Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Ról na Gaeilge san Institiúid

Ceann de na gnéithe is suntasaí faoi MIE ná go moltar agus go gcuirtear fáilte roimh úsáid na Gaeilge i ngach gné den saol, lena n-áirítear riarachán, múineadh agus foghlaim, agus imeachtaí sóisialta. Múintear formhór na gcúrsaí trí Bhéarla ach ullmhaítear mic léinn agus tugtar tacaíocht dóibh tabhairt faoi shocrúchán scoile sa Ghaeltacht agus/nó i nGaelscoileanna.

Is iad seo a leanas na cineálacha tacaíochta atá ar fáil:

  • An Cumann Gaelach
  • Nuachtáin agus irisleabhair Ghaeilge sa leabharlann
  • Ócáidí cultúrtha
  • Ciste don Ghaeilge (ag tabhairt tacaíochta do mhic léinn dul i mbun imeachtaí Gaeilge, amhail an tOireachtas)
  • Deontais do mhic léinn ag iarraidh staidéar a dhéanamh sa Ghaeltacht
  • Deontais do mhic léinn a chuireann isteach ar Shocrúchán Scoile a dhéanamh sa Ghaeltacht

Bronntar Gradam na Gaeilge ar an mac léinn is mó a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa Choláiste.

Cúrsa Teanga sa Ghaeltacht

Ní mór do gach mac léinn B.Oid. agus MGO freastal ar an nGaeltacht faoi riachtanais na Roinne Oideachais agus Scileanna. De ghnáth, roghnaíonn mic léinn ar an gcúrsa B. Oid. cúrsa coicíse a dhéanamh sa Ghaeltacht um Cháisc sa chéad bhliain agus arís sa dara bliain. Sa chaoi sin, is féididr le mic léinn – go háirithe iad siúd atá ag dul thar lear – úsáid iomlán a bhaint as na soasanna fada samhraidh. Is féidir le mic léinn B. Oid cúrsa trí seachtaine amháin a dhéanamh le linn an tsamhraidh. Tá an rogha seo ar fáil do mhic léinn iarchéime freisin. Roghnaíonn formhór na mac léinn iarchéime an cúrsa trí seachtaine i rith an tsamhraidh. Is í an aidhm atá leis an riachtanas a bhaineann le tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht ná cur le Gaeilge labhartha na mac léinn. Aontaíonn na mic léinn uile gur buan na cuimhní a bhíonn acu ar an tréimhse sa Ghaeltacht.

Sonraí teagmhála

Más maith leat an tacaíocht atá ar fáil in IOM duit chun staidéar i nGaeilge a dhéanamh a phlé, déan teagmháil le Roinn na Gaeilge.

Aodán Mac Suibhne

[email protected]

Claire Dunne

[email protected]

Mwhelton

Marie Whelton

[email protected]