Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Seirbhísí Leighis in Institiúid Oideachais Marino.

Soláthraíonn Ionad Míochaine Fhionnradhairc (nó Fairview Medical Centre mar is fearr aithne air sa Bhéarla) réimse seirbhísí leighis agus sláinte do mhic léinn cláraithe in Institiúid Oideachais Marino. Tá foireann dochtúirí agus altraí ar dualgas in Ionad Míochaine Fhionnradhairc. Cuid de na seirbhísí atá ar fáil ná: athbhreithniú tinnis agus deimhniú go bhfuil tú i dtreo freastal ar an ollscoil, fleibeatóime, instealltaí, cóiriú cliniciúil, seirbhísí sláinte na mban, seirbhísí asma 7r.l. Is víreas iad slaghdán agus an fliú araon, nár gá cuairt a thabhairt ar dhochtúir de ghnáth. Tá cógaslann áitiúil gar don Choláiste ar Ascall Philib má tá gá le haon leighis thar an gcuntar

Tá an t-Ionad Leighis ar fáil faoi fhad siúl, thart ar 10 nóiméad, den Institiúid agus tá sé oscailte ó 8 r.n. go dtí 5 i.n. ó Luan go hAoine.

Tá seirbhís éigeandála ar fáil maidin Sathairn ó 8 r.n. go 9:30 r.n.

Do chás éigeandála i ndiaidh 6 i.n. agus ag an deireadh seachtaine gabh i dteagmháil le DDoc (0818 22 44 76)

Do thuilleadh eolais ar na seirbhísí leighis atá ar fáil in Ionad Míochaine Fhionnradhairc, le do thoil cliceáil anseo

 

Clárú mar Othar Nua

Ní mór do mhic léinn IOM clárú le hIonad Míochaine Fhionnradhairc ar a laghad 48 uair roimh dóibh a gcéad coinne a lorg agus caithfear an cárta mac léinn a thabhairt chuig aon coine san ionad. 

Chun clárú le hIonad Míochaine Fhionnradhairc, líon an fhoirm Clárú mar Othar Nua ag an nasc seo.

 

Má tá tuilleadh comhairle nó tacaíochta ag teastáil uait, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh le do theagascóir pearsanta (sonraí ar chuntas Maestro an mhic léinn) nó leis an Seirbhís Comhairleoireachta do Mhic Léinn.