Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Céim Bhunmhúinteoireachta trí Ghaeilge IOM ag dul ó neart go neart

 

Preasráiteas 30/8/23 

 

Tá an-áthas orainn gur cruthaíodh 30 áit bhreise ar chlár an Bhaitsiléara san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge don bhliain 2023-2024. Leis na háiteanna breise, cuirfear fáilte roimh dhá rang ar an gcéad bhliain den chéim cheannródaíoch seo. De réir thairiscintí an CAO, is 462 pointe a bhí ag teastáil ó dhaoine chun áit a fháil ar an gcéim in Institiúid Oideachais Marino i mbliana. Tá TEG Leibhéal B1 ina réamhriachtanas don chéim chomh maith le cabhrú le mic léinn tabhairt faoin gcúrsa go hiomlán trí Ghaeilge. Is í seo an cúigiú bliain den chéim ó cuireadh fáilte roimh an gcéad ghrúpa de mhic léinn i 2019.

 

I dteanna chohórt nua na chéad bhliana ar an BOTMG, beidh an chéad ghlúin de chéimithe an BOTMG ag cur fúthu i seomraí ranga i scoileanna lán-Ghaeilge, i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Bhéarla fud fad na tíre an tseachtain seo. Cuirfidh na múinteoirí cumasacha seo go mór leis an earnáil oideachais Lán-Ghaeilge agus déanfaidh siad a gcion leis an teanga a chur chun cinn i scoileanna agus i bpobail timpeall na tíre.

 

Dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino, an tOllamh Teresa O’Doherty, “Déanaim comhghairdeas leo siúd a bheidh ag cur tús lena dturas múinteoireachta anseo linn i Marino. Tá ríméad orm fáilte a chur roimh an gcéad ghlúin eile d’oidí a bheidh ag tabhairt faoina gceird trí mheán na Gaeilge. Tá lúcháir orainn go bhfuil dhá oiread mac léinn againn ar an gcúrsa i mbliana. De bharr seo tá na pointí CAO laghdaithe." Dúirt an Dr Claire Dunne, Ceann Roinn na Gaeilge agus Comhordaitheoir an Bhaitsiléara san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge, “Ta éacht bainte amach acu siúd a bheidh ag tabhairt faoin gcéim seo i mbliana. Tagann mic léinn na céime seo ó réimse cúlraí éagsúla, idir Gaelcholáistí, iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus iar-bhunscoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga, ach teastaíonn uathu ar fad tús áite a thabhairt don teanga agus iad ag tabhairt faoina n-oideachas ag an tríú leibhéal.”