Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Iarratas Anseo

Cad í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Foghlaim Idirchultúrtha agus Ceannaireacht)?

Is cúrsa ceannródaíoch Í an Mháistreacht i Léann an Oideachais (Oideachas Idirchultúrtha), ina bhfuil meascán de chuir chuige mar shampla, foghlaim aghaidh ar aghaidh agus foghlaim ar líne. Tá sé ar fáil d’iarratasóirí le taithí bhunscoile agus iarbhunscoile. Baineann sé ach go háirithe le daoine a bhfuil spéis faoi leith acu sa cheartas sóisialta, sa chomhionannas agus san éagsúlacht.

Cé dó an clár seo?

Is d’oideachasóirí an clár seo, oideachasóirí ar mhaith leo tuiscint níos fearr a fháil ar ról an oideachais i sochaí dhíbhéirseach.

Tá fréamhacha na Máistreachta i Léann an Oideachais i bprionsabail an cheartais shóisialta agus chomhionannais, agus tá sé oiriúnach do gach oideachasóir.

 

Cad air a ndéanfaidh mé staidéar?

Déanfaidh mic léinn ar an gclár seo ceithre mhodúl éagsúla sa chéad bhliain; scoileanna agus éagsúlacht, uileghbhálachas agus oideachas idirchultúrtha; Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise; éagsúlacht reiligiúin agus oideachas idirchultúrtha; cearta daonna, oideachas cearta daonna, agus an t-idirchultúrachas. Sa dara bliain, tá deis ag mic léinn díriú ar cheann amháin de na réimsí seo ar bhealach níos doimhne. Forbróidh siad scileanna taighde agus ullmhóidh siad tráchtas 20,000 focal ar thopaic a bhaineann leis an oideachas idirchultúrtha.

 

Cad iad aidhmeanna an chláir?

  • Cumas na mac léinn a fhorbairt san eolas agus sna scileanna agus dearcthaí riachtanacha a bhaineann leis an idirchultúrachas
  • Cur ar chumas na mac léinn, eolas mar aon le scileanna agus dearcthaí riachtanacha a bhaineann le hoideachas a chur ar pháistí agus ar dhaoine óga i réimse suíomhanna, mar shampla an bhunscoil, an iarbhunscoil, an tríú leibhéal, agus an earnáil neamhfhoirmiúil, maidir leis an oideachas idirchultúrtha
  • Ardchaighdeán tuiscint theoiriciúil agus feasacht chriticiúil a chur ar chumas na mac léinn maidir le príomhcheisteanna an oideachais idirchultúrtha
  • Cumas na mac léinn a fhorbairt maidir le “oideolaíocht chuí chultúrtha”
  • Cur ar chumas na mac léinn taighde úrnua a dhéanamh i réimse an oideachais idirchultúrtha

 

Conas a dhéantar measúnú ar an gcúrsa?

Baineann an measúnú le nádúr modúlach an chláir. Mar chuid de seo tá tionscnaimh, cás-staidéir, fóram plé agus léirmheas litríochta sa chéad bhliain. Ina dhiaidh sin sa dara bliain, cuirfidh mic léinn togra taighde agus isteach agus déanfaidh siad tráchtas.

 

Cad iad na roghanna gairmiúla atá ar fáil dom?

Beidh céimithe an chláir ullmhaithe ar bhealach cuimsitheach do róil cheannaireachta agus bhainisteoireachta i scoileanna, amhail an phríomhoideacht. Bheadh seasamh an-mhaith ag céimithe maidir le forbairt gharimiúil a sholáthar do mhúinteoirí nó obair le hábhair oidí ar thopaic an oideachais idirchultúrtha. Faoi dheireadh, is féidir le céimithe cur le léann an oideachais idirchultúrtha trí pháipéir a chur i láthair ag comhdhálacha agus trí ailt a scríobh do thréimhseacháin.

 

LIOSTA NA MODÚL

BLIAIN 1

MODÚL 1

Scoileanna agus an éagsúlacht, uileghabhálachas agus oideachas idirchultúrtha

  • Gnéithe de chultúr agus cúlraí cultúrtha aonair
  • Cuir chuige maidir leis an éagsúlacht a thuiscint sa tsochaí agus san oideachas
  • Polasaí, reachtaíocht agus litríocht a bhfuil tionchar aige ar an oideachas
  • Straitéisí éifeachtacha múinteoireachta agus foghlama don seomra ranga díbhéirseach
  • An scoil uileghabhálach: comhbhraistint phobail a thógáil

 

MODÚL 2

An Béarla a mhúineadh mar theanga bhreise:

cur chuige idirchultúrtha

  • Éagsúlacht teanga i gcomhthéacs an oideachais idirchultúrtha
  • Ról na teanga ó bhéal i bhforbairt cumais sa Bhéarla
  • Litearthacht: tacú le cumas sa Bhéarla a fhorbairt
  • Cur chuige uile-scoile agus pobail a fhorbairt do mhúineadh an Bhéarla mar theanga bhreise
  • Measúnú agus meastóireacht

 

MODÚL 3

Éagsúlacht reiligiún agus oideachas idirchultúrtha

  • Éagsúlacht reiligiún i gcomhthéács an oideachais idirchultúrtha
  • Príomhphrionsabail oideolaíocha atá mar bhonn taca de ghné reiligiúnach an oideachais idirchultúrtha
  • Eachtraí leis an ‘Eile’; ag dul i mbun dialóg idirchreidmheach
  • Foghlaim ó thaithí daoine eile
  • Cur chuige uile-ranga agus uile-scoile maidir le héagsúlacht reiligiún agus idirchultúrtha

 

MODÚL 4

Cearta daonna, oideachas cearta daonna agus an t-idirchultúrachas

  • Réamhrá do chearta daonna agus don oideachas cearta daonna
  • Oideachas cearta daonna i scoileanna
  • Cearta daonna agus an t-ilchultúrachas
  • Cearta daonna agus an t-idirchultúrachas
  • Cearta daonna ar fud na cruinne agus an seomra ranga idirchultúrtha

BLIAIN 2

MODÚL 5

Modheolaíocht Taighde

  • Modheolaíochtaí taighe agus eiticí taighde
  • Próiseas cheapadh an taighde

MODÚL 6

  • Togra taighde agus tráchtas

 

Eolas ginearálta

Fad: 2 bhliain páirtaimseartha

Leibhéal gradaim: 9 de réir an Chreata Náisiúnta Cáillíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 90 creidmheas

Foras Cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

 

Íosriachtanais iontrála

Céim onóracha (leibhéal 8) le dara honóracha nó os a choinn, agus trí bhliana ar a laghad de thaithí mhúinteoireachta nó a mhacasamhail de thaithí.