Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

An Teastas Oideachais Aosaigh sa Spioradáltacht agus san Fhorbairt Dhaonna, 2016–2017

Is clár oíche páirtaimseartha dhá bhliain é an Teastas Oideachais Aosaigh sa Spioradáltacht agus san Fhorbairt Dhaonna a reáchtálann Institiúid Oideachais Marino. Bíonn an clár ar siúl san oíche ar an Máirt ó 7.00–9.30 i.n. le sos tae/caife 30 nóiméad, agus bíonn sé Cheardlann ar an Satharn gach bliain ó10.00 r.n.–4.00 i.n. Faigheann mic léinn blaiseadh ar cúig mhodúl déag gach bliain a bhaineann le buncheisteanna na forbartha daonna agus spioradálta. Snoitear ábhar an chúrsa le chéile trí mheascán d’ionchur ó léachtóirí oilte, trí dhialanna a choinneáil agus trí dhíospóireacht ghrúpa. Ní bhíonn scrúduithe ag deireadh na bliana. Iarrtar ar mhic léinn páipéir mhachnaimh ghearra a chur isteach le linn an dá bhliain.

Modúil i mBliain a hAon 2016–2017

Is ionann modúl agus cúrsa gearr de cheithre nó de chúig uair an chloig. Clúdaítear dhá mhodúl gach oíche. Oíche Mháirt 7.00–9.30 pm.

 

Dátaí

Ábhar

Léachtóir

20 Meán Fómhair      

Clárú agus Ionduchtú  

27 Meán Fómhair (5 seachtaine)

Cad is Spioradáltacht ann?                        

Bernadette Purcell

Spioradáltacht Chruthaitheach              

Siobhan Larkin

8 Samhain (5 seachtaine)

Fás agus Forbairt Spioradálta 

Denis Robinson

Dialann a Choinneáil mar Chleachtadh Machnamhach

Bill Mathews

10 Eanáir (4 seachtaine)

‘What’s Love Got to do with It?’

Denis Robinson

Buneolas ar an Sean-Tiomna

Sean Goan

28 Feabhra (4 seachtaine)

Urnaí a Phlé

Brian Grogan

Léargas ar an Spioradáltacht Shóisialta

Peter McVerry

Ceardlanna Shathairn 10.00 am – 4.00 pm

1 Deireadh Fómhair      

Spioradáltacht Cheilteach (i nGleann Dá Loch)

Michael Rogers

22 Deireadh Fómhair      

Machnamh agus Rinnfheitheamh

Donagh O’Shea

12 Samhain

Gluaiseacht an Spioraid a fhiosrú trí scannáin

Conall O’Cuinn

4 Feabhra                   

Dúshláin Spioradálta amach sa Saol

Una Agnew

11 Bealtaine

Leigheas ó Ghlúin go Glúin

Jim Cogley

6 Bealtaine

Comhtháthú Dheireadh na Bliana/Measúnú

Mary Gao

Cé gur cruinn an liosta modúl seo ag an dáta priontála, d’fhéadfadh sé athrú.

Cé dó an Clár?

Beidh an clár seo ina ábhar spéise dóibh siúd ar mian leo ná nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Tuiscint a fháil air/uirthi féin, ar fhorbairt dhaonna agus ar an spioradáltacht.
  • Plé le brí agus cuspóir na beatha.
  • Feasacht agus cumas machnaimh níos mó a fhorbairt.
  • Acmhainn iontais agus bhuíochais maidir leis an ngnáth-thaithí saoil a chothú
  • Spreagadh agus dúshláin a fháil ón smaointeoireacht chomhaimseartha sa spioradáltacht agus san fhorbairt dhaonna.
  • Páirt a ghlacadh sa spreagadh agus sa chomrádaíocht a bhaineann le grúpa atá sa tóir ar an eolas céanna.

Aidhmeanna an Chláir: 

  • Léargas ginearálta ar shaincheisteanna daonna agus spioradálta comhaimseartha a thabhairt do mhic léinn.
  • Scileanna machnaimh agus breithiúnais ó thaobh taithí saoil de a fhorbairt.
  • Traidisiún na Críostaíochta agus mar a bhaineann sé le saincheisteanna na linne a phlé. 
  • Fóram plé agus díospóireachta a chur ar fáil don ghrúpa ranga.

Riachtanais an Chláir

Is iad réamhriachtanais an chúrsa ná freastal, rannpháirtíocht agus machnamh. Snoitear ábhar an chúrsa le chéile trí dhíospóireacht ghrúpa agus trí mhachnamh. Cuirfidh an caidreamh agus an chomhroinnt le daoine eile le saol na rannpháirtithe. Is é ceann de na gnéithe is tarraingtí den chlár seo ná an deis fáis agus forbartha a bhaineann leis.

Na critéir i dtaca leis an Teastas Oideachais Aosaigh sa Spioradáltacht agus san Fhorbairt Dhaonna a bhronnadh

Freastal: Ní mór freastal ar 70% ar a laghad den chúrsa gach bliain. 

Obair Scríofa: Ní mór seacht script fhéinmhachnamhacha ghearra a chur isteach gach bliain.

Iarratais: Is féidir le duine ar bith iarratas a chur isteach ar an gclár seo, is cuma cén cúlra oideachais atá acu. Tabharfar cuireadh chuig agallamh foirmiúil do na hiarratasóirí chun an clár agus a bhfuil siad ag súil leis a phlé. Ní mór iarratas a chur chuig Mary Gao, Comhordaitheoir an Chláir. Moltar iarratais a chur isteach go luath ach féadfar iarratais dhéanacha a mheas.  

Costas: Is é €850 in aghaidh na bliana an táille ar an gcúrsa. Is féidir na táillí a íoc ina dhá ngála: i mí Mheán Fómhair agus i mí Feabhra.

Iompar Poiblí agus Páirceáil: Is féidir teacht chuig Institiúid Oideachais Marino sa charr nó ar an mbus. Stopann bus 123, ó Easons ar Shráid Uí Chonall, taobh amuigh de na geataí tosaigh. Tá saoráidí páirceála saor in aisce mar aon le seid do rothair ar an bhfearann.

Ráitis ó Mhic Léinn:

"I would highly recommend this most eye-opening, challenging and positive course."

"A portal of knowledge, inspiration, anticipation and joy has been opened, and in its opening, been gifted to me."

I really loved the two years. The course has changed my life in so many ways. I now stop, look and listen and ponder-on day to day issues within my life."

I am left with a profound gratitude for the learning, for the widening and expansion in my thinking about spirituality in the Christian tradition, for access to the unknowable, to mystery, and the pathways of mystics, poets and artists."

"Enlightening… brilliant… enriching… life changing."

Fiosrúcháin

Mary Gao

Mary Gao (Comhordaitheoir an Chláir, An Teastas Oideachais Aosaigh sa Spioradáltacht agus san Fhorbairt Dhaonna)

Teil:    087 450 8549 

Ríomhphost: [email protected]  

Nó Teil na hOifige Iontrála:   

01 805 7752

Ríomhphost:    [email protected]