Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Freagraí Gramadaí

Cé a fhreagróidh mo cheisteanna gramadaí go tapa?

Is minic a bhíonn an múinteoir ranga in amhras faoi chúrsaí gramadaí agus é nó í ag crochadh suas póstaeir, ag cur amach nótaí nó fiú ag labhairt os comhair an ranga. Uaireanta ní bhíonn sé nó sí iomlán cinnte faoin litriú, ar chóir go mbeadh séimhiú ann nó conas an focal sin a chur sa tuiseal ginideach. In amanna eile, bíonn an múinteoir ranga ag iarraidh ardchaighdeán Gaeilge a chothú sa seomra ranga ach ní bhíonn sé nó sí rómhuiníneach faoina gcruinneas.

Tá seirbhís nua ar fáil ó Choláiste Mhuire, Institiúid Oideachais Marino a chabhróidh le múinteoirí, príomhoidí agus daoine eile i saol na scoile, freagraí tapa a fháil ar cheisteanna gramadaí. Cláróidh an duine don tseirbhís seo ar chostas €50 in aghaidh na bliana agus beidh an duine in ann aon cheisteanna gramadaí a sheoladh chuig [email protected].

Ní seirbhís aistriúcháin ná phrofaithe í seo ach seirbhís a thugann deis do dhaoine ceisteanna a chur maidir le litriú agus le míreanna gramadaí áirithe. Níl uasmhéid ar líon na gceisteanna is féidir a chur. Freagrófar na ceisteanna go luath. Tabharfar ainm úsáideora agus pasfhocal do gach duine a chláraíonn don tseirbhís seo.

Ná bí in amhras faoi chúrsaí gramadaí a thuilleadh! Cláraigh don tseirbhís seo agus faigh na freagraí cearta ar do cheisteanna gramadaí.

Más maith leat clárú leis an tseirbhís seo, seol ríomhphost chuig [email protected]

Online Payment can be accepted at the button below.