Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Cód CAO: CM010

Pointí Iontrála CAO 2023: 317 pointí (318 pointí in 2022)

Céard é an B.Eol. i Léann an Oideachais?

Tarlaíonn an t-oideachas i réimse leathan áiteanna agus le linn ár saoil go léir – ní hamháin sna foirgnimh scoile agus ní hamháin agus muid óg. Má roghnaíonn tú an B.Eol. i Léann an Oideachais, foghlaimeoidh tú faoin iliomad bealaí, amanna agus áiteanna ina bhfoghlaimíonn daoine, maille leis an gcaoi ar tháinig athrú ar na rudaí seo i gcaitheamh na haimsire. Gheobhaidh tú léirthuiscint ar an mbealach a gcuireann an t-oideachas le saol an duine agus faoin mbealach a gcabhraíonn cuir chuige éagsúla le daoine éagsúla ag tréimhsí éagsúla ina saol, ag brath ar an méid atá le foghlaim acu. Foghlaim faoi na deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla atá ar fáil do dhaoine, is cuma más é seo an chéad uair nó an dara huair dóibh taithí a fháil ar thairbhe an oideachais.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Le linn an chláir, foghlaimeoidh tú faoi oideachas daoine fásta, oideachas na ndéag agus faoin oideachas luath-óige trí fhreastal ar ranganna, tríd an bhfoghlaim theagmhach, tríd an léitheoireacht agus trí fhorbairt scileanna. Cuimsíonn na modúil a dhéantar ar an gclár téamaí an oideachais fadsaoil, cúrsaí eitice agus ceartas sóisialta, oideachas agus cultúr, ina theannta le polasaithe agus cleachtais oideachais. Clúdaíonn na modúil an teicneolaíocht, na healaíona, ceapadh curaclaim agus cláir, anailís pholasaí agus i bhfad eile. Chomh maith leis na croímhodúil, roghnóidh tú modúl speisialachais, i réimse a gcuireann tú spéis ann, agus tabharfaidh tú aghaidh air sin sna trí bliana den chlár. Roghnóidh tú modúl roghnach gach uile bhliain.

 

Socrúchán Oibre

Is cuid lárnach de gach bliain é an socrúchán oibre. Is féidir leis an socrúchán seo a bheith ar siúl in ionaid oideachais, in eagrais neamhrialtasacha, in eagraíochtaí na n-ealaíon/ cultúir agus na meán, i gcláir um oideachas pobail, i gcláir atá á reáchtáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar aon le bheith in institiúidí foirmiúla oideachais idir an réamhscolaíocht, an tríú leibhéal agus an breisoideachas. Tugann gach mac léinn faoi intéirneacht sa bhliain dheireanach den chlár ina rogha suíomh oideachais.

 

Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Tugann an chéim sa B.Eol. i Léann an Oideachais scileanna agus cumais duit a bheidh úsáideach i réimse leathan gairmeacha. Tá go leor deiseanna ar fáil i réimse an oideachais agus oiliúna. Ar chríochnú an chláir duit, is féidir a bheith ag obair mar theagascóir do dhaoine fásta, mar dhearthóir teagascach, mar oifigeach oideachais, nó mar chomhairleoir oideachais.

 

Cé na deiseanna gairmiúla eile atá ar fáil dom?

Mar gheall ar nadúr dibhéirseach an chláir, ar chríochnú an chláir seo atá ar leibhéal 8, is féidir le mic léinn breis staidéir a dhéanamh i réimsí oiliúna, forbartha agus oideachais. Is féidir leo freisin iarratas a chur isteach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) in Institiúid Oideachais Marino nó in áiteanna eile.

 

LIOSTA NA MODÚL

BLIAIN 1

  • An chaoi a bhfoghlaimíonn daoine
  • Céard is oideachas ann?
  • Oideachas Daoine Fásta
  • An tOideachas agus na hEalaíona 1
  • Cumarsáid don Oideachas
  • An Teicneolaíocht don Mhúineadh agus don Fhoghlaim
  • Speisialtóireacht*
  • Modúl Roghnach**

 

BLIAIN 2

  • Ceisteanna Reatha agus Conspóidí san Oideachas
  • Forbairt agus Ceapadh Curaclaim agus Cláir
  • Déagoideachas
  • An tOideachas agus na hEalaíona 1
  • Oideachas Forbartha
  • Oideachas Idirchultúrtha
  • Speisialtóireacht *
  • Modúl Roghnach**

 

BLIAIN 3

  • Polasaí agus Cleachtas Oideachas na hÉireann a Thuiscint
  • Staidéar ar an Múinteoireacht
  • An Óige
  • An Fhianaise san Oideachas
  • Measúnú agus Meastóireacht
  • An tOideachas mar Shaoradh nó mar Dhaoradh
  • Speisialtóireacht *
  • Modúl Roghnach**

 

BLIAIN 4

  • Scileanna Eagrúcháin agus Foghlama
  • Intéirneacht
  • Modhanna Taighde
  • Tráchtas
  • *Modúil Roghnacha sa Speisialtóireacht (Roghnaigh ceann do na blianta 1-3)
  • Gaeilge
  • An tOideachas don Chlaochlú
  • Oideachas Luath-Óige

 

**Modúil Roghnacha (Roghnaigh ceann gach bliain)

  • Oideachas trí mhéan na Gaeilge
  • Teanga an oideachais
  • An dlí agus an t-oideachas 
  • Constaicí i leith an oideachais
  • Eagraíochtaí oideachais a thuiscint
  • Léann na luath-óige
  • Bainisteoireacht airgeadais san oideachas
  • Dearadh teagascach
  • Féinchúram agus folláine san ionad oibre

 

TABHAIR FAOI DEARA: Ní bhíonn gach rogha ar fáil gach bliain

 

Eolas ginearálta

Cód CAO: cm010

Tréimhse: 4 bliana lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

 

Íosriachtanais iontrála

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 2

Íosmhéid ábhair ghnáthleibhéil: 4

Íosghráid: Matamaitic – Gnáthleibheal 3

Béarla – Gnáthleibhéal D3, Teanga – Gnáthleibhéal D3

Íosriachtanas Pointí CAO: 310

 

Riachtanais FETAC

Mórghradam iomlán Leibhéal 5 i gceann de na réimsí seo a leanas, le céad onóracha i 5 mhodúl ar a laghad: Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh; Ceardaíocht Chruthaitheach; Dearadh; Dearadh Grafach; Riarachán; Riarachán Oifige; Staidéar Sóisialta Feidhmeach; Léiriú Ilmheánach; Staidéar Gnó; Oideachas agus Oiliúnt; Proiseáil Eolais; Léann Cultúrtha agus Oidhreachta; Teanga agus an Léann Eorpach; Staidéar Ginearálta; Cúram agus Oideachas Luath-Óige; Cúram Pobail; Scileanna Seirbhís Sláinte; Iriseoireacht; Ceol.

 

UASIONTRÁIL

Má tá bliain nó dhó bainte amach ag mac léinn i gcúrsa lánaimseartha cosúil leis seo ag leibhéal céime, is féidir leis/ léi iarratas a chur isteach don uasiontráil ar an gclár B.Eol. i Léann an Oideachais. Tá líon teoranta áiteanna ann agus ní mór d’iarratasóirí na híosriachtanais go léir a shásamh mar aon le hagallamh a dhéanamh. Déan teagmháil le admissions@mie chun eolas a fháil faoi.