Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Íoc as Cúrsa

Cliceáil ar an gcnaipe ‘Easy Payments’ thíos chun na táillí don bhliain acadúil reatha a íoc nó breathnaigh ar na treoracha clárúcháin ina luaitear modhanna íocaíochta eile. Tabhair faoi deara go ngearrfaidh an soláthraí seirbhíse táille ort as an gcóras ‘Easy Payments’ a úsáid agus go bhféadfadh sé go mbeadh teorainn laethúil curtha i bhfeidhm ag an mbanc eisiúna ar úsáid cártaí dochair/léasair.

button_pay_now_ir

Táillí Fochéime

Clúdaíonn an Tionscnamh Saor ó Tháillí an Baitisiléir san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) agus an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge. Ciallaíonn sé sin go n-íoctar táille ranníocaíochta an mhic léinn amháin.

Cúrsaí féinmhaoinithe iad na Cúrsaí Baitsiléara IOM san Eolaíocht agus ní cháilíonn siad don Tionscnaimh Saor ó Tháillí agus gearrtar na táillí díreach ar na mic léinn siúd.

Tá Instititiúid Oideachais Marino tiomanta go mbeadh táillí na cúrsaí Baitsiléara san Eolaíocht ar an gcostas céanna le táille ranníocaíochta an mhic léinn a íoctar ar na cúrsaí a mhaoinítear go poiblí.

D'fhéadfaí go mbeidh faoiseamh cánach ar na táillí a íocadh ar fáil.

Tá táillí gach cúrsa in IOM leagtha amach i bPolasaí Táillí na hInstitiúide, atá ar fáil ag bun an leathanaigh.

 

Polasaí Táillí na hInstitiúide

Léirítear sa doiciméad seo an polasaí maidir le táillí na hInstitiúide. Is féidir é a íoslódáil thíos i bhformáid PDF. Tá na critéir do Thionscnamh Táillí in Aisce na Roinne Oideachais agus Scileanna sa doiciméad freisin.