Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

Ceisteanna Coitianta

Maidir le mic léinn aibí de, an gcaithfidh siadsan, chomh maith leis na híosriachtanais iontrála ón Ardteistiméireacht a bheith acu (ina measc H3 sa Ghaeilge) agus Leibhéal B1 sa TEG, Agallamh Inniúlachta i nGaeilge a dhéanamh i Marino agus Scrúdú Cainte i nGaeilge i Marino.

Caithfidh.

Is féidir le haon scoláire an Cód CM003 a úsáid. Is Cód breise é an Cód CM004 do scoláirí atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Coinneofar thart ar 10% d’áiteanna ar an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge d’iarratasóirí Gaeltachta a shásaíonn na híosriachtanais iontrála.

Beidh. Déanfar na Socrúcháin Scoile ar fad, ina measc an Socrúchán Scoile don Oideachas Speisialta, i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar an meán teagaisc. Ar na Socrúcháin Scoile sin, múinfear Béarla trí mheán an Bhéarla. Ní cheadófar aon Socrúchán Scoile a dhéanamh i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar an meán teagaisc.

Tabharfar ach amháin na modúil “English” agus “The Teaching of English”.

Beidh 35 áit ar fáil ar an gcéim i Meán Fómhair, 2020. Ní féidir a rá cé mhéad pointe CAO a bheidh ag teastáil in aon bhliain ar leith mar tá rudaí éagsúla ann a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar líon na bpointí d’aon chúrsa ar leith. 491 pointe a bhí ag teastáil in 2019/2020 (i.e. 451 pointe ón Ardteistiméireacht móide 40 pointe ó Scrúdú TEG Leibhéal B1). 453 pointe a bhí ag teastáil don Bachelor in Education (trí mheán an Bhéarla) in 2019. Ní bhronntar pointí TEG don Bachelor in Education (through the medium of English).

Ní gá ach meastar go mbeidh an-spéis ag scoileanna Gaeltachta agus ag scoileanna Lán-Ghaeilge céimithe a fhostú a bhfuil a n-oideachas múinteoirí déanta acu trí mheán na Gaeilge.

Oireann an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge go speisialta do mhic léinn ar mian leo múineadh trí mheán na Gaeilge ach beidh céimithe ón gcéim i dteideal cur isteach ar phoist i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar an meán teagaisc chomh maith.

Is gá. Tabhair faoi deara go mbeidh H3 (70%) ar a laghad ag teastáil uait sa Ghaeilge murab ionann is H4 (60%) don Bachelor in Education (through the medium of English). Tabhair faoi deara chomh maith go bhfuil Leibhéal B1 (Meánleibhéal) sa TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) mar íosriachtanas iontrála agus go mbeidh Leibhéal C1 (Ardleibhéal) le baint amach roimh dheireadh na céime.

Beidh deis eile agat na Scrúduithe TEG Leibhéal B1 a dhéanamh ar 14 Bealtaine, 2022 in Ollscoil Mhá Nuad. Chun clárú do scrúdú 14 Bealtaine téigh chuig www.teg.ie Tabhair faoi deara gurb é sin an seans deireanach a bheidh ag iarrthóirí a bheidh ag iarraidh áit a fháil ar an gcéim in 2022, tabhairt faoi scrúdú TEG Leibhéal B1. 

Tá. Maidir le pointí CAO don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge amháin, beidh 40 pointe sa bhreis ag dul do gach scoláire a fhaigheann Pas (50% nó níos airde) i Scrúduithe TEG Leibhéal B1. Ní bheidh níos mó ná 40 pointe ag dul d’aon scoláire a fhaigheann marc níos airde ná 50% ná grád TEG níos airde ná Leibhéal B1.

Caithfidh mic léinn a thabharfaidh faoi scrúduithe TEG Leibhéal B1 ar 26 Feabhra, cóip dheimhnithe dá gcuid torthaí a chur chuig An Oifig Iontrálacha, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 DO9 R232 roimh an Aoine, 29 Aibreán, 2022. Caithfidh iarrthóirí eile TEG (mar shampla, na daoine sin a dhéanfaidh an scrúdú TEG ar 14 Bealtaine) a gcuid torthaí deimhnithe a chur chuig An Oifig Iontrálacha, Institiúid Oideachais Marino roimh an Luan, 4 Iúil, 2022. Ba chóir d’iarrthóirí fianaise a choinneáil a dheimhníonn gur cuireadh an doiciméad sa phost. Cuirtear in iúl duit gur féidir linn teagmháil a dhéanamh le TEG chun do chuid torthaí a dheimhniú. Chun doiciméad a dheimhniú, caithfidh tú an bundoiciméad agus cóip de a thabhairt chuig údarás inniúil (mar shampla, dlíodóir, Coimisinéir Mionnaí, dochtúir leighis, giúistís síochána, riarthóir ollscoile, oifigeach áitiúil um fhorfheidhmiú an dlí – Garda Síochána agus araile.). Caithfidh an t-údarás sin ansin an fhótachóip a stampáil agus a shíniú chun deimhniú gur fíorchóip den doiciméad bunaidh an fhótachóip. Iarrtar ort a bheith cinnte go luann tú d’uimhir CAO agus do theastas TEG á chur isteach agat.

An gcaithfidh mé na Scrúduithe TEG Leibhéal B1 a dhéanamh arís ar 26 Feabhra, 2022?

Má tá an scrúdú TEG Leibhéal B1 déanta agat le trí bliana anuas roimh thús na céime duit, ní gá duit an scrúdú TEG Leibhéal B1 a dhéanamh arís. Caithfidh an mac léinn cóip dheimhnithe de na torthaí sin a chur chuig Institiúid Oideachais Marino faoi 6 Iúil ar a dhéanaí.