Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Rialtas_Mark_Std_Colour1916NewImage EU-full-colour-black-text-opaque-Copy

Cuireann MIE lán fáilte roimh iarratais ar an Sparánacht 1916.  Tá sé mar aidhm ag an sparánacht seo tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch ó ghrúpaí nach mbíonn mórán daoine uatha san ardoideachas.

 

Tá iarratais ar an Sparánacht 1916 2023/2024 dúnta anois.

Cur Isteach Anseo

Dáta deiridh na n-iarratas ná an Déardaoin an 25 Eanáir 2024

 

Céar í an Sparánacht 1916?

Is duais airgeadais an Sparánacht 1916 a spreagann rannpháirtíocht agus rath mic léinn ó réimsí sochaí atá faoi ghannionadaíocht ar leith san ardoideachas.

Tá an Sparánacht cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an Aontas Eorpach tríd an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (DFHERIS) agus tá sé mar aidhm aici rannpháirtíocht agus rath na mic léinn ó na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíocht agus atá faoin ngannionadaíocht is mó san ardoideachas.

Le bheith incháilithe don Sparánacht 1916, ní mór do gach iarrthóir critéir cháilitheachta Airgeadais, Grúpa Tosaíochta agus Iontrála Choláiste a chomhlíonadh.

Tá líon teoranta sparánachtaí ar fáil ag gach coláiste rannpháirteach a bhronntar ar na hiarrthóirí incháilithe a léiríonn an gá is mó.

Cén luach atá ar an Sparánacht 1916?

Sraith 1: €5,000 in aghaidh na bliana. In 2023/24 bronnfar Sparánachtaí Sraith 1 ar 400 mac léinn nua fochéime ar an iomlán d’fhad staidéir an mhic léinn.

Sraith 2: €2,000 in aghaidh na bliana. In 2023/24 bronnadh Sparánachtaí Sraith 2 ar 200 mac léinn nua fochéime ar an iomlán d’fhad staidéir an mhic léinn. Bronnfar Sparánachtaí Sraith 2 ar iarrthóirí a chomhlíonann na critéir don Sparánacht 1916 ach nach gcáilíonn ar deireadh do sparánacht sraith 1.

Sraith 3: Sparánacht Aonuaire (€1,500 le híoc don bhliain acadúil 2023/24 amháin). Braitheann líon na sparánachtaí Sraith 3 ar ghannchaitheamh atá sa chóras cheanna féin ó 2022/23 agus an iarmhéid atá fágtha tar éis a íoctar sparánachtaí leanúnacha (ina measc sparánachtaí iarchéimithe) a leithdháileadh do 2023/24.

Íocfar sparánachtaí Sraith 1 agus 2 de réir mar a leanann mac léinn ar aghaidh le staidéar iarchéime. Ciallaíonn sé sin go bhfuil mic léinn a fhaigheann an Sparánacht 1916 agus atá ag críochnú staidéir fochéime i dteideal an sparánacht a fháil agus iad ag dul ar aghaidh go staidéar iarchéime.

Tá sonraí breise ar fáil i dtreoirlínte PATH 2 HEA.

Cé ar féidir leo cur isteach ar Sparánacht 1916?

Is féidir le haon mac léinn atá ag tosú sa chéad bhliain de chlár (fochéime) sa bhliain acadúil (2023/24), ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha, a raibh ioncam inríofa teaghlaigh níos lú ná €25,000 in 2023, agus atá luaite sna grúpaí tosaíochta aitheanta, cur isteach ar an sparánacht. Is féidir le mic léinn atá ag dul díreach isteach sa dara bhliain de chlár cur isteach freisin.

Cad iad na critéir le cur isteach ?

Le seiceáil más féidir leat cur isteach ar Sparánacht 1916, le do thoil féach an Promhadh tapaidh Cáilitheachta ar www.1916Bursary.ie.

 

2022-2023PATHImage PillarImage