Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

EITTT logoErasmus logo

Fáilte go EITTT

Is comhpháirtíocht straitéiseach nua Eorpach é EiTTT (Múinteoirí a Chumasú ó thaobh na hIonchuimsitheachta sa lá atá inniu ann agus don lá amárach) atá á maoiniú faoi Chlár Oideachais Erasmus + KA2 de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Spreagann an Clár Erasmus+ eagraíochtaí ar fud na hEorpa comhoibriú a dhéanamh i gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha chun cuspóirí nuálaíochta agus chun dea-chleachtais a mhalartú. Tá MIE i gceannas ar an tionscadal 30 mí seo a thosaigh in Deireadh Fómhair 2016. Táimid ag obair le heagraíochtaí comhpháirtíochta sa Bheilg (Coláistí Ollscoile Leuven-Limburg & Karel de Grote), sa Chipir (Dimotiko Sxoleio Anthoupolis  KA), sa Laitvia (Rigas 45. vidusskola) agus san Fhionlainn (Lukkarin koulu). Tá comhthiomantas ag na comhpháirtithe tionscadail, trí institiúid oideachais múinteoirí agus trí scoil, don oideachas ionchuimsitheach agus comhthuiscint acu ar na tosaíochtaí is gá plé leo chun go mbeidh an ionchuimsitheacht ina cuid shainiúil de chleachtadh i scoileanna.

Cúlra an Tionscadail:

Tá EiTTT dírithe ar fhorbairt na scoileanna príomhshrutha mar thimpeallachtaí foghlama ionchuimsithí do gach uile fhoghlaimeoir, lena n-áirítear daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu nó atá faoi mhíchumais; daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, agus daoine ó chúlra imirceach. Is gné lárnach de pholasaí oideachais EiTTT ná an t-oideachas ionchuimsitheach a chur chun cinn. Is spreagadh é an tuiscint atá ag comhpháirtithe an tionscadail mar oideachasóirí oilte gurb ionann cur i bhfeidhm éifeachtach an pholasaí seo i gcleachtadh i scoileanna agus dúshlán an-mhór, fiú do mhúinteoirí a bhfuil an-taithí acu. Creidimid mar sin, nach leor oideachas ardchaighdeáin múinteoirí, cé go bhfuil sé ríthábhachtach, chun an ionchuimsitheacht a chur chun cinn i scoileanna. Ag féachaint le foghlaim a éascú do gach duine i bpobal ilchineálach seomraí ranga sa lá atá inniu ann, tuigimid gur gá na scoileanna féin a chumasú struchtúir tacaíochta a chur ar fáil chun cleachtadh ionchuimsitheach na múinteoirí a éascú. Mar gheall air sin, cuirfimid, mar ghrúpa oideachasóirí trasearnála, cás bunaithe ar fhianaise i láthair sa tionscadal seo i bhfabhar na hacmhainní atá ar fáil a éagsúlú chun go mbeidh freagairt uile-chórais ann.  Roinnfimid foghlaim faoi chleachtais oideachais chuimsithigh iontacha inár n-institiúidí oideachais múinteoirí agus inár scoileanna, cuirfimid an fhoghlaim nua sin i bhfeidhm agus scaipfimid ár bhfoghlaim go náisiúnta agus go trasnáisiúnta chuig oideachasóirí múinteoirí, chuig múinteoirí gníomhacha, chuig múinteoirí faoi oiliúint, chuig riarthóirí scoile agus chuig lucht déanta polasaithe. 

Aidhmeanna an Tionscadail:

  1. Tá an fhoireann tionscadail comhdhéanta de mhúinteoirí ó na trí scoil (dhá bhunscoil agus meánscoil amháin) agus d’oideachasóirí múinteoirí sna trí hinstitiúid oideachais múinteoirí. Tá na múinteoirí ag obair i ranganna príomhshrutha ina bhfuil éagsúlacht mhór agus tá na hoideachasóirí múinteoirí freagrach as Oideachas Ionchuimsitheach (oideachas múinteoirí réamhsheirbhíse agus inseirbhíse) ina n-institiúid áirithe. Tá comhthuiscint againn mar ghrúpa cleachtóirí oideachais oilte, idirnáisiúnta, trasearnála ar na dúshláin a bhaineann le haidhm na hionchuimsitheachta a chur chun cinn i scoileanna.
  2. Aird a tharraingt ar na heasnaimh a bhfuil neart fianaise orthu ar mhuinín agus ar chumas múinteoirí maidir le cleachtadh ionchuimsitheach a dhéanamh i seomraí ranga na hEorpa agus dul i ngleic leis na heasnaimh sin: Braitheann oideachas ionchuimsitheach ar thiomantas agus ar chumas múinteoirí, ar ndóigh. Is gá go mbeadh an dearcadh agus na luachanna cuí ag múinteoirí maidir le héagsúlacht sa sochaí agus i scoileanna, chomh maith leis an eolas agus na scileanna ábhartha. Toisc go bhfuil oideachas ardchaighdeáin múinteoirí ina réamhriachtanas mar gheall air sin, is é ceann de phríomhaidhmeanna an ghrúpa tionscadail ná samplaí de straitéisí áirithe a chreidimid gur straitéisí an-éifeachtach iad in oideachas múinteoirí le haghaidh oideachais ionchuimsithigh a roinnt, a chur i bhfeidhm agus a scaipeadh.
  3.   Creideann an fhoireann tionscadail seo nach leor oideachas cuí múinteoirí, cé go bhfuil sé riachtanach, chun go mbeidh oideachas ionchuimsitheach mar chuid shainiúil den chleachtadh i scoileanna. Is é a spreag an tionscadal seo ná an tuairim láidir atá againn gurb é an dúshlán is mó don ionchuimsitheacht a chur chun cinn i scoileanna ná cur in aghaidh na múinteoirí agus creidimid nach bhfuil an cur in aghaidh seo fréamhaithe sna heasnaimh ar oideachas múinteoirí amháin ach san easpa struchtúr tacaíochta i scoileanna freisin. 'Ní oibreoidh oideachas múinteoirí ina aonar’ (An Ghníomhaireacht Eorpach d’Fhorbairt Oideachas Riachtanas Speisialta, 2011).  Is dúshlán é an próiseas a bhaineann le teagasc a fhoghlaim fiú do mhúinteoirí agus iad ag tosú amach, fiú na múinteoirí is tiomanta agus is cumasaí. Cuireann an éagsúlacht i measc foghlaimeoirí i seomraí ranga príomhshrutha leis an dúshlán sin. Is éasca a thuiscint sa chomhthéacs casta sin an chúis go bhforbraíonn múinteoirí nua straitéisí sáraithe deacrachtaí go sciobtha chun ‘go dtiocfaidh siad slán’ as na blianta luatha seo mar chleachtóirí, is cuma cén t-eolas agus dearcaí atá ag teacht chun cinn. D’fhéadfadh sé go dtosódh díocas múinteoirí nua ag meath agus go n-éireoidís as na straitéisí ionchuimsitheachta a úsáid de dheasca an fhrustrachais a bhaineann le straitéisí ionchuimsitheachta a chur i bhfeidhm agus na scileanna a bhaineann leo a fhorbairt i gcomhthéacsanna ranga atá ag éirí níos dúshlánaí. Is dócha go mbeadh tionchar diúltach ar dhearcaí múinteoirí mar gheall ar na deacrachtaí sin agus go n-éireodh ciorcal lochtach astu sa chaoi is go n-éireodh ‘straitéisí’ neamhéifeachtacha fite fuaite mar chleachtas a bhfuil glacadh leis i seomraí ranga agus chaillfí an deis na scileanna is gá leo i dtimpeallacht foghlama ionchuimsithí a fhorbairt. Chomh maith le hoideachas múinteoirí éifeachtach, creidimid gur gá le struchtúir chuí sa scoil uile agus sa seomra ranga chun go mbeidh múinteoirí in ann a n-aidhmeanna ionchuimsitheachta a bhaint amach. Mar sin, sa tionscadal seo, léireoidh comhpháirtithe samplaí foghlama struchtúir tacaíochta agus straitéisí a raibh éifeacht ar leith ag baint leo ina scoileanna féin agus déanfar iad a chur i bhfeidhm agus a scaipeadh.
  4. Tá sé d’aidhm againn aird a tharraingt ar raon de ghníomhaíochtaí atá ar siúl sna hinstitiúidí oideachais múinteoirí agus sna scoileanna atá éagsúil óna chéile faoi láthair a chuirfeadh cleachtadh oideachais ionchuimsithigh chun cinn go mór i scoileanna dá gcuirfí i bhfeidhm iad ar bhealach comhtháite. Toisc go bhfuil an fhoireann tionscadail comhdhéanta de chleachtóirí ón dá shuíomh seo, tá sé i gceist againn a thaispeáint conas is féidir le cur chuige níos comhtháite ó thaobh ionchuimsitheachta de dul i ngleic leis an déscaradh teoirice / cleachta a bhaineann go hiondúil d’oideachas múinteoirí agus d’fhorbairt leanúnach múinteoirí. Bainfidh cuid mhaith de na gníomhaíochtaí a roinnfimid foghlaim ina leith le hinstitiúidí oideachais múinteoirí inár dtíortha féin go sonrach agus bainfidh cuid acu lenár n-institiúidí féin, agus, mar gheall air sin, tá an tionchar agus an poitéinseal a bhaineann léi teoranta faoi láthair. Réiteoidh cineál trasnáisiúnta an tionscadail an locht seo agus beimid in ann aird a tharraingt ar an raon leathan de chleachtais agus de chórais oideachais a bhféadadh ‘poitéinseal oideachais agus an méid is féidir le gach foghlaimeoir a bhaint amach a bharrfheabhsú’ (Airí Oideachais an AE, [Dearbhú Pháras] 2015) dá gcuirfí i bhfeidhm iad ar bhealach comhtháite.

Comhpháirtithe EiTTT

Gníomhaíochtaí Foghlama EiTTT