Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Fáilte chuig an Rannóg um Dhearbhú Cáilíochta shuíomh gréasáin IOM

“Bíonn cáilíocht, cé nach bhfuil sé éasca a shainiú, mar thoradh den chuid is mó ar an gcaidreamh idir múinteoirí, mic léinn agus an timpeallacht foghlama institiúideach. Le dearbhú cáilíochta ba chóir go gcinnteofaí timpeallacht foghlama ina mbeidh ábhar na gclár, deiseanna agus saoráidí foghlama oiriúnach don fheidhm.” - Caighdeáin agus Treoirlínte maidir le Dearbhú Cáilíochta i Limistéar Eorpach an Ardoideachais (ESG, 2015)

Tá Creat um Dhearbhú Cáilíochta Institiúid Oideachais Marino bunaithe ar threoirlínte reachtúla um dhearbhú cáilíochta QQI (2016)/ESG (2015) agus cuimsítear ann beartais, nósanna imeachta, agus daoine, lena chinntiú go mbeidh a timpeallacht foghlama oiriúnach don fheidhm. Tá cur síos déanta ar a phríomh-chomhpháirteanna thíos.

Creat um Dhearbhú Cáilíochta IOM

Ráiteas um Bheartas Cáilíochta

I Ráiteas um Bheartas Cáilíochta Institiúid Oideachais Marino déantar cur síos ar ár gcur chuige maidir le dearbhú cáilíochta ar an leibhéal is airde, agus achoimrítear a chuspóir, comhthéacs, rialachas, tairbhí agus úinéireacht.

Lámhleabhar um Dhearbhú Cáilíochta

Is é Lámhleabhar um Dhearbhú Cáilíochta Institiúid Oideachais Marino an acmhainn lárnach i gcur i bhfeidhm ár mBeartais Cháilíochta. Déantar cur síos ann ar ár mbeartais agus ár nósanna imeachta Dearbhú Cáilíochta (DC) lena n-áirítear an dóigh a bhfreastalaíonn siad ar an gcur chuige foriomlán maidir le cáilíocht, an bhaint atá acu lena chéile, an bhaint atá acu le príomh-pháirtithe leasmhara (lena n-áirítear mic léinn, baill foirne agus comhlachtaí seachtracha) agus an dóigh a ndéantar iad a choimeád agus a fheabhsú ar bhonn leanúnach.

An Oifig um Dhearbhú Cáilíochta

Tá Oifig um Dhearbhú Cáilíochta Institiúid Oideachais Marino ina feidhm de chuid an Chláraitheora agus tacaíonn sí le cur i bhfeidhm an Bheartais um Cháilíocht agus cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta atá curtha síos sa Lámhleabhar DC. Coimeádann an Oifig um Dhearbhú Cáilíochta an sceideal le haghaidh athbhreithnithe DC, foilsiú tuarascálacha gaolmhara agus rianú gníomhaíochtaí iarchúraim.

Teagmháil

Oifigeach um Dhearbhú Cáilíochta MIE 
R: [email protected]
T: 01 8535167

 
Oifig um Dhearbhú Cáilíochta
Oifig an Chláraitheora
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9
D09 R232