Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Covid-19 (an Coróinvíreas) – an Nuacht is Déanaí

I bhfianaise na gcásanna de Covid-19 (an Coróinvíreas) a deimhníodh in Éirinn le déanaí, leanfar den teagasc agus foghlaim ar líne in IOM go dtí deireadh sos na Cásca 2021. Aon athrú a dhéantar air sin, nó aon sonraí a bhaineann le filleadh ar an teagasc duine le duine, cuirfear in iúl duit iad ar ríomhphost. Seiceáil do chuid ríomhphoist uair sa lá ar a laghad, le do thoil.

Bearta Sláinte Poiblí

  1. Is iad comharthaí sóirt Covid-19
    1. Casacht
    2. Gearranáil
    3. Deacrachtaí ag análú
    4. Fiabhras (teocht níos airde ná 38C nó 100.4F)
    5. Easpa blais nó bolaidh, nó athrú orthu

 

  1. Má bhíonn comharthaí sóirt ort atá cosúil leo siúd a bhaineann le Covid-19, déan an méid seo a leanas:

               1. Fan ar shiúl ó ranganna agus ó áiteanna sóisialta san Institiúid

               2. Féin-aonrú agus gluaiseachtaí srianta (https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/self-isolation-and-limited-social-interaction.html)

               Is féidir leat féachaint ar an bhfógra féin-aonraithe agus gluaiseachtaí srianta is déanaí anseo. Bheimis an-bhuíoch as an gcabhair chun an fhaisnéis thábhachtach seo a roinnt.

  • Treoir soiléir ar leithlisiú: dóibh siúd atá níos sine ná 3 mhí agus suas go 13ú breithlá

     Is féidir teacht ar an treor anseo.

  • Isolation quick guide: adults and children from their 13th birthday

     Is féidir teacht ar an treor anseo.

               3. Déan teagmháil leis an FSS ar an nguthán chun comhairle a fháil - 1850 24 1850

                4.Cuir IOM ar an eolas maidir le do chás trí ríomhphost a sheoladh (registrars@mie.ie) nó scairt a chur (01 853 5133)

                Má chinneann tú féinleithlisiú a dhéanamh nó má mholann an FSS duit dul faoi choraintín, tabhair do d’aire go measfar gur cúinsí maolaitheacha iad sin ó thaobh tinrimh    de, fad is atá teagmháil déanta agat leis an Institiúid agus go bhfuil Oifig an Chláraitheora ar an eolas faoi.

                5. Cuir scairt ar do dhochtúir teaghlaigh nó ar Ionad Leighis Fhionnradhairc (01 833 9856) sa chás go raibh teagmháil agat le duine a bhfuil Covid-19 air.

Tá an t-eolas go léir maidir le filleadh ar an gcampas le fáil anseo.

 

  1. Déan na dea-chleachtais sláinteachais atá molta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chleachtadh: https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/protect-yourself.html
    1. Nigh do lámha, na hordóga san áireamh, i gceart agus go minic
    2. Nuair a dhéanann tú casacht nó nuair a ligeann tú sraoth, clúdaigh do bhéal agus do shrón le ciarsúr páipéir nó le do mhuinchille
    3. Cuir ciarsúir pháipéir i mbosca bruscair atá clúdaithe
    4. Laghdaigh an méid a chroitheann tú lámh nó a thugann tú barróg, go háirithe le duine a bhfuil comharthaí sóirt orthu mar atá liostaithe thuas.

 

  1. Tá an cás á bhreithniú ag an Institiúid ar bhonn laethúil agus déanfar cumarsáid leat ar ríomhphost nuair a bhíonn scéal nua le scaipeadh. Seiceáil do chuid ríomhphoist uair sa lá ar a laghad. 
  1. Má tharlaíonn sé go bhfuil imní ar IOM faoi chás de Covid-19, féachfaidh an Institiúid le teagmháil a dhéanamh leat ar thrí bhealach:
  • (i) Ar ríomhphost
  • (ii) Ar shuíomh gréasáin IOM
  • (iii) Le teachtaireacht téacs chuig an uimhir atá ar taifead againn duit. Is am maith é seo le MAESTRO a sheiceáil lena chinntiú go bhfuil an uimhir ghutháin cheart againn duit. Mura bhfuil, féadfaidh tú féin é sin a chur ina cheart ar MAESTRO.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin méid sin, déan teagmháil le:

Oifig an Chláraitheora ar an nguthán (01 853 5133) nó ar ríomhphost: registrars@mie.ie

 

Tá tuilleadh eolais faoi Covid-19 le fáil anseo: www2.hse.ie/conditions/coronavirus

 

Tá eolas curtha ar fáil ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuá;laíochta agus Eolaíochta do mhic léinn tríú leibhéal: https://www.gov.ie/en/publication/bcd91-a-safe-return-to-on-site-further-and-higher-education-and-research/

Taisteal

I dtaca le haon taisteal, is ceart do bhaill foirne agus mic léinn comhairle na Roinne Gnóthaí Eachtracha a leanúint: https://www.dfa.ie/travel/travel-advice/coronavirus/. 

 

Táimid ag faire ar an scéal ar bhonn leanúnach agus cuirfidh muid pobal IOM ar an eolas de réir mar is gá. Is iad sláinte agus folláine ár mball foirne agus ár mac léinn an rud is tábhachtaí dúinn.

Eolas breise:

Féadfaidh tú an nuacht is déanaí a léamh ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte, go háirithe sa chuid a bhaineann le Ceisteanna Coitianta: https://www.hpsc.ie/a-z/respiratory/coronavirus/novelcoronavirus/

Comhairle ón Roinn Gnóthaí Eachtracha: https://www.dfa.ie/travel/travel-advice/coronavirus/

Comhairle ó Choláiste na Tríonóide: https://www.tcd.ie/about/coronavirus/ 

Comhairle ón Roinn Oideachais agus Scileanna: https://www.education.ie/en/The-Department/Announcements/information-for-schools-preschools-and-third-level-institutions-on-the-coronavirus.html