Preasráiteas

Bronnadh Sparánachtaí COGG don Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) ag searmanas bronnta aréir in Institiúid Oideachais Marino.
[Baile Átha Cliath, 25 Samhain 2025]
Bronnadh sparánachtaí COGG ar dhá mhac léinn déag ar an Máistir Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) Conair lán-Ghaeilge in Institiúid Oideachais Marino, ar an Máirt, 25 Samhain 2025.
Maoinithe ag COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Oideachais Marino, bronnadh €2,000 sa bhliain ar gach mac léinn ar an gclár (€4,000 san iomlán).
Is clár máistreachta dhá bhliain lánaimseartha é an MGO, clár a dhíríonn ar oideachas tosaigh múinteoirí bunscoile trí mheán na Gaeilge agus, is tacaíocht shuntasach atá sna sparánachtaí seo do mhúinteoirí faoi oiliúint. Tá an conair iarchéime ar fáil d’ábhair oidí ar mhian leo a bheith ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge. Is dul chun cinn suntasach atá sa chonair lán-Ghaeilge maidir le cur chun cinn agus forbairt an oideachais lán-Ghaeilge, conair atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta, agus arna creidiúnú ag Coláiste na Tríonóide.
Ag labhairt ag an mbronnadh, dúirt Uachtaráin Institiúid Oideachais Marino, an tOllamh, Teresa O’ Doherty: “Aithníonn Institiúid Oideachais Marino an tábhacht a bhaineann leis an gconair seo chun freastal ar an éileamh ar mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge agus chun cur le líon na múinteoirí spreagúla i leith na Gaeilge na seomra ranga. Tá lúcháir ar Institiúid Oideachais Marino a bheith ar an gcéad choláiste a chuireann Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil. Táimid fíorbhuíoch as tacaíocht COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), atá ag tairiscint sparánachtaí do mhic léinn ar an gConair lán-Ghaeilge seo. Is mór an tacaíocht atá sna sparánachtaí seo do mhic léinn an chonair atá ag iarraidh dul i dtreo an earnáil lán-Ghaeilge i gcúrsaí oideachais ach go háirithe.”

Dúirt Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG: “Tá ríméad ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) tús a chur leis an scéim sparánachtaí don chlár Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) don bhunmhúinteoireacht in Institiúid Oideachais Marino. Tuigeann COGG an tábhacht a bhaineann le hearcaíocht múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus earcaíocht oidí atá spreagtha agus tiomanta maidir leis an nGaeilge. Cuireann sé lúcháir orainn i gCOGG tacú le bunchloch chomh suntasach maidir le foghlaim agus cur chun cinn na teanga.”
Ina theannta sin, thug an Dr. Melanie Ní Dhuinn, Ceann an MGO in Institiúid Oideachais Marino le fios: “Táimid fíorbhuíoch as tacaíocht COGG as na sparánachtaí seo a chur ar fáil do mhic léinn an chonair. Tá muid fíor-bhródúil as ár gcuid mac léinn agus tá a fhios againn go gcuirfidh mic léinn an MGO go mór leis an oideachas trí mheán agus do phobal na Gaeilge amach anseo.”

Osclófar iarratais don Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) do Mheán Fómhair 2026 i mí Eanáir 2026. Tá riachtanais an TEG difriúil don chonair seo agus ní mór d'iarratasóirí ar an gconair trí mheán na Gaeilge scrúdú iomlán TEG B1 (scrúdú cainte, cluastuisceana, scríofa agus léamhthuisceana) a dhéanamh agus íosmharc 65% a bhaint amach sa scrúdú iomlán sin. Is féidir clárú don TEG Leibhéal B1 anois agus beidh scrúduithe ar siúl i mí Eanáir/mí Feabhra 2026. Tuilleadh eolais ar fáil ag www.teg.ie nó ag ar an tsuíomh anseo
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Caoileann Ní Dhonnchadha,
Léachtóir Cúnta le Múineadh na Gaeilge & Stiúrthóir Margaíochta don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge
Fón: +35318535196
Ríomhphost: [email protected]
Press Release

COGG Bursaries for the Professional Master of Education (Primary Teaching) were awarded at an awards ceremony last night at Marino Institute of Education.
[Dublin, 25 November 2025]
Twelve students were awarded COGG bursaries for the Professional Master of Education (Primary Teaching) All-Irish Pathway in Marino Institute of Education, on Tuesday, 25 November 2025. Funded by COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) in partnership with Marino Institute of Education, each student on the programme was awarded €2,000 per annum (€4,000 in total). The MGO is a two-year fulltime master’s programme, which focuses on primary initial teacher education through the medium of Irish and these bursaries are a significant support for student teachers. The postgraduate pathway is available to prospective teachers who wish to teach in Gaeltacht and Irish-medium schools. The Irish-medium pathway is a significant step forward in the promotion and development of Irish-medium education, a pathway recognized by the Teaching Council, and accredited by Trinity College.
Speaking at the award ceremony, the President of Marino Institute of Education President, Professor Teresa O’Doherty said: “Marino Institute of Education recognises the importance of this pathway in meeting the demand for teachers in Gaeltacht and Irish-medium schools and in increasing the number of enthusiastic teachers of Irish in the classroom. Marino Institute of Education is delighted to be the first college to offer a Professional Master in Education through the medium of Irish. We are very grateful for the support of COGG, which is offering bursaries to students on this Irish-medium Pathway. These bursaries are a great support for students on the pathway who are seeking to work in the Irish-medium sector in education in particular.”

Jacqueline Ní Fhearghusa, Chief Executive of COGG, said: “COGG is delighted to launch the bursary scheme for the Master of Professional Education (MGO) programme for primary teaching at Marino Institute of Education. COGG recognises the importance of teacher recruitment in Irish-medium and Gaeltacht schools and the recruitment of teachers who are motivated and committed to the Irish language. We at COGG are delighted to support such a significant foundation for the learning and promotion of the language.”
In addition to this, Dr. Melanie Ní Dhuinn, Head of MGO at Marino Institute of Education, said: “We are very grateful for COGG’s support in providing these bursaries for students on the pathway. We are incredibly proud of our students and know that MGO students will make a significant contribution to Irish-medium education and to the Irish language community.”

Applications for the Professional Master of Education (Primary Teaching) for September 2026 will open in January 2026. The TEG requirements are different for this pathway and applicants for the Irish-medium pathway must sit a full TEG B1 examination (speaking, listening, writing and reading comprehension) and achieve a minimum mark of 65% in the overall examination. Registration for the TEG Level B1 is now open and examinations will take place in January/February 2026. Further information is available at www.teg.ie or here on the website.
For more information, contact:
Caoileann Ní Dhonnchadha,
Léachtóir Cúnta le Múineadh na Gaeilge & Stiúrthóir Margaíochta don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge
Fón: +35318535196
Ríomhphost: [email protected]