Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Ráiteas Misin MIE

Is institiúid teagaisc, foghlama agus taighde é MIE atá tiomanta don ionchuimsitheacht agus don bharr feabhais san oideachas a chur chun cinn.

Tá dínit agus cumas gach duine ina ngnéithe lárnacha dár saol, dár n-obair agus dár seirbhís.                                                                                 

  • Pearsa agus luacha Éamainn Rís, go háirithe an fhís a bhí aige d’oideachas a bhainféadh ionchuimsitheacht agus saoire leis
  • An mac léinn a fhorbairt mar ghairmí lách díograiseach
  • Meas a bheith againn ar thraidisiúin chultúrtha agus teanga na hÉireann chomh maith le bheith inár mbaill de phobal an domhain
  • Timpeallacht oibre a mbaineann cóimheas, cumarsáid oscailte agus cuntasacht, ceannaireacht éifeachtach agus comhobair léi.

Fís

Beidh MIE ina lárionad de thábhacht dhomhanda ó thaobh teagaisc agus taighde sa réimse oideachais.

Trí chomhoibriú agus trí theicneolaíocht, déanfaimid ár dteorainneacha tíreolaíochta a fhairsingiú agus cruthóimid fuinneamh do sholáthar clár oideachais nuálach ardchaighdeáin. Cruthóimid tairseach chriticiúil le haghaidh taighde den chéad scoth i gcomhpháirt le daoine eile agus cothóimid naisc idir ollscoileanna, scoileanna agus an pobal a chuirfidh le feabhas inbhuanaithe agus athnuachan ar fud an chórais oideachais ar fad.

Méadóimid ár dtiomantas agus ár saineolas maidir le réimse na hionchuimsitheachta trí thaighde a dhéanamh agus trí chláir oideachais a chur ar fáil a thabharfaidh cumhacht dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta.

Beimid ar thús cadhnaíochta ó thaobh an phlé náisiúnta agus idirnáisiúnta ar na deiseanna agus ar na dúshláin a bhaineann le hiolrachas agus le héagsúlacht i suíomhanna oideachais.

Treoirphrionsabail

Tá ár seacht dTreoirphrionsabail bunaithe ar gach gné dár dul chun cinn mar institiúid:

  1. Bheith éacúiméineach agus meas a léiriú ar phobal gach creideamh.
  2. Oideachas múinteoirí láidir a chur ar fáil.
  3. Tacú le misean an oideachais Chaitlicigh tríd an éiteas sin a léiriú agus trí shamhailteacha a mholadh chun é a chur i bhfeidhm
  4. Cláir oideachais a chur ar fáil a spreagann agus a chumasaíonn daoine bochta agus daoine faoi mhíbhuntáiste
  5. Pobal foghlama a thógáil atá bunaithe ar an duine, a léiríonn meas ar éagsúlachtaí aonair agus a bhfuil rochtain ag daoine faoi mhíbhuntáiste air.
  6. Cabhrú le tuismitheoirí na freagrachtaí a bhaineann lena ról mar oideachasóirí a chomhlíonadh.
  7. Meas a léiriú orthu siúd atá ar thóir na fírinne agus a gceart dul sa tóir ar eolas nua, is cuma cén toradh a bheidh air, a chosaint.

Is ionann na Treoirphrionsabail seo agus bunús ar gcomhiontaobhachta le Coláiste na Tríonóide, agus cuireann luacha Éamainn Rís Bheannaithe bonn eolais orthu, go háirithe an fhís a bhí aige d’oideachas a bhainfeadh ionchuimsitheacht agus saoirse leis.