Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Ceisteanna Coitianta Sparánacht ‘Ceannairí agus Foghlaimeoirí’ 1916

CÉARD É SPARÁNACHT CEANNAIRÍ AGUS FOGHLAIMEOIRÍ 1916?

Tugann ciste an ‘Programme for Access to Higher Education (PATH)’ tacaíocht don sparánacht atá faoi bhainistíocht an Údaráis um Ard-Oideachas thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna. Déantar an sparánacht a riaradh faoin ‘Leinster Pillar 1 Cluster of Higher Education Institutions’: Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT); An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD); Institiúid Oideachais Marino (MIE); Coláiste na Tríonóide (TCD); agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath (UCD).

Is fiú €5000 in aghaidh na bliana an íocaíocht sparánachta d’fhad ama chlár fochéime an dámhachtaí (ceithre bliana ar a mhéid), faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Tá sé mar aidhm ag an sparánacht tacaíocht a thabhairt do mhic léinn atá faoi bhuntáiste socheacnamaíoch ó ghrúpaí a bhfuil ionadaíocht íseal acu go traidisiúnta san ard-oideachas.

Le bheith i dteideal cur isteach ar sparánacht, caithfidh mic léinn a bheith in ann a léiriú go dtagann siad ó cheann amháin ar a laghad de na grúpaí seo a leanas:

  • Grúpaí socheacnamaíocha a bhfuil ionadaíocht íseal acu san ard-oideachas
  • Mic léinn lánfhásta chéaduaire
  • Mic léinn le míchumas, go háirithe mic léinn le laige fhisiceach/shoghluaisteachta nó mic léinn le laige chéadfach, mic léinn atá bodhar nó le laige éisteachta agus mic léinn atá dall nó mic léinn lagamhairc
  • Lucht siúil ó Éirinn
  • Mic léinn atá ag tosú mar thoradh ar cháiliúchán breisoideachais
  • Tuismitheoirí aonair le híocaíocht de réir tástála acmhainne leas sóisialach ón Roinn Coimirce Sóisialaí
  • Mionlaigh eitneacha

Caithfidh mic léinn stádas de réir cónaí agus inimirce a shásamh nó cead a bheith acu fanacht.

Caithfidh mic léinn a bheith in ann a léiriú go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch trí fhianaise a sholáthar:

  1. Cáilitheacht don Ráta Speisialta den deontas SUSI (ioncam ináirithe faoi €24,500) agus/nó
  2. Fáltas íocaíocht de réir tástála acmhainne leas sóisialach ón Roinn Coimirce Sóisialaí

 

Caithfidh mic léinn a bheith ag tosú san ard-oideachas i 2020, ar chláir atá níos faide ná dhá bhliain.

Cuireann iarratasóirí iarratais isteach trí fhoirm ar líne a chomhlánú.

Glactar le hiarratais do 2020 - 2021 anois.

Sula gcuireann tú iarratas isteach, má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn ceisteanna eile agat nach bhfuil sna FAQ, seol ríomhphost chuig [email protected] agus freagróidh duine do cheist chomh luath agus is féidir. 

Iarrfar ar gach iarratasóir sonraí pearsanta a chur ar fáil agus ceisteanna a fhreagairt bunaithe ar na nithe seo a leanas:

- Dúshláin a raibh aghaidh le tabhairt orthu maidir le rochtain a fháil ar oideachas.

- Róil cheannaireachta a bhfuil tú bródúil astu (mar shampla, rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt/seach-churaclaim, ag gníomhú sa phobal, sa scoil nó i gcúrsaí oideachais, obair dheonach, obair charthanach, dualgais chlainne)

- Pleananna don Todhchaí   

- rannphairtíocht i ngníomhaíochtaí for-rochtana

- Teistiméireacht ó eagraíocht phobail

Ní ghlacfar le cáipéisíocht a bhíonn déanach nó neamhchríochnaithe rud a chiallóidh nach mbeifear in ann an t-iarratas a mheas.

Chun deimhniú a fháil ar ghá airgeadais agus ar chúinsí pearsanta, iarrfar ar iarratasóirí cáipeisíocht bhreise a chur isteach mar a shonráítear thíos:

Cáilítheacht don Ráta Speisialta den deontas SUSI (€24,500): 
  • Litir ó SUSI ag deimhniú cáilitheachta (i.e. go bhfuil tú i dteideal sparánacht a fháil) don bhliain acadúil reatha NÓ P 21/Chapter 4/Notice of Assessment (2017)
Fáltas íocaíocht de réir Tástála Acmhainne Leas Sóisialach ón Roinn Coimirce Sóisialaí:
  • Ráiteas Leasa Shóisialaigh 2019
Mionlaigh Eitneacha:
  • Litir ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag deimhniú ceada cónaí in Éirinn

  • Eadóirseacht (Naturalisation) agus ‘Immigration Services Person ID Number (INIS Person ID number)’
Mic léinn le míchumas:
  • Fianaise ar mhíchumas nó litir cháilitheachta DARE
Mic léinn lánfhásta:
  • Cead do Bhord Measúnaithe Sparánacht 1916 deimhniú a fháil ón Oifig Iontrála gur iarratasóir lánfhásta céaduaire thú
Tuismitheoir Aonair:
  • Ráiteas Leasa Shóisialaigh ó 2019 a léiríonn fáltas ar Íocaíocht Tuismitheora Aonair
Mac Léinn ón lucht siúil:
  • Litir thacaíochta ó ghníomhaireacht chuí
Teistiméireacht ó scoil nó ó eagraíocht dheonach, spóirt nó phobail:
  • Cuir isteach teistiméireacht scríofa agus sínithe ó scoil, eagraíocht dheonach nó phobail a léiríonn céard a dhéanann tú don eagraíocht sin

Caithfear an cháipéisíocht tacaíochta ar fad a uaslódáil leis an iarratas ar líne. Má bhíonn deacrachtaí doicimeid a uaslódáil is féidir iad a chur chuig [email protected]  ag déanamh tagairt do d'uimhir iarratais. Ní ghlacfar le cáipéisíocht a bhíonn déanach nó neamhchríochnaithe rud a chiallóidh nach mbeifear in ann an t-iarratas a mheas.

Is féidir le mic léinn a ráiteas pearsanta a sholáthar i gceann amháin de na leagain amach seo a leanas:

  • Freagra scríofa (200 focal ar mhéid)
  • Gearrthóg físe (30 soicind)
  • Grianghraif (trí cinn ar a mhéid do gach cuid le teideal). Caithfidh lipéid shoiléire agus tagairtí a bheith ag dul le híomhanna digiteacha.

Déanfaidh painéal measúnaithe ainmnithe ó na hinstitiúidí ó ‘Leinster Pillar 1’ agus ainmní seachtrach iarratais a mheas. Déanfar tairiscintí coinníollacha faoi réir go nglacann mac léinn le háit in Institiúid Oideachais Marino, go gcláraíonn mac léinn san Institiúid agus go gcuireann an mac léinn ar fáil fianaise ar cháilitheacht don Ráta Speisialta den deontas SUSI íocaíocht do thuismitheoir aonair fáltas íocaíocht de réir tástála acmhainne leas sóisialach ón Roinn Coimirce Sóisialaí

Iarratsaóirí lánfhásta a n-éiríonn leo, gheobhaidh siadsan tairiscint choinníollach i Mí Iúil agus gheobhaidh iarratasóirí eile a n-éiríonn leo tairiscint choinníollach i Mí Lúnasa.

Beidh tairiscint ar sparánacht coinníollach agus faoi réir na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • Go bhfaigheann tú áit ar chúrsa in Institiúid Oideachais Marino agus go sroicheann tú an caighdeán acadúil is gá chun d’áit a choinneáil. Sa chás nach bhfuil tú i mbun do chúrsa níos mó in Institiúid Oideachais Marino, tarraingeofar siar do sparánacht.
  • Go ndeimhníonn tú go bhfuil tú i dteideal go socheacnamaíoch trí cheann amháin díobh seo a sholáthar:
    • Deimhniú i scríbhinn go bhfuil tú ag fáil Ráta Speisialta den deontas SUSI
    • Deimhniú i scríbhinn go bhfuil tu ag fáil íocaíocht de réir tástála acmhainne leas sóisialach ón Roinn Coimirce Sóisialaí
    • Tá sé de chead ag Institiúid Oideachais Marino cáipéisíocht uasdátaithe a fháil uait i rith théarma na sparánachta agus má athraíonn do chúinsí airgeadais an sparánacht a tharraingt siar.

Déan teagmháil díreach le d'Institiúid tríd an ríomhphost thíos:

Institiúid Oideachais Marino

 [email protected]