmhúinteoirí a ullmhú don chomhtheagasc
  • Dearcaí múinteoirí faoi oiliúint faoi chomhtheagasc
  • An ndéanfaidh cleachtadh an chomhtheagaisc múinteoirí níos ionchuimsithí as múinteoirí faoi oiliúint.
  • An féidir go mbeidh múinteoirí faoi oiliúint ina múinteoirí níos inchuimsithí mar thoradh ar an gcomhtheagasc.

Thugamar faoi deara le linn an phlé sin, le linn idirghníomhaíochtaí eile le hoideachasóirí múinteoirí agus le linn chuairt ar scoil go ndéantar na nithe seo a leanas in UCLL:

  • Tugtar eolas ar choincheapa agus ar chleachtadh an chomhtheagaisc do mhúinteoirí faoi oiliúint ó thús a gcúrsaí.
  • Moltar do mhúinteoirí faoi oiliúint ar chláir bhaitsiléara éagsúla, go háirithe i ndiaidh an chéad bhliain, an comhtheagasc a dhéanamh, i.e. pleanáil, teagasc agus meastóireacht a dhéanamh le chéile le linn socrúcháin scoile le haghaidh cleachtadh sa rang.
  • Éilítear ar mhúinteoirí faoi oiliúint ar an gclár Ardbhaitsiléara [Riachtanais Oideachais Speisialta] an comhtheagasc a dhéanamh ina mbeirteanna le linn an tsocrúcháin ceithre seachtaine sna scoileanna i bpobail a meastar gur pobail faoi ‘mhíbuntáiste’ socheacnamaíoch iad. Ceapadh an straitéis seo chun go mbeidh na múinteoirí faoi oiliúint níos mó i dtiúin leis na foghlaimeoirí éagsúla i ranganna príomhshrutha agus go mbeidh siad níos freagrúla dóibh agus, mar gheall air sin, go n-éascófar rannpháirtíocht níos mó ó na foghlaimeoirí uile san oideachas.
  • Ag céim níos déanaí den chlár céime sin [Riachtanais Oideachais Speisialta], cuireann na mic léinn a n-eolas ar an oideachas speisialta i bhfeidhm i ranganna príomhshrutha agus moltar dóibh an comhtheagasc a dhéanamh leis an múinteoir príomhshrutha agus, ar an mbealach sin, a saineolas faoi seach a roinnt lena chéile.
  • Is é a thuairiscíonn múinteoirí ranga príomhshrutha a bhíonn ina n-óstaigh do mhúinteoirí faoi oiliúint ó UCLL go minic ná gurb é toradh an chomhtheagaisc, le haghaidh múinteoirí faoi oiliúint agus a ndaltaí, ná foghlaim i bhfad níos fearr.
  • Léiríonn oideachasóirí múinteoirí in UCCL an comhtheagasc go minic.

1. Comhtheagasc agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

  • Moltar forbairt ghairmiúil leanúnach (nó CPD mar is fearr aithne ar sa Bhéarla) le haghaidh múinteoirí i bhFlóndras ach ní thugtar sainordú é a dhéanamh. Moltar comhtheagasc in UCLL mar mhodh CPD éifeachtach. D’inis oideachasóirí múinteoirí dúinn faoi na ‘pobail ghairmiúla foghlama’ atá forbartha acu sna scoileanna inar roghnaigh múinteoirí oilte go ndéanfaidís comhtheagasc.

Léirigh siad:

-          ‘An luach a bhaineann le comhtheagasc a dhéanamh ó thus do ghairme teagaisc mar mhodh CPD’

-          ‘An tábhacht a bhaineann le rogha a bheith ann maidir le cur chuige den chineál seo a chur i bhfeidhm. Toisc go bhfuil muinín idir na comhpháirtithe rí-thábhachtach, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag múinteoirí gan an comhtheagasc a dhéanamh agus gan múinteoirí a roghnú mar chomhpháirtithe. Tá tábhacht ag baint le tosca mar phearsantacht an mhúinteora chomh maith le stíleanna oibre agus teagaisc.’

-          ‘Tá tábhacht ag baint leis an timpeallacht scoile freisin. Tá sé cabhrach go dtacaíonn príomhoidí leis an straitéis seachas a bheith ag iarraidh cur ina coinne.’

-           ‘Is iad na múinteoirí a moltar an comhtheagasc dóibh mar bhealach chun cleachtas ranga níos ionchuimsithí a fhorbairt is mó a chuirfidh i bhfeidhm é.’

2. Comhtheagasc agus Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim

Tugadh an teoiric Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim isteach ar chláir oideachais múinteoirí in UCLL le déanaí. Tá sé bunaithe ar an bprionsabal:

Gur gnáthrud é an éagsúlacht i ranganna agus, mar sin, gur cheart do mhúinteoirí a bheith ag smaoineamh agus ag pleanáil ar an mbonn sin.

Moltar do mhúinteoirí faoi oiliúint in UCLL ceachtanna don chleachtadh sa rang a phleanáil de réir chreatlach UCLL, i.e. Ilmhodhanna a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

  • Eolas a léiriú (roghanna tuisceana, teanga, slonn matamaitice, siombailí, tuiscint)
  • Gníomhaíocht agus eispéireas (roghanna gníomhaíochtaí fisiciúla, léirithe agus cumarsáide)
  • Idirghníomhaíocht (roghanna chun suim a mhúscailt, chun iarracht agus diongbháilteacht a choinneáil ar siúl, féin-rialú)

Níl aon amhras ann faoin teoiric Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim. Aontaíodh bhaill na foirne tionscadail, áfach, go bhfuil ceist fós ann faoi conas is féidir le múinteoirí nua é a chur i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé go ndéanfadh iarrachtaí é a chomhtháthú leis an gcreatlach i rith pleanála agus i rith cleachta ina dhiaidh sin gan an tacaíocht chuí a bheith ar fáil na dúshláin a bhaineann leis an teagasc a fhoghlaim a ghéarú. Mar a thuairiscíonn múinteoirí faoi oiliúint i gcónaí: ‘Caithfidh aithne a bheith agat ar na páistí ar dtús’; ‘Caithfidh scileanna maithe bainistíochta ranga a bheith agat’; Caithfidh taithí a bheith agat …’

Ár dtátal: D’fhéadfadh múinteoirí faoi oiliúint cur i bhfeidhm phrionsabail luachmhara UDL a fhoghlaim trí chomhtheagasc a dhéanamh leis na hóstmhúinteoirí le linn an eispéiris scoile.

3. Bochtaineacht agus Oideachas

(Comhtheagasc chun Míbhuntáiste Oideachasúil a Chomhrac)

 “Tá (tuairim is) páiste as gach ochtar sa Bheilg ag maireachtáil i mbochtaineacht – i.e. 2–3 páistí i ngach rang” *

Tá taighde luachmhar ar siúl in UCCL atá dírithe ar an gcóras oideachais mar ionstraim athghiniúna sóisialta, ról a bhfuil neart fianaise air. Léirigh an fhoireann d’oideachasóirí múinteoirí / taighdeoirí atá i mbun na staidéar seo sonraí dúinn faoina gcur chuige déach, ina ndírítear ar oideachasóirí múinteoirí agus ar mhúinteoirí faoi oiliúint araon. Agus an staitistic* fhollasach thuas á cur i láthair dúinn, mhínigh an fhoireann taighde go bhfuil a gcuid oibre dírithe ar an ‘gcuraclam folaithe’ in oideachas múinteoirí. Toisc go bhféadfadh sé sin a bheith le feiceáil i dtús báire i ndearcthaí oideachasóirí múinteoirí a d’fhéadfadh a bheith ina ndearcthaí meánaicmeacha, tá a dtaighde tar éis an deis a thabhairt d’oideachasóirí múinteoirí agus do mhúinteoirí faoi oiliúint páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí pobail (i.e. i dteaghlaigh áitiúla) i gcomhar le ‘t lampeke’ – eagraíocht for-rochtana pobail neamhbhrabúis atá bunaithe i Leuven a fhéachann le bochtaineacht a chomhrac.

Cé go n-aithníonn an fhoireann tionscadal luach an tionscnaimh seo, rinne siad amach go bhféadfadh go mbeadh dúshlán chomh mór céanna ag baint le cleachtadh ionchuimsitheach sa rang a dhéanamh roimh mhúinteoirí tuisceanacha díograiseacha. Athdhearbhaímid ár dtuairim, mar sin, gur cheart go mbeadh freagairtí scoil-bhunaithe ag cur le deiseanna forbartha múinteoirí den chineál sin, e.g., trí sholáthar a dhéanamh don chomhtheagasc agus trí chomhtheagasc a mholadh.

  • Feiceann beirt mhúinteoirí níos mó ná múinteoir amháin.
  • Is féidir le beirt mhúinteoirí níos mó a fhoghlaim trí mhachnamh a roinnt ar fhoghlaim na bpáistí sna ranganna.
  • D’fhéadfadh beirt mhúinteoirí ag obair le chéile freastal níos éifeachtaí ar na páistí go léir.

LA Leuven Group Shot 2