Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Tobar

Tá baill de Lucht Siúil na hÉireann de dhíth agus ag teastáil ón gcóras oideachais le bheith ina múinteoirí. Má theastaíonn uait a bheith i do mhúinteoir, is féidir leis an tionscnamh Tobar tacaíocht a thabhairt duit. Má theastaíonn uait saolta dhaoine óga a athrú agus má chreideann tú go bhfuil an chumhacht ag oideachas sochaí níos cothroma a chruthú, tá gairm na múinteoireachta duit.

 

Tá dhá snáth ag an tionscnamh Tobar atá ann le tacaíocht a thabhairt duit a bheith i do mhúinteoir:

 

Baineann Snáth 1 le daltaí a theastaíonn uathu a bheith ina mbunmhúinteoirí atá sa mheánscoil faoi láthair agus a bhfuil an Teastas Sóisearach críochnaithe acu agus atá ag ullmhú don Ardteistiméireacht.

Baineann Snáth 2 le daoine atá ina mbliain dheireanach ar fhochéim leibhéal 8 nó atá a gcéim críochnaithe acu agus atá ag iarraidh a bheith ina múinteoirí bunscoileiarbhunscoile.

 

Nuair a chláraíonn tú le TOBAR cuirtear tacaíocht saincheaptha ar fáil duit in Institiúid Oideachais Marino (do bhunmhúinteoireacht) nó Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (don mhúinteoireacht iar-bhunscoile) chun bunriachtanais na cláir oiliúna tosaigh múinteoirí a bhaint amach. Roinn de na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil ná:

 

Tacaíocht Acadúil: Tacaíocht le foirmeacha iarratais, iarratais deontais, treoir oideachasúil, scileanna staidéir, scileanna digiteacha, scríbhneoireacht acadúil, ranganna breise sna croí-ábhair, agus ar uile.

 

- Tacaíocht Sóisialta: Ionduchtú campais saincheaptha, rochtain ar na seirbhísí agus sochaí mac léinn uile, rannpháirtíocht sa chóras meantóireachta TOBAR, tú a chur i dteagmháil le mic léinn TOBAR eile.

 

- Tacaíocht Pearsanta: Coinní buaileadh isteach le hOifigeach an Tionscnaimh TOBAR, treoir maidir le dúshláin ar do chlár fochéime agus do chlár iarchéime a shárú.

 

- Tacaíocht Airgeadais: Táillí iarratais, leabhair agus ábhair chúrsa, iasachtaí ríomhairí ghlúine, breisiú creidmheasa cárta LEAP agus tacaíocht airgeadais eile.

 

- Míchumas: Tacaíocht do dúshláin fhisiceacha, acadúla agus meabhairshláinte, chomh maith le rochtain ar na Seirbhísí Comhairleoireachta do Mhic Léinn agus socruithe scrúduithe. Tá na tacaíochtaí seo ar fáil do gach mac léinn in IOM agus i TCD.

 

- Tacaíocht Mhúinteoirí Nua Cáilithe: Nuair a cháilíonn tú mar mhúinteoir, cabhróidh an fhoireann TOBAR leat le do CV agus ullmhúchán agallaimh. Tabharfar tacaíocht duit freisin le d'aistriú chuig timpeallacht scoile.

 

Teagmháil

Seol ríomhphost chuig [email protected]

Seol téacs WhatsApp nó cuir glaoch: 087 4703729

 

Coimeádtar gach cumarsáid le Tobar faoi iontaoibh.

Tá Tobar maoinithe ag an gClár um Rochtain ar Ardoideachas (PATH) ag Údarás um Ard-Oideachais (HEA)