Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Tuarascáil Bhliantúil Uachtarán IOM 2021-2022

TOD Web Profile

Agus mé i m’Uachtarán IOM, smaoiním siar le bród agus le buíochas as a bhfuil bainte amach again san Institiúid le bliain anuas, bliain acadúil a bhí an-dúshlánach ar fad Agus sinn ag dul i ngleic le COVID-19 don dara bliain as a chéile, d’fhilleamar ar an gcampas le faitíos ach le gliondar chomh maith. Bhí ar gach uile dhuine dul i ngleic le saol síorathraitheach le bliain anuas, rud a chur strus orthu, áfach. Chomh luath agus a cheapamar go raibh cead againn gníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh a eagrú arís cuireadh bac orainn go minic nó bhí orainn filleadh ar ghníomhaíochtaí ar líne amháin.

Tháinig méadú ar ualach oibre gach aon duine toisc gur tháinig go leor athruithe i bhfeidhm i rith na bliana, toisc go rabhamar tiomanta do gach aon duine a choimeád slán ag an obair agus ag an staidéar, agus toisc go raibh eagla orainn go dtolgfadh ár muintir agus muidne féin COVID-19. Bhí orainn tacú le scoileanna agus le suíomhanna luath-óige trínár mic léinn shinsearacha a chur ag obair mar mhúinteoirí/mar chúramóirí ionaid i mí Eanáir agus i mí Feabhra, agus chuir sé seo isteach go mór ar shocrúcháin scoile, agus ar an bhféilire acadúil do na mic léinn agus don fhoireann ar fad. Fuaireamar aitheantas ón Aire Foley agus ó ghníomhaireachtaí éagsúla ar fud na tíre as an méid a rinne ár mic léinn le linn na tréimhse seo maidir le scoileanna agus suíomhanna luath-óige a choimeád ar oscailt.

Táimid fíorbhuíoch do na mic léinn as an méid oibre a rinne siad mar oibrithe tosaigh le linn na paindéime agus as a bhflaithiúlacht agus as a ngairmiúlacht agus iad ag i mbun oibre sna suíomhanna sin. Bhí leasuithe le déanamh ar an bhféilire acadúil dá bharr seo, a raibh tionchar mór acu ar an gcohórt sin, ar chohóirt eile agus ar mhic léinn B. Ed /B.Oid 1 go háirithe, agus go deimhin, bhí an tionchar sin le brath ar fud na ranna uile san Institiúid Mar sin, cé go raibh dúshláin ann nach bhfacthas a leithéid riamh, le linn na bliana 2020/2021, bhí siad ann le linn na bliana 2021/2022 chomh maith. Níor tháinig maolú ar bith ar na dúshláin sin ó thaobh méid agus ráta de.

Is é mo thuairim go bhfuil tionscnaimh áirithe ann a bhfuil baint ag IOM leo anoiriúnach chun dul i ngleic le dúshláin na linne seo. Tá an Tionscadal um Múinteoirí Imirceacha ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas, tionscadal a chuireann acmhainní agus tacaíochtaí tábhachtacha ar fáil do mhúinteoirí atá ag bogadh go hÉirinn agus atá ag dul ag obair in earnáil oideachais na tíre seo, agus anois sa bhliain 2022 tá sé ina chabhair do mhúinteoirí ón Úcráin atá ag bogadh go hÉirinn, agus níos tábhachtaí fós, beidh sé ina chabhair d’earnáil an oideachais in Éirinn maidir le riachtanais na múinteoirí seo a thuiscint. Molaim go deo iad as ucht a gcuid oibre.

Bliain thar a bheith deacair a bhí ann dár mic léinn, rinne siad a ndícheall in ainneoin na ndúshlán, agus ba léir go raibh na riachtanais a bhain lenár mic léinn ar an mbonnchlár bliana IFP agus le mic léinn na chéad bhliana i gcoitinne níos mó ná mar a bhí riamh roimhe sin. Bhí an t-ádh orainn gur chuireamar le tacaíochtaí do mhic léinn ag IOM le blianta beaga anuas. D’fhostaíomar Oifigeach Rochtana, Oifigeach Rannpháirtíochta Mac Léinn agus Séiplíneach, chomh maith le seirbhís comhairleoireachta inmheánach le foireann de bheirt chomhairleoirí a chur ar fáil. Bhí an Coiste Iniúchóireachta chomh maith le clubanna agus cumainn uile na mac léinn ina chrann taca dár mic léinn i rith an ama. Bhíomar thar a bheith sásta le rannpháirtíocht mac léinn IOM in StudentSurvey.ie mar ba é an leibhéal ab airde in earnáil an ardoideachais é. Bíonn ár dtorthaí ard I gcónaí agus cuireann sé áthas orainn go mbíonn mic léinn sásta leis an Institiúid.

Is iomaí tionscnamh ionchuimsitheach forleathnaitheach eile de chuid IOM a raibh rath orthu i rith na bliana, lena n-áirítear TOBAR – ár dtionscadal um Rochtain ar an Ardoideachas, STER - ár bhfóram agus comhdháil taighde do mhic léinn, ár dtiomantas d’oideachas forbartha sa tionscadal DICE, agus an Bonnchlár Idirnáisiúnta (IFP) a lean ar aghaidh in ainneoin na srianta taistil a bhain le COVID-19 agus na n-imeachtaí geopholaitiúla i mí Feabhra na bliana 2022 Thugamar cuireadh do mhuintir na háite teacht chuig ár gcampas, chun go mbainfidís taitneamh as ár dtírdhreach álainn le linn tréimhsí nach raibh cead acu taisteal lasmuigh dá gcomharsanacht féin. Bhí roinnt mhaith imeachtaí pobail againn I rith na bliana a sheasann amach, lena n-áirítear; ár ról ceannaireachta ar an tionscadal – Cathair Foghlama Bhaile Átha Cliath, ár mbaint le scoileanna na háite maidir leis na cláir do leanaí ‘samhradh le chéile’ a chur ar bun, an bhaint a bhí ag ár mic léinn le seisiúin ceol traidisiúnta ag am lóin, agus an tiomantas don ghluaiseacht leis an tionscadal ‘Walktober.’

Rinneamar comhdháil Chumann Léann Oideachais na hÉireann (COBÁC) a óstáil ar líne i mí an Mhárta 2022 agus bhí an-áthas orainn comhdháil chumann oideachais múinteoirí san Eoraip a óstáil aghaidh ar aghaidh i mí na Bealtaine, nuair a chuireamar fáilte roimh 100 toscaire idirnáisiúnta chuig IOM. Bhí an-rath go deo ar an dá chomhdháil agus léirigh sé seo cumas acadúil agus eagrúcháin na hInstitiúide.

Ag breathnú siar ar 2021/2022, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach ball foirne as an méid oibre a rinne siad le tiomantas iomlán agus le croí mór maith. Le linn na bliana, chinntigh ár bhfoireann go raibh deis ag na mic léinn obair acadúil a dhéanamh chomh fada agus ab fhéidir, agus thug siad tacaíocht dóibh le bheith rannpháirteach sna himeachtaí uile cultúrtha agus spóirt atá fíorthábhachtach i saol na mac léinn san ollscoil.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach uile dhuine as a gcineáltas agus a dtiomantas dá chéile agus do IOM.

An Dr Teresa O'Doherty 

Uachtarán, Institiúid Oideachais Marino

Tuarascáil Bhliantúil Uachtarán Institiúid Oideachais Marino 2018-2019

MIE President's Annual Report 2018-2019 (English & Irish)

MIE President's Annual Report 2018-2019 (English)