Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Baitsiléir san Oideachas (B.Oid.)

Cóid CAO: CM001/ CM002* (Iarratasóir Gaeltachta)

Pointí Iontrála CAO 2023

  • CM001 - 477 pointí (496* pointí in 2022)
  • CM002 - 451 pointí (455 pointí in 2022)

Céard é an Baitisléir san Oideachas?

Ceann de na gairmeacha as a mbaineann tú an méid is mó taitnimh agus tairbhe ná nuair a bhíonn tú ag cabhrú leis an aos óg foghlaim. Tríd an gcúrsa Baitsiléara san Oideachas a roghnú, tá tú ag tosú amach ar chúrsa ceithre bliana ina n-ullmhófar thú le hobair a dhéanamh i mbunscoileanna na hÉireann. Gheobhaidh tú amach faoi na bealaí a bhfoghlaimíonn páistí conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh; foghlaimeoidh tú conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?

Le linn na gceithre bliana den chúrsa, foghlaimeoidh tú conas páistí idir 4 agus 12 bliana a mhúineadh. Sna modúil bhonnstaidéir, foghlaimeoidh tú conas a fhoghlaimíonn páistí, na toscaí a imríonn tionchar ar a bhfoghlaim agus an chaoi ar tháinig athrú ar ár dtuiscint air sin seo thar am. Faigh eolas breise ar na hábhair churaclaim agus foghlaim modhanna beachta maidir le hábhair uile na bunscoile a mhúineadh. Faigh taithí ar na dúshláin agus an sásamh a bhaineann leis an múinteoireacht tríd an socrúchán a dhéanamh i dtimpeallacht thacúil.

Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint a amach le tú a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phatrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Ta deis ann chomh maith staidéar a dhéanamh chun teastas a fháil sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Socrúchán Scoile

I gcaitheamh na gceithre bliana den chlar B.Oid., beidh réimse de thaithí socrúcháin agat. Beidh deiseanna agat socrúcháin a dhéanamh i scoileanna uirbeacha agus tuaithe, scoileanna aonghnéis agus scoileanna comhoideachais, suíomhanna ilghrádacha agus aonghrádacha, scoileanna le stádas faoi mhíbhuntáiste agus Gaelscoileanna nó Scoileanna Gaeltachta. Tabharfaidh tú faoi shocrúchán Oideachais Speisialta sa dara bliain den chlár freisin. Tugann sé seo seans duit taithí a fhail ar shaol na scoile i gcomhthéacsanna éagsúla.

 

An Ghaeltacht

Mar chuid den chlár B.Oid., ní mór duit am a chaitheamh, de ghnáth dhá choicís, sa Ghaeltacht chun eolas níos fearr a fháil ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach. Íocann mic léinn an táille seo caoldíreach leis an gColáiste Gaeltachta.

Déan íoslódáil ar na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht anseo.

Déan íoslódáil ar Ábhar Tacaíochta 1 agus Ábhar Tacaíochta 2 do na Tréimhsí sa Ghaeltacht anseo.

Céard iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Faigheann formhór na gcéimithe ón gclár B.Oid. post mar bhunmhúinteoirí i bPoblacht na hÉireann. Imíonn roinnt díobh thar lear le Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise nó le múineadh i mbunscoil in áit eile. Ó am go chéile, oibríonn céimithe i réimsí nach mbaineann le cúrsaí oideachais, mar shampla sna meáin nó déanann siad taighde.

 

Céard iad na roghanna eile atá ar fáil dom?

Tar éis tamaill, tugann roinnt céimithe faoi staidear breise ag leibhéal dioplóma, máistreachta nó dochtúireachta. Leis an gcáilíocht bhreise seo, tá féidearthachtaí garimiúla eile ann a bheith i do cheannaire curaclaim i scoil, i do phríomhoide, i d’oideachasóir múinteoirí, i do shíceolaí oideachais nó i do chigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

 

LIOSTA NA MODÚL

Bliain 1Bliain 2Bliain 3Bliain 4
Socrúchán Scoile agus Léann an tSocrúcháin Scoile
MeánrangannaRanganna SinsearachaOideachas Luath-ÓigeAn Tionscadal Taighde
Bonnstaidéar
Tuiscintí Fealsúnacha agus Stairiúla ar an Oideachas 1Léann TeangaOideachas Luath-ÓigeTuiscintí Fealsúnacha agus Stairiúla ar an Oideachas 2
An tSíceolaíocht san Oideachas

Socheolaíocht/
Síceolaíocht san Oideachas

Curaclam agus Measúnú/
Socheolaíocht

Oideachas Uileghabhálach/
Síceolaíocht/
Oideachas Luath-Óige
Oideachas UileghabhálachLéann Litríocht na nÓg
Léann an Churaclaim/Modheolaíocht
Múineadh an Bhéarla/Múineadh na GaeilgeMúineadh an Bhéarla/Múineadh na GaeilgeMúineadh an Bhéarla/Múineadh na GaeilgeMúineadh an Bhéarla/Múineadh na Gaeilge
Múineadh na Matamaitice/
Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE)
CorpoideachasCorpoideachasMúineadh na Matamaitice
CorpoideachasOideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS)Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS)Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE)
Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS)Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE)/
Múineadh na Matamaitice
Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE)/
Múineadh na Matamaitice
Oideachas na nEalaíon (Ceol)
Oideachas na nEalaíon (Na hAmharcealaíona)Oideachas na nEalaíon (Drámaíocht)Oideachas na nEalaíon (Drámaíocht)
Oideachas Reiligiúnach
Léann Gairmiúil/Cleachtas Múinteoireachta
Teagasc & Foghlaim 1 (Garchleachtas)Teicneolaíochtaí CruthaitheachaTeagasc & Foghlaim
Cumarsáid, Eagrúchán agus Bainisteoireacht an tSeomra RangaComhtháthú, Samhlaíocht, Nuálaíocht an ChuraclaimCumas Cumarsáideach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla don Scoil agus do Phobal na ScoileAn Múinteoir mar Ghairmí Eolach (Matamaitic)
Eolas an Ábhair/Speisialacha maidir le Cumas in Eolas Ábhair
Teanga, Litearthacht agus Litríocht an Bhéarla/na GaeilgeTeanga, Litearthacht agus Litríocht an Bhéarla/na GaeilgeMatamaiticSpeisialachas Taighde agus Miontráchtas

Eolas ginearálta

Cóid CAO: CM001/CM002

Fad an Chúrsa: 4 bliana lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas

Foras cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Íosriachtanais Iontrála

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 3 (H5 ar a laghad ach féach íosriachtanais ar leith thíos don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic)

Íosghráid ar Leith:  

Gaeilge: H4

Béarla: H7 / O4         

Matamaitic: H7 / O4

Iarratasóirí Lánfhásta

Má tá tú ag cur isteach iarratas lánfhásta do bhunmhúinteoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Institiúid Oideachais Marino, Coláiste Mhuire gan Smál nó Ollscoil Mhá Nuad: is gá duit iarratas a chur isteach tríd an CAO roimh 1 Feabhra ar 17.15in. I mí an Mhárta, cuirfear ríomhphost (chuig an gcuntas ríomhphoist atá cláraithe ag do chuntas CAO) chucu siúd atá incháilithe le treoracha maidir le foirm bhreise a chomhlíonadh agus a chur isteach. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an íosriachtanais agus an próiseas roghnaithe do mhic léin lánfhásta, mar atá leagtha síos ag Roinn and Oideachas agus Scileanna, cliceáil anseo le do thoil.