Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)
__________________________________________________________________________________
Tá iarratais don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ag tosú i mí Meán Fómhair 2025 oscailte arís.
Tá iarratais don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) do Mheán Fómhair 2025 oscailte arís.
An spriocdháta le haghaidh iarratias ná 5.00IN ar an Aoine an 6 Meitheamh 2025.
Iarrfar ar aon iarratasóir incháilithe a chuireann isteach ar an gcúrsa don spriocdháta ar an 6 Meitheamh teacht chun agallaimh i mí an Mheithimh 2025.
Cuir isteach ar an MGO (Bunmhúinteoireacht) Conair lán-Ghaeilge
Preasráiteas faoin MGO (Bunmhúinteoireacht) - Conair lán-Ghaeilge
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin scrúdú TEG B1 agus conas cur isteach air, téigh chuig www.teg.ie.
__________________________________________________________________________________
Tá sé i gceist ag Institiúid Oideachais Marino conair amháin den MGO 2025-2027 a chuir ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Beidh an rogha seo mar spéis dóibh siúd a bhfuil suim ach múineadh i nGaelscoil nó i scoil Ghaeltachta.
Caithfidh íosmhéid mac léinn an cúrsa seo a roghnú mar chéad rogha chun gur féidir an clár seo a chur ar fáil.
Má tá tú ag cur isteach ar an MGO nó an MGO trí mheán na Gaeilge, is féidir leat d'iarratas a dhéanamh as Béarla nó as Gaeilge, pé ceann ab fhearr leat.
Tabhair faoi deara: Má tá suim agat cur isteach ar an gconair seo, ní mór cur isteach ar scrúdú iomlán TEG B1.
Beidh an scrúdú iomlán ar siúl ar an Aoine an 21 agus ar an Satharn an 22 Feabhra i roinnt suíomhanna timpeall na tíre. Ní mór d'iarratasóirí MGO íosmharc 65% a bhaint amach sa scrúdú seo. Tuilleadh eolais téigh chuig www.teg.ie.
Má tá breis eolas ag teastáil faoin gclár seo, le do thoil gabh i dteagmháil le [email protected].