Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)

Grúpa nua eile de mhic léinn ag tosú Meán Fómhair 2021

Pointí Iontrála CAO 2021

CM003: 513 (40 pointe ó na scrúduithe réamhriachtanacha TEG Léibhéil B1 san áireamh anseo) 528 sa bhliain 2020

CM004: 463 (40 pointe ó na scrúduithe réamhriachtanacha TEG Léibhéil B1 san áireamh anseo) *do dhaltaí Gaeltachta. 488 sa bhliain 2020

Má tá spéis agat sa Ghaeilge agus ina bheith ag múineadh trí mheán na Gaeilge, is í seo an chéim duit! Cinnteoidh timpeallacht nuálach teagaisc agus foghlama IOM, agus ár dtiomantas don Ghaeilge go mbeidh paisean agat don mhúinteoireacht, agus don Ghaeilge agus dá cultúr. 

Taithí na Mac Léinn

Scéal Barry

Scéal Fhionnuala

Buntáistí agus Deiseanna:

  • Sparánacht €1000 ar fáil do gach mac léinn a chláraíonn ar an gcéim
  • Lóistín ar an gcampas ar fáil sa Bhloc Gaeilge. Lascaine €2,590 do mhic léinn Ghaeltachta 
  • Socrúcháin Scoile i scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
  • Deiseanna Fostaíochta i scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

 

Riachtanais Iontrála Sonracha:

  • H3 sa Ghaeilge
  • *Cáilíocht TEG Leibhéal B1 (Pas 50%) nó níos airde riachtanach.

 Dátaí Tábhachtacha:

  • Scrúduithe TEG ar an Satharn, 26 Feabhra, 2022 – www.teg.ie/oid
  • Seisiún Eolais agus Ullmhúcháin i Marino do na Scrúduithe TEG, 8 Eanáir, 2022
  • Caithfear torthaí do scrúduithe TEG a sheoladh chuig [email protected] roimh an Aoine, 29 Aibreán, 2022.

 Beidh ar mhic léinn a thug faoi na scrúduithe TEG i Mí Feabhra nó mic léinn a bhfuil na scrúduithe sin déanta acu cheana féin, cóip dheimhnithe dá dtorthaí a sheoladh chuig: [email protected] roimh an Aoine, 29 Aibreán, 2021.Is féidir an ríomhphost a fhaigheann mic léinn ó TEG lena gcuid torthaí, a sheoladh ar aghaidh chuig: [email protected]. Nuair a sheolann mic léinn a gcuid torthaí chuig [email protected], iarrtar orthu a bheith cinnte go luann siad:

  • A n-uimhir CAO
  • A n-ainm mar atá sé ar an iarratas CAO
  • cód an chúrsa don tairiscint gur mian leo

Céard é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht)?

Is céim ar leith é an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) a oireann go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Tá géarghá le múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna Lán-Ghaeilge agus tá cáilíocht mhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge ag teastáil ó mhic léinn atá ag iarraidh múineadh sna scoileanna sin. Sa chéim cheithre bliana seo gheobhaidh tú amach faoin tumoideachas, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn na páistí teanga, faoi na bealaí ina bhfoghlaimíonn siad conas léamh, scríobh, comhaireamh agus áireamh. Foghlaimeoidh tú conas na healaíona a chur ar shúile na bpáistí, faoin tábhacht a bhaineann leis an gcultúr Gaelach mar aon leis an draíocht agus na mistéir mórthimpeall orthu, agus na bealaí chun fás agus forbairt ar bhealach sláintiúil.

Céard air a ndéanfaidh mé staidéar?

Beidh cúrsa Gaeilge speisialta ag tús an chúrsa i Marino i Meán Fómhair 2021. Sa bhonnstaidéar beidh staidéar á dhéanamh agat ar an tumoideachas, ar an Oideachas Luath-Óige, ar an mbealach ina bhfoghlaimíonn páistí, ar an tSíceolaíocht agus ar an tSochtheangeolaíocht. Cuir le d’eolas ar an nGaeilge agus ar na hábhair churaclaim éagsúla, foghlaim faoi na modhanna chun na hábhair sin a mhúineadh agus faoi na buntáistí a bhaineann lena múineadh trí mheán na Gaeilge. Beidh deis agat staidéar a dhéanamh chun teastas san Oideachas Reiligiúnach Caitliceach a bhaint a amach le tú a ullmhú múineadh i scoileanna faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Ta deis ann chomh maith staidéar a dhéanamh chun teastas a fháil sna Curaclaim Ilchreidmheacha agus Eitice i gComhthéacsanna Scoileanna Éagsúla.

Socruchán Scoile

Is trí mheán na Gaeilge amháin a dhéanfaidh tú na Socrúcháin Scoile ar fad i rith na gceithre bliana den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht). Gheobhaidh tú deiseanna réimse leathan de thaithí a fháil san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge. D’fhéadfadh na Socrúcháin Scoile sin ar fad a bheith i scoileanna Gaeltachta agus d’fhéadfadh cuid acu a bheith i scoileanna Lán-Ghaeilge. Beidh deiseanna agat Socrúcháin a dhéanamh i scoileanna tuaithe agus i scoileanna uirbeacha, i scoileanna aon ghnéis agus i scoileanna comhoideachais, i scoileanna DEIS, i scoileanna ina bhfuil suíomhanna aon ghrád agus i scoileanna ina bhfuil suíomhanna ilghrád. Don Oideachas Speisialta déanfaidh tú Socrúchán Scoile i suíomh Lán-Ghaeilge sa Dara Bliain.

Gaeltacht

Mar chuid den Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) beidh ar gach mac léinn Tréimhsí Foghlama coicíse a dhéanamh sa Ghaeltacht um Cháisc sa Chéad Bhliain agus sa Dara Bliain. Ní bheidh aon táillí le híoc ag mic léinn do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Sa Tríú Bliain, caithfidh tú seachtain sa Ghaeltacht ag tógáil codanna de mhodúil a bhainfidh leis an gcéim. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas ar fad a bhaineann leis sin. Sa Cheathrú Bliain don Ardsocrúchán Scoile (deich seachtaine), beidh mic léinn ag cur fúthu sa Ghaeltacht agus ag obair i scoileanna Gaeltachta. Clúdóidh Institiúid Oideachais Marino an costas taistil agus cothaithe a bhaineann leis sin. 

hurler2

Céard iad na roghanna a bheidh agam mar mhúinteoir?

Oireann an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) go speisialta do mhic léinn a dteastaíonn uathu múineadh san earnáil oideachais Lán-Ghaeilge i.e. i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Beidh céimithe leis an gcéim i dteideal freisin post a lorg i scoil ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga. D’fhéadfadh céimithe obair sna meáin chomh maith.

“Bhí spéis agam i gcónaí sa Ghaeilge agus mar mhúinteoir ba mhaith liom múineadh trí mheán na Gaeilge. Is aoibhinn liom go bhfuil an cúrsa ar fad trí Ghaeilge. Tá sé go hiontach go mbeidh Socrúchán Scoile deich seachtaine á dhéanamh agam sa Ghaeltacht sa Cheathrú Bliain agus go mbeidh an Institiúid ag íoc as.”

liosta-na-modul


Eolas Ginearálta

Cóid CAO: CM003/CM004 (*do dhaltaí Gaeltachta)

Fad an Chúrsa: 4 bliana lánaimseartha

Leibhéal Gradaim: 8 de réir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS): 240 creidmheas

Foras cáiliúcháin: Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath 

Íosriachtanais Iontrála don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge 2021/2022:

Ardteistiméireacht

Líon na n-ábhar Ardteistiméireachta: 6

Íosmhéid ábhair ardleibhéil: 3 (H5 ar a laghad ach féach íosriachtanais ar leith thíos don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhatamaitic)

Íosghráid ar Leith:  

Gaeilge: H3 (agus TEG*: B1)

Béarla: H7 / O4         

Matamaitic: H7 / O4

*TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) Leibhéal B1 (pas 50%) le bheith ag gach mac léinn. Beidh na scrúduithe TEG ar siúl ar an Satharn, 26 Feabhra, 2022. Íocfaidh Institiúid Oideachais Marino an táille TEG ar ais do scoláirí rathúla sna scrúduithe TEG a chláraíonn ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino. Chun níos mó eolais a fháil faoi sin féach www.teg.ie/oid

Caithfidh iarratasóirí lánfhásta iarratais a bheith istigh acu tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 5.15 i.n. ar 1 Feabhra. Caithfidh mac léinn aibí a bheith 23 bliain d’aois nó os a chionn ar 1 Eanáir na bliana ina bhfuil an mac léinn ag iarraidh an cúrsa a thosú. I lár Mhí an Mhárta, cuirfear ríomhphost chuig iarratasóirí lánfhásta ag insint dóibh an sásaíonn siad na riachtanais iontrála nó nach sásaíonn. Aon iarratasóir a shásaíonn na riachtanais iontrála agus atá ag iarraidh go ndéanfar measúnú ar a (h)iarratas mar iarratasóir lánfhásta, iarrfar air/uirthi “Foirm Iarratais Fhorlíontach ar Mhúinteoireacht Bhunscoile (Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge)do Mhic Léinn Lánfhásta (d’Institiúid Oideachais Marino)” a chomhlánú agus a chur ar ais díreach chuig: An tOifigeach Iontrálacha, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9. Is é an spriocdháta le foirmeacha iarratas a bheith ar ais ná an Mháirt, 1 Márta 2022. Má tá aon cheisteanna agat faoi iontráil do mhic léinn aibí, cuir ríomhphost chuig [email protected] .