Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

Grúpa nua eile de mhic léinn ag tosú Meán Fómhair 2024 

Pointí Iontrála CAO 2023

CM003: 462 (40 pointe ó na scrúduithe réamhriachtanacha TEG Léibhéil B1 san áireamh anseo) 535 sa bhliain 2022

CM004: 459 (40 pointe ó na scrúduithe réamhriachtanacha TEG Léibhéil B1 san áireamh anseo) *do dhaltaí Gaeltachta. 495 sa bhliain 2022

Má tá spéis agat sa Ghaeilge agus ina bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge, is í seo an chéim duit! Cinnteoidh timpeallacht nuálach teagaisc agus foghlama IOM, agus ár dtiomantas don Ghaeilge go mbeidh paisean agat don mhúinteoireacht, agus don Ghaeilge agus dá cultúr. 

Taithí na Mac Léinn

Buntáistí agus Deiseanna:

*Caithfidh mic léinn Ghaeltachta cónaí a bheith orthu i limistéar ainmnithe Gaeltachta oifigiúil le bheith i dteideal cur isteach ar an Scéim Lóistín mar mhac léinn Gaeltachta. Níl aon ghealltanas tugtha go bhfaighidh gach mac léinn a dhéanfaidh iarratas ar Scéim Lóistín IOM lascaine – níl ar fáil ach líon teoranta spásanna ar an Scéim.

 Riachtanais Iontrála Sonracha:

  • H3 sa Ghaeilge
  • *Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) nó níos airde riachtanach.

 Dátaí Tábhachtacha:

  • Scrúduithe TEG ar an Aoine, an 16 Feabhra & ar an Satharn, an 17 Feabhra 2024 - www.teg.ie
  • Seisiún Eolais agus Ullmhúcháin i Marino do na Scrúduithe TEG ar an Satharn, an 6 Eanáir 2024
  • Scrúduithe TEG (dara seans*) ar an Aoine / Satharn, 10 Bealtaine agus 11 Bealtaine 2024.
    *Tá na dataí seo fós le deimhniú*

Beidh ar mhic léinn a thugann faoi na scrúduithe TEG i mí Feabhra 2024 nó mic léinn a bhfuil na scrúduithe sin déanta acu le dhá bhliain anuas roimh thús na céime in 2024, .i. in 2022 nó in 2023, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Aoine, 26 Aibreán, 2024.

Beidh ar mhic léinn a thugann faoi na scrúduithe TEG i mí na Bealtaine, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Luan, 17 Meitheamh, 2024. Is féidir an ríomhphost a fhaigheann mic léinn ó TEG lena gcuid torthaí, a sheoladh ar aghaidh chuig: [email protected].

Nuair a sheolann mic léinn a gcuid torthaí chuig [email protected],iarrtar orthu a bheith cinnte go luann siad:

  • A n-uimhir CAO
  • A n-ainm mar atá sé ar an iarratas CAO
  • cód an chúrsa don tairiscint gur mian leo

 

Tuilleadh eolais faoin gcéim ar fáil anseo:

Ar mhaith leat labhairt le duine éigin faoin gcéim? Seol ríomhphost chuig [email protected]

An bhfuil spéis agat sa chéim? Déan scanadh ar an QR cód thíos chun clárú don liosta eolais!

Cod-QR-(GA)

 

Céard é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)?

Is céim ar leith é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) a oireann go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Tá géarghá le múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna Lán-Ghaeilge agus tá cáilíocht mhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge ag teastáil ó mhic léinn atá ag iarraidh múineadh sna scoileanna sin. Sa chéim cheithre bliana seo gheobhaidh tú amach faoin tumoideachas, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn na páistí teanga, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn siad conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh. Foghlaimeoidh tú conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, faoin tábhacht a bhaineann leis an gcultúr Gaelach mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?

Mar chuid den fhochéim déanfaidh tú staidéar ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn páistí, ar na tosca a imríonn tionchar ar a gcuid foghlama agus ar an bhfás agus an fhorbairt a tháinig ar át dtuiscint thar am. Beidh staidéar á dhéanamh agat ar an tumoideachas, ar an Oideachas Luath-Óige, ar an mbealach ina bhfoghlaimíonn páistí, ar an tSíceolaíocht agus ar an tSochtheangeolaíocht. Cuir le d’eolas ar an nGaeilge agus ar na hábhair churaclaim éagsúla, foghlaim faoi na modhanna chun na hábhair sin a mhúineadh agus faoi na buntáistí a bhaineann le hiad a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint amach le tú a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí agus/nó teastas sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Socruchán Scoile

Is trí mheán na Gaeilge amháin a dhéanfaidh tú na Socrúcháin Scoile ar fad i rith na gceithre bliana den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht). Gheobhaidh tú deiseanna réimse leathan de thaithí a fháil san earnáil oideachais lán-Ghaeilge, scoileanna Gaeltachta san áireamh. Beidh tú lonnaithe i scoil Ghaeltachta don Ardsocrúchán Scoile. Beidh deiseanna agat Socrúcháin a dhéanamh i scoileanna tuaithe agus i scoileanna uirbeacha, i scoileanna aon ghnéis agus i scoileanna comhoideachais, i scoileanna DEIS, i scoileanna ina bhfuil suíomhanna aon ghrád agus i scoileanna ina bhfuil suíomhanna ilghrád. Don Oideachas Speisialta déanfaidh tú Socrúchán Scoile i suíomh lán-Ghaeilge sa dara bliain.

Gaeltacht

Mar chuid den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) beidh ar gach mac léinn Tréimhsí Foghlama coicíse a dhéanamh sa Ghaeltacht um Cháisc sa Chéad Bhliain agus sa Dara Bliain. Cuirfear deontas ar fáil duit chun costas an chúrsa Gaeltachta a chlúdach chomh maith leis an lóistín agus bia agus aon imeachtaí cultúrtha a eagraítear. Sa Cheathrú Bliain don Ardsocrúchán Scoile (deich seachtaine), beidh mic léinn ag cur fúthu sa Ghaeltacht agus ag obair i scoileanna Gaeltachta. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas taistil agus cothaithe a bhaineann leis sin. 

Déan íoslódáil ar Na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht anseo

Déan íoslódáil ar Ábhar Tacaíochta 1 agus Ábhar Tacaíochta 2 do na Tréimhsí sa Ghaeltacht anseo.

hurler2

Céard iad na roghanna a bheidh agam mar mhúinteoir?

Oireann an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach beidh céimithe i dteideal freisin post a lorg i scoileanna lán-Bhéarla. D’fhéadfadh céimithe obair sna meáin trí mheán na Gaeilge chomh maith.

“Bhí spéis agam i gcónaí sa Ghaeilge agus mar mhúinteoir ba mhaith liom múineadh trí mheán na Gaeilge. Is aoibhinn liom go bhfuil an cúrsa ar fad trí Ghaeilge. Tá sé go hiontach go mbeidh Socrúchán Scoile deich seachtaine á dhéanamh agam sa Ghaeltacht sa Cheathrú Bliain agus go mbeidh an Institiúid ag íoc as.”

BOTMG-Liosta-na-Modul


Eolas Ginearálta:

Cóid CAO: CM003/CM004 (*do dhaltaí Gaeltachta)

Fad an Chúrsa: 4 bliana lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas

Foras cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath 

Íosriachtanais Iontrála don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge 2023/2024:

Ardteistiméireacht

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 3 (H5 ar a laghad ach féach íosriachtanais ar leith thíos don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic)

Íosriachtanais O6/H7 i dtrí ábhar eile.

Íosghráid ar Leith:  

Gaeilge: H3 (agus TEG*: B1)

Béarla: H7 / O4         

Matamaitic: H7 / O4

*TEG(Teastas Eorpach na Gaeilge) Leibhéal B1 (Pas 50%) le bheith ag gach mac léinn. Beidh na scrúduithe seo ar siúl ar an Aoine, 16 Feabhra & ar an Satharn, 17 Feabhra 2024. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino an táille TEG ar ais do scoláirí rathúla sna scrúduithe TEG a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Tuilleadh eolais ar www.teg.ie/oid

Iarratasóirí Lánfhásta

Caithfidh iarratasóirí lánfhásta iarratas a bheith istigh acu tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 5.15 i.n. ar 1 Feabhra. Caithfidh mac léinn lánfhásta a bheith 23 bliain d’aois nó os a chionn ar 1 Eanáir na bliana ina bhfuil an mac léinn ag iarraidh an cúrsa a thosú. Tabharfar cuireadh d'iarratasóirí a shásaíonn na riachtanais freastal ar agallamh agus ar Scrúdú Cainte sa Ghaeilge. Má tá aon cheisteanna agat faoi iontráil do mhic léinn lánfhásta, cuir ríomhphost chuig [email protected] .