Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

An tIonad um Bhreith ar an Léitheoireacht in Institiúid Oideachais Marino

Is ionann Breith ar an Léitheoireacht agus luath-idirghabháil le haghaidh leanaí nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta acu sa léamh ná sa scríobh le linn a gcéad bhliana ar scoil. Déanann siad ceachtanna duine ar dhuine gach lá le múinteoir ardoilte ar feadh tréimhse idir 12 sheachtain déag agus 20 seachtain. Ag deireadh na tréimhse sin, bíonn formhór na leanaí seo a meastar gur deacra iad a mhúineadh ar aon dul lena bpáirtithe ranga agus bíonn siad in ann léamh agus scríobh ag leibhéal atá laistigh den mheánbhanda dá n-aois.

Sheol Institiúid Oideachais Marino, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus Institiúid Oideachais (Ollscoil Londan), an dara babhta de Bhreith ar an Léitheoireacht i bPoblacht na hÉireann i Meán Fómhair 2002.

Riachtanais an Chúrsa:

Chun bheith mar ghairmí Breith ar an Léitheoireacht, déanann múinteoirí cúrsa bliana iarchéime páirtaimseartha i bhfoghlaim agus i bhforbairt na litearthachta. Chomh maith leis sin, bíonn orthu obair duine ar dhuine a dhéanamh le ceathrar páistí ar a laghad mar chuid dá n-oiliúint.

Cáilíocht(aí)/Clárú:

Ag deireadh na bliana oiliúna, bronnfar teastas orthu ón Institiúid Oideachais (Ollscoil Londan) agus beidh siad ina mbaill chláraithe de Ghréasán na hEorpa um Breith ar an Léitheoireacht. Le linn na hoiliúna, bíonn sé de rogha acu cáilíocht dioplóma a bhaint amach freisin (rud a nglacann roinnt ollscoileanna leis mar mhodúl amháin ag leibhéal máistreachta).

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach:

Cuirtear forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do mhúinteoirí atá cáilithe sa Bhreith ar an Léitheoireacht fad is atá an clár á chur i bhfeidhm ag an scoil.

Éifeachtúlacht an Chláir

Éiríonn le Breith ar an Léitheoireacht, tríd is tríd, de bharr dhéine agus ardchaighdeáin na forbartha gairmiúla tosaigh agus leanúnaí a fhaigheann na múinteoirí cáilithe oilte a roghnaítear don chúrsa teastais seo in Institiúid Oideachais Marino.

Déantar an rath a mheas bunaithe ar a mbaineann amach na daltaí a dhéanann an clár. Bíonn na leanaí idir cúig bliana agus naoi mí d’aois, agus sé bliana agus trí mhí d’aois. Cuireann gach múinteoir sonraí réamh-idirghabhála agus iar-idirghabhála chuig suíomh sonraí staitistiúla i SAM maidir leis na leanaí a múintear an clár dóibh. Tá ráta rathúlachta de bheagnach 90% ag Marino agus léiríonn fianaise ón iarthaighde carnach go n-éiríonn leis na leanaí an méid a bhaineann siad amach as na ceachtanna a choinneáil.

Maireann na cláir i bPoblacht na hÉireann thart ar ocht seachtain déag nó tríocha is a hocht n-uair an chloig ar an meán. Is méid beag ama é seo chun cabhrú le leanaí rochtain a fháil ar an gcuraclam agus na drochéifeachtaí a thiocfadh as teip litearthachta, dóibh féin agus don tsochaí, a sheachaint.

‘Success in the early grades does not guarantee success throughout the school and beyond, but failure in the early grades does guarantee failure in later schooling’ (Askew & Frasier, 1997)

Déan teagmháil le Mary Heaslip chun breis eolais a fháil: [email protected]