Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them

ga - Ceisteanna Coitianta

ga - Conas a gheobhaidh Institiúid Oideachais Marino torthaí mo Scrúduithe TEG Leibhéal B1?

Nuair a bheidh do chuid torthaí do na Scrúduithe TEG Leibhéal B1 á gcur amach chugat, cuirfear iad freisin chuig Oifig an Chláraitheora in Institiúid Oideachais Marino (tugann tú cead do TEG é sin a dhéanamh nuair a chuireann tú tic sa bhosca cuí ar d’fhoirm iarratais TEG). Má rinne tú na scrúduithe TEG Leibhéal B1 cheana ar aon dáta eile (mar shampla, ar 11 Bealtaine, 2017 nó 2018, nó i rith d’Idirbhliana, 2016/2017) agus má fuair tú 50% nó níos airde, beidh ort cóip dheimhnithe de do theastas TEG a chur isteach díreach chuig an Oifig Iontrálacha, Institiúid Oideachais Marino. Chun doiciméad a dheimhniú, caithfidh tú an bundoiciméad agus cóip de a thabhairt chuig údarás inniúil (mar shampla, dlíodóir, Coimisinéir Mionnaí, dochtúir leighis, giúistís síochána, riarthóir ollscoile, oifigeach áitiúil um fhorfheidhmiú an dlí – Garda Síochána agus araile.). Caithfidh an t-údarás sin ansin an fhótachóip a stampáil agus a shíniú chun deimhniú gur fíorchóip den doiciméad bunaidh an fhótachóip. Beidh ort an fhótachóip dheimhnithe a chur chuig An Oifig Iontrálacha chomh luath agus is féidir ach faoi 1.00 i.n. ar an Aoine, 28 Meitheamh ar a dhéanaí. Iarrtar ort a bheith cinnte go luann tú d’uimhir CAO agus do theastas TEG á chur isteach agat. Is féidir leat an chóip chrua a chur sa phost chuig An Oifig Iontrálacha, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 nó cóip PDF a sheoladh i ríomhphost chuig [email protected]. Cuirtear in iúl duit gur féidir linn teagmháil a dhéanamh le TEG chun do chuid torthaí a dheimhniú.