Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Céard iad Cláir Iona?

Tá trí chineál cláir ann:

  1. Clár Sheimeastar an Earraigh Thar Lear
  2. Clár Pas Iarthar na hEorpa
  3. Clár Iona ar Mhisean

Clár Sheimeastar an Earraigh Thar Lear

Cuireann MIE fáilte roimh mhic léinn ó Choláiste Iona, New Rochelle, Nua-Eabhrac, gach bliain. Tagann na mic léinn go MIE mar chuid de chlár staidéir thar lear a chuireann Coláiste Iona ar fáil. Is é Ráiteas Misin an chláir seo ‘To enrich the liberal arts education of Iona students, undergraduate and graduate, through study abroad experiences that maintain high academic quality and offer diverse opportunities for study and travel.’

iona group

Is féidir leis na mic léinn na sé chúrsa seo a leanas a dhéanamh agus iad in IOM:

  • Stair agus Cultúr na hÉireann
  • Stair agus Forbairt an AE
  • Litríocht na hÉireann
  • Caitliceachas: Síocháin agus Ceartas
  • Mór-Ionadaithe na Nua-Fhealsúnachta
  • Na Mínealaíona agus na hEalaíona Taibhiúcháin

Má éiríonn leo na cúrsaí a chur i gcrích, bronnfar ocht gcreidmheas déag ar na mic léinn i gcomhair a gcúrsa céime.

Cuirtear clár cultúrtha fíorspéisiúil ar fáil do mhic léinn agus iad i Marino lena n-áirítear:

  • Cuairt staidéir ar Oirthear agus ar Iarthar na hÉireann
  • Cuairt Staidéir ar Thuaisceart Éireann
  • Cuairt ar Shí an Bhrú, ar Ghleann Dá Loch agus ar Amharclann na Mainistreach

Tapaíonn go leor mac léinn an deis cuairt a thabhairt ar thíortha na hEorpa freisin.

Is iad Stiúrthóirí an Chláir an Dr Christina Carlson agus an Dr Tommy Van Cleave i gColáiste Iona, Nua-Eabhrac agus an Br Leo Kelly in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath. Cuireann Maureen McDonagh seirbhísí rúnaíochta ar fáil.

Is ó Oileán Í in Inse Ghall díreach amach ó chósta thiar na hAlban a fuair Coláiste Iona a ainm. Ba ar an oileán beag bídeach seo a bhunaigh an manach Éireannach, Colm Cille, an mhainistreach as ar imigh misinéirí ag teagasc agus ag soiscéalú. D’éirigh Oileán Í le bheith ina lárionad creidimh agus léinn a chuir go mór le sibhialtacht agus forbairt chultúrtha Iarthar na hEorpa. Ba le meon na hoidhreachta sin a bhunaigh Pobal na mBráithre Críostaí Coláiste Iona i New Rochelle, Nua-Eabhrac in 1940.

An Clár Pas Iarthar na hEorpa

Bunaíodh an clár seo i 2015. Caitheann na mic léinn cúig seachtaine in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath, cúig seachtaine in Ollscoil na Catalóine in Barcelona, agus cúig seachtaine in Ollscoil Mheiriceánach na Róimhe. Déanann na mic léinn staidéar ar sé mhodúl agus faigheann siad sé chreidmheas i ngach cathair. Agus iad in IOM, is féidir leo fealsúnacht, litríocht Angla-Éireannach nó eacnamaíocht a roghnú.

An Clár Iona ar Mhisean

ion in mission

Tagann grúpa mac léinn go hInstitiúid Oideachais Marino in Eanáir gach bliain le coicís a chaitheamh ar thaithí foghlama seirbhíse le carthanais áitiúla, ag leanúint lorg Edmund Rice.

Is é Ciarán Fogarty a eagraíonn na turais le haghaidh na Roinne Misin agus Ministreachta i gColáiste Iona. Bíonn ball den dámh ó Choláiste Iona agus Ceannaire Mic Léinn i gceannas ar gach misean. Pléann an grúpa lena lán saincheisteanna a bhaineann le Ceartas Sóisialta in Éirinn agus bíonn fonn orthu a bhfuil ar siúl do dhaoine imeallaithe agus faoi mhíbhuntáiste in Éirinn a thuiscint. Agus an grúpa in Éirinn, téann sé ar mheascán de thumchuairteanna chuig áiteanna mar Ionad Buail Isteach an Athair Peter McVerry do dhaoine gan dídean ar Shráid Sherrard, an teach anraith in Ionad Lae na gCaipsíneach ar Ché na gCeannaithe agus Príosún Pháirc na Cruithneachta.

Tugann siad cuairt ar áiteanna eile atá tábhachtach i scéal Edmund Rice (Teach Edmund Rice i mBaile Átha Cliath, Cnoc Shióin agus Callainn) agus faigheann siad an-tacaíocht ó Phobal na mBráithre Críostaí aon áit a dtéann siad. Cuireadh cuairt dhá lá ar Ionad Westcourt i mBéal Feirste le Cormac McArt leis an turas anuraidh, áit ar oibrigh an grúpa ar thionscnaimh do dhaoine gan dídean agus ar na cláir oideachais.

Sonraí Teagmhála

Br. Leo Kelly

[email protected]

+353 18057778

Maureen McDonagh

[email protected]

+353 18057706