Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Scéim Cóiríochta Do Mhic Léinn 2023-2024

Aidhm na scéime ná tacaíochtaí, a bhfuil géarghá leo, a thabhairt do mhic léinn atá ag tosú sa chéad bhliain dá gcéad bhliain den saol nua sa choláiste. Tá an scéim seo dírithe ar mhic léinn atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta. Cuireann muid suas le 8 seomra aonair ar fáil sa lóistín ar champas ag an ráta laghdaithe €160 in aghaidh na seachtaine do mhic léinn sa chéad bhliain. I mbliana d'fhéadfadh líon beag seomraí dhá leaba a bheith ar fáil ag ráta laghdaithe €125 in aghaidh na seachtaine.

Féach eolas breise thíos, ina n-áirítear critéir cháilitheachta agus téarmaí agus coinníollacha thíos.

Cáilitheacht

Don bhliain acadúil 2023-2024, cuirfidh IOM líon teoranta de sheomraí aonair ar champas ar fáil ar ráta laghdaithe €160 in aghaidh na seachtaine. Bronnfar áiteanna ar an Scéim Cóiríochta Do Mhic Léinn IOM do mhic léinn atá ag tosú sa chéad bhliain a thagann ó chúlra ar ioncam íseal dá gcéad bhliain ag staidéar, agus tabharfar tosaíocht do:

  • Mic léinn HEAR
  • Mic léinn DARE
  • Mic léinn ó limistéar Gaeltachta sainithe
  • Mic léinn le míchumas
  • Mic léinn lánfhásta céaduaire
  • Mic léinn ón Lucht Siúil agus ón bPobal Romach
  • Mic léinn le cáiliúchán breisoideachais
  • Tuismitheoir aonair le leas sóisialta trí thástáil acmhainne
  • Mionlach eitneach
  • Teifigh agus iarrthóirí tearmainn

Déanfar measúnú ar na hiarratasóirí de réir:

  • Mic léinn a thagann ó chúlra ar ioncam íseal, mar a dhearbhaítear ar an bhfoirm Dearbhú Ioncaim IOM 2023 – 2024
  • An t-eolas a chuirtear ar fáil ag an iarratasóir i gceisteanna 16 – 18 sa doiciméad
  • D’fhéadfaí go n-iarrfar ar iarratasóirí cáipéisíocht tacaíochta bhreise a chur ar fáil, más gá

Eolas ar an bpróiseas iarratais 2023-2024

  • Ní féidir ach le hiarratasóirí atá cláraithe le hEBER, cuideachta bainistíochta lóistín champais IOM, iarratas a chur isteach. Muna bhfuil tú cláraithe le hEBER cheana, gabh i dteagmháil le [email protected].
  • Osclófar na hiarratais ó Máirt, an 15 Lúnasa 2023 agus dúnfar na hiarratais ag 5 i.n. ar Luan, an 28 Lúnasa.
  • Is féidir an nasc don fhoirm iarratais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].
  • Cuirfear eolas ar gach iarratasóir má éirigh lena n-iarratas ar Déardaoin, an 31 Lúnasa.
  • Ní mór d'iarratasóirí rathúla an áirithint le IOM a dhearbhú laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh dóibh an fógra a fháil gur éirigh lena n-iarratas. 
  • Muna ndearbhaítear an áirithint laistigh den 24 uair an chloig, tarraingeofar an tairiscint siar agus tabharfar an seomra don chéad iarratasóir eile ar an liosta feithimh. Beidh 24 uair an chloig ag an iarratasóir sin dearbhú go nglacann siad leis an seomra.

Is í IOM an rialaitheoir sonraí agus ní bhainfear úsáid as do shonraí ach amháin chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas agus don phróiseáil ar an Scéim Cóiríochta Do Mhic Léinn. Ní bheidh rochtain ag baill d’fhoireann athbhreithnithe an Scéim Cóiríochta Do Mhic Léinn ach amháin le measúnú agus próiseáil a dhéanamh don Scéim Cóiríochta Do Mhic Léinn. Déanfar sonraí a roinntear le ranna eile in IOM, Foireann Cheannaireachta IOM agus an Bord Rialaithe a dhéanamh anaithnid. I gcás go ndéanfar achomharc, roinnfear do shonraí leis an gCláraitheoir dá chinneadh. Déanfar eolas na n-iarratasóirí rathúla a roinnt le foireann cheannaireachta EBER.

Is gá d’iarratasóirí clárú le EBER sula gcuireann siad a n-iarratais isteach. Muna bhfuil tú cláraithe le hEBER cheana, gabh i dteagmháil le [email protected].  

Má tá aon cheist agat maidir leis an scéim nó maidir leis an bpróiseas iarratais nó má tá aon eolas breise agat, seol ríomhphost chuig [email protected].

Scéim Cóiríochta Do Mhic Léinn

_R0A3282