Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Liosta na Modúl i mBliain a hAon den Bhaitsiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)

Cód an Mhodúil:ED8109Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

Tugann an modúl seo deis do na mic léinn iad féin a shuí i gcomhthéacs an chórais reatha, ag tabhairt aird ar fhorbairt stairiúil náisiúnta agus idirnáisiúnta an oideachais. Agus an t-eolas seo acu, beidh na mic léinn in ann tuiscint a fhorbairt ar leanúnachas agus athruithe i leith an oideachais. I sochaí atá ag gluaiseacht ar aghaidh go tapa, ba cheart go mbeadh mic léinn in ann polasaithe agus cleachtais oideachais a mheas go criticiúil agus anailís a dhéanamh ar na forbairtí atá ag teacht chun cinn.

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Cur síos a dhéanamh ar fhorbairt an chórais bhunoideachais in Éirinn
  • Anailís chriticiúil a dhéanamh ar ról na bpáirtithe leasmhara éagsúla a bhaineann le bunú an chórais oideachais in Éirinn      
  • Gnéithe de chóras oideachais na hÉireann a léirmhíniú i gcomhthéacs forbairtí idirnáisiúnta oideachais
  • Polasaithe oideachais a imscrúdú ó dhearcadh stairiúil agus fealsúnachta
  • Plé mionsonraithe a dhéanamh ar thopaic, údar a thabhairt lena dtuairim féin agus malairt tuairimí a mheas
  • Samplaí agus argóintí oiriúnacha a úsáid a léiríonn roinnt machnaimh phearsanta chriticiúil, lena n-áirítear a smaointe agus a n-eispéiris féin

Modh Measúnaithe

Scrúdú (3 uair) 100%

Cód an Mhodúil:ED8108Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

Tabharfaidh an modúl seo bunús tuisceana do na mic léinn ar na bunmhodhanna agus na bundearcthaí a bhaineann le smaointeoireacht na síceolaíochta agus ar an gcaoi gur féidir iad a chur i bhfeidhm san oideachas, sa mhúinteoireacht agus san fhoghlaim. Bainfear úsáid mhór as síceolaíocht na forbartha chun scoileanna smaointeoireachta síceolaíochta éagsúla agus an chaoi a gcuireann siad síos ar fhoghlaim agus ar fhorbairt páistí ar dhóigh iomlánaíoch a léiriú (fisiceach, sóisialta, mothúchánach, cognaíoch, morálta, teangeolaíoch, etc.). Molfar do na mic léinn cuir chuige chriticiúla anailíseacha a fhorbairt ó thaobh a gcuid oibre de. Cé go mbaineann na cineálacha cur chuige sin le staidéar ar an tsíceolaíocht, is féidir iad a aistriú go disciplíní agus go hábhair eile sa B. Oid.

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Roinnt den iliomad gnéithe a imríonn tionchar ar fhorbairt agus ar fhoghlaim páistí a aithint agus a mhíniú, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. Míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-imríonn an luathfhorbairt tionchar ar iompraíocht agus ar fhoghlaim níos déanaí sa bhunscoil
  • Cur síos a dhéanamh ar chuir chuige theoiriciúla áirithe i leith foghlaim agus forbairt páistí a mhíniú, agus achoimre a thabhairt ar na difríochtaí agus na cosúlachtaí eatarthu
  • Cuir chuige a léiriú atá criticiúil agus anailíseach ó thaobh staidéar a dhéanamh ar fhorbairt páistí, agus a dtuairimí, a ndearcthaí agus a gcur chuige féin a fhorbairt atá bunaithe ar bhunús láidir taighde agus teoirice. Cur chuige foghlama féinstiúrtha a fhorbairt
  • Cuir chuige phraiticiúla a fhorbairt i dtimpeallacht scoile atá bunaithe ar choincheapa teoiriciúla .i. cuir chuige agus léargais síceolaíochta a léirmhíniú agus a chur in oiriúint chun a gcleachtas mar mhúinteoir a fheabhsú.
  • Coincheapa ceartais shóisialta a aithint agus anailís a dhéanamh orthu i gcomhthéacs Shíceolaíocht na Forbartha agus an Oideachais, agus na coincheapa sin a chur i bhfeidhm i ngnáthchleachtas múinteoireachta.
  • An éagsúlacht a bhaineann le forbairt páistí a aithint, chomh maith leis an gcaoi a bhféadfadh an fhorbairt sin tarlú ar bhealaí éagsúla agus a bheith ‘tipiciúil’ mar sin féin, ag díriú ar thimpeallachtaí oideachais oiliúnacha ionchuimsitheacha a chothú.

An Modh Measúnaithe

Tasc 3,000 focal

Cód an Mhodúil:ED8102Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

MODHANNA BÉARLA

De bhrí gur gné lárnach é teanga den fhoghlaim agus toisc go bhfuil litearthacht sa Bhéarla ríthábhachtach i ngnáthshaol an tsaoránaigh Éireannaigh, ní féidir róbhéim a leagan ar thábhacht na litearthachta Béarla. Caithfidh páistí ag leibhéal na ranganna láir scileanna litearthachta a fhorbairt sna trí shnáithe teanga – teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht. Bíonn treoir agus oiliúint de dhíth ó mhúinteoirí réamhsheirbhíse chun forbairt na scileanna seo agus na modheolaíochtaí foghlama do mhúineadh sa réimse seo a thuiscint.

MODHANNA GAEILGE

Is teanga chumarsáide bheo í an Ghaeilge. Is cuid í dár n-oidhreacht náisiúnta agus an ghné is suntasaí den chultúr Gaelach. Cuireann foghlaim na Gaeilge ar chumas an pháiste teagmháil níos dlúithe a dhéanamh leis an gcultúr sin. Is í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann, tá stádas bunreachtúil aici agus, go ginearálta, caithfidh gach páiste bunscoile an Ghaeilge a fhoghlaim.

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

MODHANNA BÉARLA (2.5 CREIDMHEAS ECTS)

  • Sraith de cheachtanna Béarla a phleanáil do na ranganna láir (rang a dó go rang a ceathair), de réir phrionsabail Churaclam na Bunscoile (1999)
  • Cur síos a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí múinteoireachta atá oiriúnach do theanga ó bhéal, don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht, de réir mar is cuí do na ranganna láir i mbunscoil
  • Cur síos a dhéanamh ar an eolas, ar na scileanna agus ar na dearcthaí i leith na litearthachta a bheidh ag teastáil ó na páistí chun dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann leis an teanga ó bhéal, an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht i gCuraclam Béarla ó rang a dó go rang a ceathair
  • Cur síos a dhéanamh ar na próisis trína ndéanann foghlaimeoirí litearthachta anailís ar théacsanna, trína dtugann siad aghaidh ar na téacsanna sin agus trína gcuireann siad feasacht chriticiúil i bhfeidhm ar léitheoireacht agus scríbhneoireacht

MODHANNA GAEILGE (2.5 CREIDMHEAS ECTS)

  • Tuiscint a léiriú ar conas an Ghaeilge a mhúineadh mar theanga chumarsáide bheo sna ranganna láir mar a mholtar i gCuraclam na Bunscoile (1999)
  • Leagan amach agus príomhghnéithe an Churaclaim Gaeilge agus a bhfuil i gceist leis an gcur chuige cumarsáideach san ranganna láir a mhíniú
  • Na straitéisí agus na modhanna múinteoireachta cuí a úsáid chun freastal ar riachtanais chumarsáide i gcásanna cumarsáideacha
  • An tábhacht a bhaineann le taitneamh agus dearcadh dearfach a mhíniú agus cur síos a dhéanamh ar bhealaí chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn
  • Aonad oibre a mhairfidh seachtain a phleanáil maidir le téamaí agus topaicí an Churaclaim Gaeilge, plean ceachta Gaeilge a scríobh, an tábhacht a bhaineann le feidhmeanna teanga agus tréimhsí i gceacht chumarsáideach a léiriú, snáitheanna an Churaclaim Gaeilge a chomhtháthú, agus measúnú cuí a dhéanamh
  • Ceacht a bhaineann le réimse curaclaim eile a phleanáil agus a mhúineadh trí mheán na Gaeilge

Modhanna Measúnaithe

MODHANNA BÉARLA:

Scrúdú 1.5 uair

MODHANNA GAEILGE:

Tasc 1,500 focal

Cód an Mhodúil:ED8105Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

OSIE

Is éard atá i gceist le hOideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) ná scrúdú a dhéanamh, agus tuiscint a fháil ar phobail áitiúla agus dhomhanda, ar na hoidhreachtaí éagsúla agus córais chasta a bhaineann leo agus ar an gcaoi a n-imríonn daoine agus timpeallachtaí tionchar ar a chéile sa lá atá inniu ann agus san am atá thart. Sa réimse staidéir seo, pléifear le coincheapa tíreolaíochta agus staire agus nósanna imeachta a bhaineann leis an gcuraclam OSIE agus le forbairt phearsanta agus ghairmiúil na mac léinn féin i leith na réimsí curaclaim éagsúla. Beidh an cúrsa seo dírithe ar an taithí phraiticiúil a thabharfaidh na scileanna agus na tuiscintí oideolaíochta a bheidh ag teastáil ó mhúinteoirí bunscoile chun na hábhair OSIE – stair, tíreolaíocht agus eolaíocht – a mhúineadh i suíomhanna ranga éagsúla, idir shuíomhanna uirbeacha, suíomhanna tuaithe agus suíomhanna ilchultúrtha. Leagfar béim ar leith ar imscrúduithe praiticiúla a chuimseoidh obair sa réimse i suíomhanna éagsúla le haghaidh na dtrí réimse staidéir. Ar na réimsí staidéir a bheidh i gceist, beidh ábhar curaclaim, modheolaíochtaí agus cuir chuige, comhtháthú agus pleanáil, measúnú, pleanáil acmhainní agus úsáid na teicneolaíochta chun stair, tíreolaíocht agus eolaíocht a mhúineadh. Beidh Curaclam na Bunscoile (1999) agus na Treoirlínte do Mhúinteoirí a ghabhann leis mar bhunús ag an gcúrsa.

MATAMAITIC

Sa mhatamaitic athchóirithe, tá béim ar thuiscint choincheapúil agus ar réiteach fadhbanna a bhfuil tuiscint thógachaíoch ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn páistí mar bhonn eolais faoi. Is cur chuige nua i leith na matamaitice é seo d’fhormhór mhic léinn na chéad bliana agus, mar gheall air sin, beidh orthu taithí a fháil ar ábhar matamaitice nua agus ansin ar ghníomhaíochtaí machnaimh chun gur féidir leo dul i ngleic leis an gcastacht a bhaineann le matamaitic a mhúineadh ag leibhéal na bunscoile. Is é struchtúr an chúrsa seo ná seisiúin cheardlainne/saotharlainne i ngrúpaí beaga chun éascú le plé ar ábhar an Churaclaim Matamaitice Bunscoile. Cuimseoidh siad forbairt pleananna ceachtanna don difreálú agus don mheasúnú freisin. Díreofar ar phlé a dhéanamh ar thaithí agus ar thuiscintí na mac léinn ar choincheapa matamaitice agus é sin a thabhairt le chéile leis an gcéad uair ar mhúin siad matamaitic do pháistí óga. Beidh na ceardlanna dírithe ar thuiscintí matamaitice seasmhacha a thabhairt do na mic léinn agus do na daltaí (Wiggin, & McTighe, 1998), trí phlé a dhéanamh ar cheisteanna tábhachtacha mar ‘Cén fáth a ndéanaimid tomhas ar rudaí?’ nó ‘Cad é a dhéanann straitéis ríomhaireachta éifeachtach?’. Oibreoidh na mic léinn ón ndearadh siar (Wiggins & McTighe ibid) chun cur lena gcur chuige i leith pleanála agus measúnaithe. Oibreoidh na mic léinn ón ndearadh siar (Wiggins & McTighe ibid) chun cur lena gcur chuige i leith pleanála agus measúnaithe. Tríd an bpróiseas seo, déanfaidh siad scrúdú ar cad is fiú dóibh cleachtadh a fháil air, cad is fiú dóibh eolas a bheith acu air, agus cad atá i gceist le tuiscintí seasmhacha matamaitice i bpáistí. Breathnóidh siad ar shamplaí oibre ó mhúinteoirí agus ó pháistí, déanfaidh siad mioncheachtanna a fhorbairt agus a mhúineadh agus bainfidh siad úsáid as cur chuige an eagraí chun an t-ábhair a bhriseadh síos.

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

OSIE

  • Eolas ar an ábhar, ar eolas ábhair agus ar eolas oideolaíochta agus eolas curaclaim i leis OSIE a léiriú
  • Eolas cuimsitheach ar na doiciméid churaclaim reatha a léiriú agus na snáitheanna, snáithaonaid, scileanna agus cumais a aithint ar cheart do dhaltaí a fhorbairt ag gach leibhéal ranga bunscoile i leith gach réimse curaclaim
  • Ceachtanna OSIE a ullmhú agus a scríobh a léiríonn tuiscint ar na saincheisteanna áitiúla agus domhanda agus a chuimseoidh dearcadh oideachais forbartha atá oiriúnach don rang bunscoile
  • Bealaí inar féidir ábhair agus acmhainní éagsúla, lena n-áirítear TFC, a úsáid go héifeachtach agus go sábháilte sa seomra ranga chun timpeallacht foghlama ghníomhach spéisiúil a chruthú
  • Cuir chuige éagsúla a úsáid chun bheith i do mhúinteoir acmhainne agus i do chleachtóir machnamhach sna réimsí ábhair stair, tíreolaíocht agus eolaíocht
  • Turas a thabhairt ar thimpeallachtaí éagsúla trí obair sa réimse a dhéanamh a thacóidh le foghlaim na bpáistí sa timpeallacht áitiúil agus díreach thart orthu
  • Scileanna an staraí/an tíreolaí a léiriú
  • Iarracht agus dul chun cinn sa réimse OSIE a spreagadh, a aithint agus a cheiliúradh

MATAMAITIC

  • Cur síos soiléir a dhéanamh ar raon de choincheapa lárnacha na matamaitice bunscoile (rang a dó go rang á ceathair)
  • Fianaise a léiriú ar conas gníomhaíochtaí foghlama éifeachtacha a cheapadh don mhatamaitic bhunscoile
  • Modheolaíochtaí oiriúnacha éagsúla a chur i bhfeidhm i leith ábhar matamaitice
  • Eolas agus tuiscint ar straitéisí measúnaithe foirmitheacha agus suimitheacha i leith na matamaitice a léiriú
  • Cumas comhobair phleanála agus mhúinteoireachta matamaitice a dhéanamh

Modhanna Measúnaithe

OSIE:

Punann 1,500 focal

MATAMAITIC:

Scrúdú 1.5 uair

Cód an Mhodúil:ED8103Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

:Tá an cúrsa seo roinnte ina dhá réimse foghlama (1) Corpoideachas agus (2) Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS). Tá sé bunaithe ar fhealsúnacht sláinte ghinearálta a chlúdaíonn gach gné d’fholláine an pháiste, agus tá sé dírithe go háirithe ar shláinte choirp, shóisialta, mheabhrach agus spioradálta. Baineann sé le heolas agus tuiscint na mac léinn a fhorbairt chomh maith leis na scileanna, luachanna agus dearcthaí atá mar ghnéithe ríthábhachtacha de chláir ardchaighdeáin Chorpoideachais agus OSPS do dhaltaí. Molfar d’ábhair oide díriú ar a ról agus na nithe seo a leanas á gcur chun cinn acu:

  • Fás agus forbairt fhisiceach, shóisialta agus mhothúchánach na ndaltaí sa dá réimse foghlama
  • Cur chuige gníomhach sláintiúil a ghlacadh ó thaobh stíl maireachtála de trí chinntí feasacha a dhéanamh a mbeidh gníomhaíocht éifeachtach fhreagrach mar thoradh orthu
  • Tuiscint ar an luach a bhaineann leo féin agus le daoine eile agus dea-chaidrimh idirphearsanta a fhorbairt
  • Páirt a ghlacadh in imeachtaí corpoideachais rialta éagsúla chun go mbeidh siad tiomanta do stíl mhaireachtála ghníomhach ar feadh an tsaoil
  • Scileanna pearsanta agus scileanna sóisialta a mhúineadh ar bhealach córasach soiléir chun go mbeidh teacht aniar iontu agus a saol féin á bhainistiú

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • An bunús atá le Corpoideachas agus le OSPS sa bhunscoil a aithint chomh maith le cineál na n-ábhar sin agus an luach a bhaineann leo, ag díriú ar na ranganna láir agus na ranganna sinsearacha
  • Cur síos a dhéanamh ar struchtúr agus ábhar na gcuraclam Corpoideachais agus OSPS
  • An cumas a léiriú ceachtanna Corpoideachais agus OSPS a phleanáil, a mheasúnú, a chur i bhfeidhm agus a mheas
  • Na modheolaíochtaí rannpháirtíochta (foghlaim ghníomhach) atá tábhachtach le Corpoideachas agus OSPS a bhainistiú agus a eagrú i mbunscoil a aithint agus aithris a dhéanamh orthu
  • Na hacmhainní agus an trealamh atá ar fáil do mhúineadh Corpoideachais agus OSPS a scrúdú
  • Straitéisí sláinte agus sábháilteachta oiriúnacha a úsáid i gceachtanna Corpoideachais agus OSPS, a bhfuil na treoirlínte Cosanta Páistí mar bhonn eolais fúthu

Modhanna Measúnaithe

CORPOIDEACHAS:

Scrúdú 1.5 uair

OSPS:

Scrúdú 1.5 uair

Cód an Mhodúil:ED8104Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

Baineann na healaíona le gach grúpa cultúir. Trí na healaíona, cuireann daoine aithne orthu féin, faigheann siad eolas ar an domhan agus déanann siad léiriú cruthaitheach samhlaíoch ar eispéireas an duine. (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 1999). Tá gach páiste i dteideal oideachas ealaíon a fháil (Bloomfield & Childs, 2000) agus toisc nach dtagann forbairt aeistéitice agus chruthaitheachta mar thoradh uathoibríoch ar an aibiú, ní mór go mbeidh múinteoirí bunscoile cáilithe chun réimsí forbartha a chruthú inar féidir forbairt ealaíon na ndaltaí a chur chun cinn (Eisner, 2002). Mar gheall air sin, beidh tuiscint ar na réimsí eolais a bhaineann le foirmeacha ealaíne éagsúla ag teastáil ó na múinteoirí agus ar na bealaí ina gcuirtear i bhfeidhm iad (Bloomfield & Childs, 2000). Cé go mbaineann na réimsí eolais eipistéimeolaíochta céanna leis an drámaíocht, an ceol agus na hAmharcealaíona, tá a n-eipistéimeolaíochtaí féin acu chomh maith. Mar sin, is deis é an cúrsa seo do na mic léinn staidéar a dhéanamh ar na healaíona ar leith óna chéile chomh maith le staidéar comhtháite a dhéanamh orthu.

Ar dtús, briseann an cúrsa síos tuairimí na mac léinn maidir leis na healaíona i bhfianaise an oideachais ealaíon a fuair siad roimhe agus, ansin, méadaíonn sé a dtuiscint ar na healaíona ar cheithre bhealach – rannpháirtíocht, repertoire, freagairtí criticiúla agus tuiscint chomhthéacsúil (Bloomfield & Childs, 2002). Forbraíonn an cúrsa a scileanna gabhálacha, léirithe agus criticiúla (Hickman, 2004) trí éisteacht agus freagairt, trí bhreathnú agus freagairt, trí thobchumadóireacht agus trí chruthú ealaíne. Méadaíonn sé a dtuiscint ar shaintréithe agus ar fhéidearthachtaí na n-ealaíon éagsúil. Ó thaobh na hoideolaíochta de, tabharfar eolas do na mic léinn ar aidhmeanna an churaclaim ealaíon agus ar an mbunús ginearálta taobh thiar de, ag díriú go háirithe ar oideachas amharc-ealaíon sa chéad bhliain.

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Breathnú go criticiúil ar a gcúlra oideachais ealaíon féin bunaithe ar rannpháirtíocht agus ar eolas a roinnt
  • Machnamh a dhéanamh ar thábhacht an oideachais ealaíon agus ar an acmhainn chun claochlaithe a bhaineann leis
  • Cur síos a dhéanamh ar phríomhghnéithe na n-ealaíon trí phlé díreach a dhéanamh ar chodanna de na curaclaim ealaíon
  • Machnamh a dhéanamh ar conas smaointe, mothúcháin agus eispéiris a phlé Trí na healaíona
  • Machnamh a dhéanamh ar spreagthaí a úsáid chun smaoineamh a bhaint amach Trí na modhanna drámaíochta agus amharc-ealaíon a úsáid
  • Machnamh a dhéanamh ar nádúr léiritheach píosaí ceoil, taibhithe, léiriúchán agus taispeántán
  • Achoimre a thabhairt ar aidhmeanna agus ar bhéimeanna ginearálta na gcuraclam oideachais amharc-ealaíon ag leibhéal na bunscoile
  • Réasúnaíocht, struchtúr agus príomhbhéimeanna an churaclaim amharc-ealaíon a mhíniú
  • Ceachtanna amharc-ealaíon cruthaitheacha a bhfuil bonn eolais fúthu a cheapadh agus a mheas do na ranganna ó rang a haon go rang a ceathair, ag úsáid cineálacha spreagthaí éagsúla agus modheolaíochtaí oiriúnacha
  • Píosa ceoil a mheas ag úsáid na dtéarmaí ceoil oiriúnacha, ag léiriú tuisceana ar na heilimintí ceoil a d’úsáid an cumadóir
  • Machnamh a dhéanamh ar obair eispéireasach i leith cur i bhfeidhm sa seomra ranga

An Modh Measúnaithe

Dialann ealaíne (3,000 focal)

Cód an Mhodúil:ED8111Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

Is í aidhm an Oideachais Reiligiúnaigh ná cur ar chumas do mhic léinn Oideachais Múinteoirí dul i ngleic leis an iliomad deiseanna agus dúshlán spioradálta agus reiligiúnach atá roimh dhaltaí bunscoile agus chun cur lena bhforbairt iomlánaíoch trí chur ar a gcumas dóibh forbairt eitice, mhorálta, spioradálta agus reiligiúnach a dhéanamh.

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Oideolaíochtaí agus modheolaíochtaí éagsúla a chur i bhfeidhm ar dhearadh ceachtanna Oideachais Reiligiúnaigh atá oiriúnach do chomhthéacsanna ranga ar leith
  • Tuiscint chomhbhách ar reiligiúin agus ar chórais chreidimh éagsúla a léiriú
  • Straitéisí a oireann don chleachtas ionchuimsitheach san Oideachas Reiligiúnach a aithint agus machnamh a dhéanamh orthu ar bhealach atá tuisceanach ó thaobh chultúr agus éiteas samhlacha scoile éagsúla de      
  • Anailís agus machnamh criticiúil a dhéanamh ar thuras ointeolaíoch agus eipistéimeolaíoch an mhic léinn féin i leith an Oideachais Reiligiúnaigh
  • Plé a dhéanamh ar na scileanna, na cáilíochtaí agus na tréithe atá ag teastáil ón múinteoir Oideachais Reiligiúnaigh chun cur le forbairt iomlánaíoch daltaí bunscoile
  • An tuiscint chuí ar an ábhar, ar eolas ar an ábhar agus ar eolas oideolaíoch ar an ábhar a léiriú sa réimse eitice, moráltachta agus spioradáltachta, eolas atá ríthábhachtach don fhorbairt iomlánaíoch

An Modh Measúnaithe

Dialann mhachnamhach (3,000 focal)

Cód an Mhodúil:ED8110Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

Mar an gcéanna le réimsí foghlama gairmiúla eile, ó leigheas go síciteiripe, táthar ag baint níos mó úsáide as garchleachtais mar ‘pedagogy of enactment’ (Grossman, Hammerness and McDonald, 2009) agus múinteoirí á n-ullmhú agus á measúnú. Tá siad sin bunaithe ar ghníomhaíochtaí ardtionchair nó cleachtais atá lárnach don mhúineadh. Ar shamplaí díobh sin, tá an rang uile a mhúineadh agus éagsúlachtaí sa ghnóthachtáil a thuiscint, ullmhú do cheacht, plé an ranga uile a stiúradh, ábhair a nascadh idir ceachtanna, múineadh fad is atá daltaí ag obair go neamhspleách, cultúr a bhunú sa seomra ranga (Lampert, 2001).

Tá sé léirithe ag roinnt taighde go n-imríonn na tuiscintí agus na tuairimí a fuair múinteoirí le linn na dtrí bliana dhéag a chaith siad mar dhaltaí sa seomra ranga tionchar ar a dtuiscint ar an ról atá acu. Is breathnóireacht chlaonta é sin, áfach, (Lortie, 1975, 2002) sa chaoi is go mbreathnaíonn na daltaí ar obair na múinteoireachta ó dhearcadh an dalta seachas ó dhearcadh an mhúinteora. Mar a deir Lortie, ‘what students learn about teaching ... is intuitive and imitative rather than explicit and analytical’ (lch. 62). Mar fhreagairt ar an teoiric sin faoi fhoghlaim múinteoirí, tabharfaidh an modúl seo deis do mhic léinn a dtuiscintí féin ar an múinteoireacht a cheistiú agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a fhorbraíonn na tuiscintí sin trí chleachtadh a dhéanamh.

Torthaí Foghlama

Ar an modúl seo a bheith déanta acu, ba cheart go mbeadh an mac léinn in ann:

  • Tús a chur le ceacht sa rang
  • Tuiscint na ndaltaí a sheiceáil go tapa
  • Scéal a insint chun ábhar a mhúineadh
  • Plé ranga a stiúradh
  • An príomhábhar a bhaineann le hábhar curaclaim amháin nó níos mó a mhíniú
  • Daltaí a chur ag comhobair ar thasc
  • A bhfuil le rá ag daltaí a oibriú amach agus freagairt a dhéanamh dó sin
  • Bheith ag súil leis na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag daltaí ó thaobh coincheapa a fhoghlaim
  • Tascanna a chríochnú laistigh de na srianta ama atá ann
  • Machnamh a dhéanamh ar a n-eispéiris mar fhoghlaimeoirí agus ar an tionchar a imríonn na heispéiris sin ar a dtuiscintí múinteoireachta féin atá ag forbairt
  • A dtuiscintí ar an múinteoireacht a aithint agus a scrúdú i gcomhthéacs a dtaithí roimh an modúl agus le linn an mhodúil

An Modh Measúnaithe

Múinfidh gach mac léinn ceacht 20 nóiméad (nó a chomhionann) do rang de chúig dalta nó breis.

Cód an Mhodúil:ED8106Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

Tá dhá ghné i gceist le mbunús an chúrsa seo: cur ar chumas na n-ábhar oide cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le páistí sa seomra ranga agus cur ar a gcumas dóibh timpeallacht an tseomra ranga a eagrú agus a bhainistiú do na páistí agus leis na páistí. Is scileanna ríthábhachtacha iad seo do chéimithe an chláir B. Oid. Is gné lárnach é an chumarsáid in eagrú agus i mbainisteoireacht an tseomra ranga agus beidh gnéithe briathartha agus neamhbhriathartha ag baint leis.

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Straitéisí éifeachtacha cumarsáide leictreonacha, i bprionta agus ó bhéal a chruthú agus a chur i bhfeidhm i suíomhanna ceardlainne
  • Straitéisí cumarsáide éifeachtacha a chleachtadh agus a léiriú ar chúiseanna ar leith, i gceardlanna, trí dhrámaíocht agus trí rólghlacadh
  • Ceistiú éifeachtach a dhéanamh, míniú a thabhairt agus plé a dhéanamh lena gcomhpháirtithe agus iad ag déanamh páirt an pháiste sa seomra ranga
  • Úsáid a bhaint as meáin shóisialta leictreonacha chun cumarsáid scríofa sa seomra ranga a fhorbairt
  • Stíleanna cumarsáide éagsúla tuismitheoirí agus páistí a aithint chomh maith leis na nósanna cultúrtha agus reiligiúnacha a d’fheáfadh tionchar a imirt ar a gcumarsáid a aithint, agus freagairt a dhéanamh dóibh sin, ag glacadh leis an éagsúlacht i gcúlraí agus in eispéireas páistí agus tuismitheoirí
  • Timpeallacht ranga a chothú a oireann don idirshuibiachtúlacht agus do leideanna neamhbhriathartha eile
  • Scileanna scéalaíochta a úsáid chun rannpháirtíocht, caidreamh agus foghlaim a éascú
  • Éisteacht go héifeachtach le páistí agus scileanna éisteachta na bpáistí a fhorbairt
  • Timpeallacht foghlama dhearfach a bhfuil neart ábhair i bprionta inti a cheapadh agus a chruthú don rang bunscoile
  • Acmhainní ranga a roghnú agus/nó a cheapadh mar threalamh oideachais, amchláir, sceidil ranga agus taispeántais bhalla chun foghlaim na bpáistí a fheabhsú
  • Straitéisí bainisteoireachta ranga oiriúnacha a roghnú ó liosta sheomraí ranga éagsúla
  • Míniú a thabhairt ar an bpróiseas a bhaineann le rialacha ranga a shocrú i gcomhairle agus i gcomhar leis na páistí
  • Cur síos a dhéanamh ar an réasúnaíocht taobh thiar de pháistí a ghrúpáil i suíomhanna foghlama éagsúla agus cur síos a dhéanamh ar straitéisí don ghrúpáil sin

An Modh Measúnaithe

Cur i láthair ó bhéal agus scríofa i ngrúpaí

Cód an Mhodúil:ED8107Creidmheasa ECTS:5

Achoimre

Cuireann cumas sa chumarsáid ó bhéal agus sa chumarsáid scríofa chomh maith le heolas agus tuiscint ar theanga agus ar litríocht ó sheánraí éagsúla le forbairt phearsanta, acadúil agus ghairmiúil ábhar oide (Bearne, 1996; Thomson, 1996; Fox; 1996; Huck, Keifer, Hepler & Hickman 2004, Gamble agus Yates, 2008). Is í aidhm an chúrsa seo ná forbairt a dhéanamh ar scileanna litearthachta na mac léinn féin, ar a n-eolas ar struchtúr teanga agus ar a gcumas litríocht ó sheánraí éagsúla a léamh agus freagairt a dhéanamh di.

Is teanga agus ábhar í an Ghaeilge sa bhunscoil. Tá sé tábhachtach, mar sin, go ndéanfar freastal ar chumas Gaeilge an mhúinteora chun go mbeidh an múinteoir in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge go neamhfhoirmiúil agus chun go mbeidh sé nó sí in ann í nó é féin a chur in iúl go héifeachtach agus Gaeilge á múineadh

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

BÉARLA

  • Tuiscint a léiriú ar an eolas a bhaineann le teanga a mhúineadh i mbunscoileanna (fóineolaíocht, meiteachognaíocht, moirfeolaíocht, ortagrafaíocht, sanasaíocht, séimeantaic, comhréir agus pragmataic)
  • Téacsanna ó sheánraí éagsúla a léamh agus a mheas go criticiúil
  • Scríobh go líofa agus go cruinn i mBéarla
  • Freagairt chriticiúil do shaothair áirithe litríochta ó sheánraí éagsúla (ó bhéal agus i bhformáid scríofa)

GAEILGE

  • An chaoi gur glacadh le freagracht as an bhfoghlaim a léiriú, cumas ag an leibhéal iontrála a aithint (B2, Comhchreat Tagartha na hEorpa) a léiriú, torthaí foghlama agus bealaí foghlama; an taifeadadh rialta a rinneadh ar an bhfoghlaim sin a chur in iúl, úsáid fhiúntach suíomhanna idirlín le haghaidh téarmaí agus cruinnis a thaispeáint chomh maith leis an gcúram ina leith sin a cuireadh i bhfeidhm
  • Cur síos a dhéanamh ar na bealaí inar chuir feasacht ar theanga agus ar chultúr leis an bhfoghlaim
  • Éisteacht le ceisteanna i nGaeilge, iad a thuiscint agus na freagraí cearta a thabhairt
  • Labhairt líofa chruinn lena mbaineann stór mór focal agus saibhreas cuí
  • Téacsanna gearra agus fada a léamh agus a thuiscint, agus téacsanna a léamh os ard, ag cur chiall an téacs in iúl agus ag fuaimniú na bhfocal go cruinn (féach Ábhar agus Siollabas an Chúrsa)
  • Scríobh go líofa agus go cruinn (féach Ábhar agus Siollabas an Chúrsa)
  • Bunchruinneas gramadaí a léiriú i gcomhthéacs a bhaineann lena saol pearsanta, lena saol gairmiúil, in aistriúcháin agus i dtéacsanna feidhmiúla

Modhanna Measúnaithe

BÉARLA:

Scrúdú 1.5 uair

GAEILGE:

Scrúdú scríofa agus scrúdú béil (1.5 uair san iomlán)

Cód an Mhodúil:ED8101Creidmheasa ECTS:10

Achoimre/h3>

Is deis iontach í an taithí sa réimse ar chláir oideachas múinteoirí do mhúinteoirí réamhsheirbhíse múineadh i bhfíorshuíomhanna foghlama casta. Dar le Sawyer (2006) go meastar anois go bhfuil eolas ‘situated, practised and collaboratively generated.’ Go deimhin, is mar gheall air sin gur gné ríthábhachtach de chláir oideachais múinteoirí é múineadh a fhoghlaim trí chleachtadh na múinteoireachta ar shocrúchán scoile (Furlong and Maynard, 1995).

Sa chéad bhliain, ba cheart go dtosódh na mic léinn le garchleachtais (nó ‘approximations of practice’ mar is fearr aithne orthu i mBéarla) (Grosman et al.), le breathnóireacht agus le freagrachtaí tosaigh as pleanáil agus múineadh. Spreagfar na mic léinn chun bheith ina ‘gcleachtóirí machnamhacha’ le linn an tsocrúcháin. Chun tacú leo é sin a dhéanamh, iarrfar ar mhic léinn a n-eispéiris ar an socrúchán a thaifeadadh i ndialann phearsanta.

Ar chríochnú an mhodúil seo, ba chóir go mbeadh an t-ábhar oide in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Ceachtanna do na ranganna láir atá dúshlánach agus spéisiúil a ullmhú, a mhúineadh agus a mheas
  • Acmhainní agus taispeántais oiriúnacha a ullmhú chun tacú le múinteoireacht agus le foghlaim na ndaltaí
  • Modheolaíochtaí oiriúnacha a roghnú agus a úsáid chun torthaí pleanáilte a bhaint amach i réimsí curaclaim éagsúla agus eolas cuí ar an ábhar a léiriú agus iad ag múineadh
  • Scileanna múinteoireachta oiriúnacha a léiriú lena n-áirítear spreagadh na ndaltaí, plé, míniú, ceistiú
  • Timpeallacht dhearfach foghlama a bhunú
  • Plé gairmiúil a dhéanamh leis an múinteoir ranga, leis an bpríomhoide agus le teagascóir na hInstitiúide Ardoideachais
  • An t-eolas atá acu a chur i bhfeidhm agus iad ag breathnú ar fhoghlaim agus ar mhúineadh sa seomra ranga agus doiciméadú agus anailís a dhéanamh ar a machnamh i ndialann mhachnamhach chun anailís chriticiúil a dhéanamh ar a machnamh le linn an tsocrúcháin scoile

An Modh Measúnaithe

Socrúchán scoile