Module Code: | ES8033 | ECTS Credits: | 5 |
Aidhmeanna
Is í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus céad teanga oifigiúil an Stáit. Mar gheall air sin, aon áit ina mbíonn daoine ag déanamh cumarsáide lena chéile, ina saol gairmiúil, go háirithe san earnáil phoiblí (an státseirbhís, comhlachtaí stáit, iarsmalanna, ionaid oidhreachta, cúirteanna, leabharlanna, scoileanna agus institiúidí oideachais, agus araile), agus freisin san earnáil phríobháideach (comhlachtaí, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí cultúrtha; mar shampla, Cumann Lúthchleas Gael, Comhaltas Ceoltóirí Éireann; agus oifigí fáilte i gcoitinne), tá sé riachtanach gur féidir le duine feidhmiú agus cumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Chuige sin, is gá go córasach cúram a dhéanamh de na scileanna teanga i.e. den chumas éisteachta, den chumas labhartha, den chumas léitheoireachta agus den chumas scríbhneoireachta. Is gá deiseanna a thabhairt don mhac léinn an teanga a úsáid mar fhoghlaimeoir ar an gcúrsa agus i rith an chleachtaidh oibre.
Sa bhunmhúinteoireacht, tá ardchaighdeán sa Ghaeilge riachtanach agus nuair a thugtar deis don mhac léinn an t-ardchaighdeán seo a bhaint amach i mbunchéim, bíonn sé sin ina bhuntáiste aige/aici agus é/í ag tabhairt faoin nGaeilge san Ard-Dioplóma sa Bhunoideachas i gcoláistí oideachais in Éirinn. Leis an mbunchéim seo agus an Modúl Gaeilge seo inti gach bliain, bíonn díolúine ón nGaeilge (ach amháin ó Mhúineadh na Gaeilge/ón nGné Phraiticiúil de Mhúineadh na Gaeilge) ag mac léinn a thugann faoin S.C.G. (An Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge) nó faoi O.C.G. (Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge) tar éis dó/di cáilíocht sa bhunmhúinteoireacht a bhaint amach thar lear.
Torthaí Foghlama
- Éisteacht leis an nGaeilge i réimse de shuímh, idir phearsanta agus ghairmiúil (go háirithe, fógraí, comhráite agus míreanna nuachta) agus tuiscint ag ardleibhéal a léiriú
- Tuiscint an-mhaith ar an bhfocal labhartha, líofacht shaoráideach cainte, an-chruinneas cainte, stór leathan focal, foghraíocht an-mhaith agus féinmhuinín i mbun labhartha a léiriú
- Téacsanna feidhmiúla, ag ardleibhéal, a léamh agus a thuiscint (go háirithe, treoracha, biachláir, fógraí, ailt as nuacht-litreacha, irisleabhair agus nuachtáin, ríomhphoist, litreacha, sleachta próis agus sleachta ó bheathaisnéisí), eolas a dhíorthú astu agus anailís a dhéanamh
- Scríobh go feidhmiúil agus go cruinn, ag ardleibhéal, (go háirithe, treoracha, biachláir, fógraí, ailt do nuacht-litreacha agus nuachtáin, ríomhphoist, litreacha, míreanna próis agus comhráite)
- Aistriú ó Bhéarla go Gaeilge ag meánleibhéal (go háirithe, treoracha, biachláir, fógraí, ailt do nuacht-litreacha agus nuachtáin, ríomhphoist, litreacha, míreanna próis agus comhráite)
- Leas fóinteach a bhaint as foinsí (foclóirí agus leabhair ghramadaí) agus suímh idirlín a chabhraíonn leis an mac léinn, foghlaim, féincheartú agus profáil a dhéanamh.
Modh Measúnaithe
20% Triail Chluastuisceana (50 nóiméad)
40% Triail Scríofa (3 uair an chloig)
40% Scrúdú Cainte (20 nóiméad):