Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

*Tá an spriocdháta le haghaidh iarratais don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) anois dúnta.

31.03.20 - Gabhaimid ár mbuíochlas leat as ucht d'iarratas don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht). Léiríodh neart spéise sa chúrsa seo agus táimid ag próiseáil na hiarratais faoi láthair. Beidh na hagallaimh don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) d'iarratasóirí Institiúid Oideachais Marino ar siúl Dé Céadaoin 6ú agus Déardaoin 7ú Bealtaine 2020. Beimid i dteagmháil le hiarratasóirí cáilithe roimh dheireadh mhí Aibreáin 2020.

Céard í an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)?

Ullmhaíonn an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) céimithe le dul isteach i ngairm na múinteoireachta. Ar thosú an chláir dóibh, tá mic léinn ag tosú amach ar chlár ina bhfuil ullmhúchán garimiúil agus oiliúnt taighde ar fáil. Cuireann an clár béim ar shealbhú príomhchleachtais mhúinteoireachta agus táthar ag súil leis go bhforbróidh na mic léinn réimse leathan scileanna praiticiúla múinteoireachta fad is atá siad in Institiúid Oideachais Marino agus nuair atá siad ar shocrúchán scoile. Ina theannta seo, tá gné shuntasach acadúil ag baint leis an gcúrsa; agus is gá do mhic léinn cumas a fhorbairt sa taighde oideachais agus tráchtas a dhéanamh ar thaighde gaolmhar i réimse a roghnaíonn siad féin. Is clár dhá bhliain lánaimseartha í an Mháistreacht Gharimiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a shásaíonn na riachtanais ghairmiúla a bhaineann le riail a dó (bunmhúinteoireacht) de chuid Rialachacháin na Comhairle Múinteoireachta.

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Mar chuid den chúrsa seo tá Bonnstaidéar, ina ndéantar comhthathú ar an léann teanga, stair an oideachais, fealsúnacht an oideachais, socheolaíocht an oideachais, síceolaíocht an oideachais agus curaclam agus measúnú. Chomh maith leis sin, tabharfaidh tú faoi mhodúil san eolas ábhair agus sna modheolaíochtaí comhtháite do gach ábhar i gcuraclam na bunscoile. Tabharfaidh tú faoi thaighde i réimse spéise amháin. Déantar an teoiric agus an cleachtas a dhlúthnascadh trí réimse de mhúineadh traschuraclaim, agus trí chuir chuige foghlama agus measúnaithe.

Beidh an deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas a bhaint amach san Oideachas Reiligiún Caitliceach, teastas a ullmhóidh tú le múineadh i scoileanna faoi phatrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Tá an rogha ar fáil duit freisin an teastas a bhaint amach sna Curaclaim Ilchreideamha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Cé air a ndírítear an clár?

Tá an clár ar fáil do chéimithe a bhfuil céim leibhéal 8 nó níos airde acu cheana féin. Is féidir le roinnt mac léinn teacht díreach chuig an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas ó chlár fochéime. In amanna bíonn am caite ag na mic léinn seo am ag taisteal, nó ag múineadh i réimse eile sula ndearna siad an cinneadh dul leis an mbunmhúinteoireacht.

Socrúchán Scoile

Tugann mic léinn faoi shocrúchán scoile níos faide i rith an dá bhliain den chúrsa. Bíonn gach socrúchán ar siúl thar thréimhse ceithre seachtaine ar a laghad agus caithfidh siad réamhfheitheoireacht a dhéanamh ar pháistí, cabhrú leis an múinteoir ranga, agus ullmhúchán a dhéanamh maidir le múineadh na n-ábhar uile. Ní mór do mhic léinn socrúchán amháin a dhéanamh i suíomh oideachais speisialta.

 

An Ghaeltacht

Mar chuid den Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas, ní mór do mhic léinn am a chaitheamh, de ghnáth dhá choicís, sa Ghaeltacht. Faigheann gac mac léinn deontas chun cur ar a gcumas na táillí iomlána a íoc leis na Coláistí Gaeltachta.

Déan íoslódáil ar na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht anseo.

Déan íoslódáil ar Ábhar Tacaíochta 1 agus Ábhar Tacaíochta 2 do na Tréimhsí sa Ghaeltacht anseo.

Céard iad na roghanna gairme atá ar fáil dom?

Faigheann formhór na gcéimithe ón gclár Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas post mar bhunmhúinteoirí i bPoblacht na hÉireann. Imíonn roinnt díobh thar lear le Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise nó le múineadh i mbunscoil in áit eile.

Céard iad na roghanna eile atá ar fáil dom?

Tar éis tamaill, tugann roimnnt céimithe faoi staidear breise ag leibhéal dioplóma, máistreachta nó dochtúireachta. Leis na cáilíochtaí breise seo tá féidearthachtaí gairmiúla eile ann a bheith i do cheannaire curaclaim i scoil, i do phríomhoide, i d’oideachasóir múinteoirí, i do shíceolaí oideachais nó i do chigire leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

LIOSTA NA MODÚL

Bliain 1 MÚINEADH/ FOGHLAIM

Socrúchán Scoile/Léann Gairmiúil

  • Socrúchán Scoile (Staidéar ar an Socrúchán Scoile mar chuid de seo)
  • Múineadh agus Foghlaim (Garchleachtas)

Bonnstaidéar

  • Síceolaíocht/Oideachas Luath-Óige
  • Oideachas Uileghabhálach (ina measc Oideachas Speisialta, Oideachas faoi Mhíbhuntáiste & Oideachas Idirchultúrtha)

Staidéar Curaclaim/Cumas san Ábhar/Speisialachas

  • Múineadh an Bhéarla/Cumas sa Bhéarla
  • Múineadh na Gaeilge/Cumas sa Ghaeilge
  • Múineadh na Matamaitice/Cumas sa Mhatamaitic
  • Corpoideachas/Oideachas Sóisialta, Peasanta agus Sláinte
  • Oideachas Reiligiúnach
  • Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta
  • Oideachas na nEalaíon (Na hAmharcealaíona, Drámaíocht)

Bliain 2 TEOIRIC/ CLEACHTAS

Socrúchán Scoile/Léann Gairmiúil

  • Ardsocrúchán Scoile (Staidéar ar Ardsocrúchán Scoile mar chuid de seo)
  • Teicneolaíochtaí Cruthaitheacha don Mhúineadh agus don Fhoghlaim

Bonnstaidéar

  • Teoiric agus Cleachtas Oideachais (Stair an Oideachais/Fealsúnacht/Síceolaíocht/Socheolaíocht, An Múinteoir mar Thaighdeoir/ Chleachtóir Machnamhach mar chuid de seo)
  • Tráchtas

Staidéar Curaclaim/Eolas an Ábhair/Speisialachas

  • Oideachas na nEalaíon (Ceol agus na hEalaíona Comhtháite)
  • Litearthacht agus Litríocht
  • Ag múineadh i gcomhthéacsanna lán-Ghaeilge

Eolas ginearálta

Fad: 2 bhliain lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 120 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

ÍOSRIACHTANAIS Iontrála (Scéim nua 2017)*

Céim onóracha (leibhéal 8 le toradh II.2 nó níos airde) nó mórghradam ag leibhéal 9 nó 10 agus na Gráid Ardteistiméireachta seo a leanas; Gaeilge - H4, Mata - O4/ H7, Béarla - O4 / H7 (nó a chomhionann). Ní mór d'iarratasóirí 65% nó níos airde a bhaint amach sa scrúdú cainte TEG B1 Gaeilge. Tá sonraí iomlána maidir leis na híosriachtanais iontrála ar fáil anseo.

I scrúduithe TGMO agus TGO A Leibhéal Thuaisceart Éireann:

Gaeilge - Grád C ag TGO A Leibhéal, Béarla / Litríocht an Bhéarla - Grád C sa dá cheann ag Leibhéal TG(M)O nó Grád B ag Leibhéal TG(M)O i gceachtar acu. Matamaitic - Grád D ag Leibhéal TG(M)O i Matamaitic Bhreise nó Grád C ag Leibhéal TG(M)O sa Mhatamaitic.

* Tá na gráid agus na marcanna céatadáin % i scéim ghrádaithe 1992-2016 agus i scéim nua 2017 leagtha amach anseo.

Féach anseo le haghaidh eolais ar an bpróiseas iarratais 2021.